Broic agus Burgair

Más é do rogha phearsanta blogh de bhroc nó stiall de shionnach beidh siad ansin romhat

Chonaic mé iad. Bhí mé iontu. Cuid de mhargaí na Síne. Mar adúirt duine éigin faoi cuisine na Síne, ‘má ghluaiseann sé ar chor ar bith, ithfear é.’ Ní raibh tuairim agam cad iad na créatúir a bhí leagtha os mo chomhair amach ceal clúimh, ceal crúba, ceal sciatháin. Ní fhágann sin nach bhfuair mé blas orthu pé iad féin. Is dócha nach mór idir capall agus asal faoin gcraiceann nuair a bhíonn sa charball agat.

Táthar ag déanamh talamh slán de gur thuismigh an Covid 19 sna haontaí fliucha in Wuhan na Síne. Is ionann aonach fliuch agus margadh ina maraítear na hainmhithe ar an láthair. Déantar iad a lomadh agus a sciúradh chomh maith agus tá an uile ní ina mhanglam trí chéile amháin. Pé acu a bhfuil goile iarainn nó goile íogair agat, bíonn an uile ní le fáil. Más é do rogha phearsanta blogh de bhroc nó stiall de shionnach beidh siad ansin romhat. Ba mhinic mé cráite sa bhialann faoin gcineál stéig mhadra ab fhearr liom, ach níor thuigeas an raibh aon difear mór idir cos an chorgi agus prumpa an phúdail. Ar deireadh ceapaim gur thógas an ghráinneog au gratin, fad is a bhí na guairí go léir bainte as. Gan amhras, d’fhéadfaí iad a fhagáil ar leataoibh an phláta mar a dhéanfaí le cnámha an éisc.

Mar a chéile leis an bpéacóg - an ceann fireann, táim ag rá. Cad ab áil leis an eireaball álainn sin go léir nuair nach raibh ann ar deireadh agus gach rud scumhaite de ach cearc fhrancach? Agus ós ag trácht ar fhrancaigh atáimid, ar saoire é an gnáthfhrancach i nDoire faoi léigear sa bhliain 1689 ná an francach bambú a bhféadfá é a cheannach ar ghlac renminbi cúpla bliain ó shin?

Tá seo dona go leor, nó iontach go leor ag brath ar bhlas do bhéil, ach go díreach ag an aon am ina bhfuil na haontaí fliucha á ndamnú sa tSín tá Údarás Sláinte Bhia na hEorpa (EFSA) tar éis cead a thabhairt do bhialanna na críche gach saghas feithide agus míola a chur ar an gclár acu. Tabharfaidh seo deis duit burgairí beach a ithe mar mhalairt ar dhabaí dobharchú sa tSín. An túisce is a déanadh an cinneadh chuaigh luach na bhfeirmeacha feithidí in airde ar an stocmhargadh, bíodh gurb ait leat go bhfuil aon ghá le feirmeacha feithidí agus an oiread sin díobh mar fheithidí ag gabháil steallaidh orainn ar ár siúlta dúinn.

READ MORE

Tabharfaidh seo tochas cinn dá lán. Dá mbeadh ort rogha a dhéanamh (ceist don ardteistiméireacht ar an modh coinníollach) idir granola criogair agus spúinse phroinne péiste, cé acu ab fhearr leat? Dá ndéarfá gurbh fhearr leat sciathán na ndreoilíní teaspaigh toisc gurbh iad a bhí saibhir sa chailciam, go raibh airde an iarainn iontu, agus go raibh siad slán ó fhrithbheathaigh, is ródhócha go mbronnfaí teip ort.

Mar sin féin, má tá sé i gceist againn an saol a shlogadh, tá chomh maith é a shlogadh go hiomlán. Tá teir ar an taobh seo den domhan cur as d’ainmhithe deasa beaga blátha clúmhacha ar féidir linn iad a chuimilt. Cén duine daonna ar mhaith leis Bran nó Spota nó Sceolaing nó Mog nó Cití nó Pitch nó Puisín a bheith ar an gclár bia seachas muiceoil díbhlasta gan ainm?

Mar sin féin dob fhéidir blas a bheith orthu seachas an trosc sin nach trosc sa chipee béal dorais é, nó an cat mara sa bhialann áitiúil Shíneach é ach oiread. Bhítí ag magadh faoi na bialanna Síneacha nuair a thuirling siad orainn i dtosach. Bím ag grinneadh anois nach eireaball dragain atá san uimhir 22 sin a d’ordaigh mé.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar