As dáta

Smaoineamh as faisean? Ní bhíonn smaoineamh faoi réir ag faisean ná ag fine


Agus anois go bhfuil an bhlaisféim agus an diamhasla díbeartha den Bhunreacht, braithim go bhfuil cead agam aon duine is maith liom a aithisiú. Liosta le háireamh iad, nó, liosta gan áireamh féin. Tosnóidh mé le…ach tig an dlí isteach anseo, an dlí eile sin a choisceann duinemhasla.

Mar sin féin, deir m’aingeal coimhdeachta liom nár chuir an toradh aon mhairg ar Dhia, mar b’fhearr leis go nglacfadh daoine freagracht as a gcuid lofachta féin seachas an milleán a chur air siúd i gcónaí.

Níorbh é sin a phrioc m’aire ach ceann de bhunargóintí an dreama a bhí ar son na díbeartha, is é sin, nó eadhón féin, go raibh an fhoráil ‘as dáta’. Anois, maidir liom féin de, agus maidir le gach fochéimí a dhein bunloighic chéad bhliana in ollscoil scairte éigin, is mó sin lúb i slabhra na hargóna nach féidir glacadh léi, ach ní ceann díobh go bhfuil áiteamh éigin ‘as dáta.’

Is féidir le banana a bheith as dáta ar sheilf an ollmhargaidh, is féidir le téipthaifeadán a bheith as dáta toisc gaireas níos fearr a bheith ar fáil, is féidir le faisean a bheith as dáta toisc gur shocraigh billiúnaí éigin é sin, ach smaoineamh? Cheapas riamh gur rud é smaoineamh nach raibh faoi réir ag faisean ná ag fine.

READ MORE

Cheap cuid againn, mar shampla, go raibh sclábhaíocht as dáta, ach b’fhéidir go bhfuil níos mó sclábhaithe anois againn ar fud an domhain ná mar a bhí nuair a bhí Learpholl agus Glaschú á dtógáil ar allas thrádáil dhaoine. Is ea, ní thugtar sin orthu, mar tá an teideal ‘sclábhaí’ as faisean, ach bronntar lipéid eile anois ar a bhfuil ar siúl sna monarchana tráilleachta ar fud na hÁise.

Áiritear suas le 40 milliún éigin duine ar féidir sclábhaithe a thabhairt orthu ag soláthar earraí saora duitse ar fud an domhain, cuid acu ar lic ár ndorais féin. Ní chosnódh sclábhaí deas ach tuairim is €100 le ceannach saor gan bhac, ach ná habair é sin lenár gcuid comhlachtaí baile.

An chéad uair eile is a sháfaidh tú do chuid stairrfhiacla isteach sa bharra seacláide sin go súmhar, smaoinigh gur dócha gur bhuachaill óg faoi thiarna ina thráill a bhain anuas na pónairí cócó gan phá. Is ea, sclábhaíocht as dáta, am baist!

Bhí cuid eile againn a shíl go raibh pianpháis as dáta tar éis 300 éigin bliain den unlaightinmint agus de bhua an réasúin. Ach féach, tar éis aon ionsaí amháin de chuid shaoránaigh ón Araib Shádaisteach ar Nua-Eabhrac, go prap bhí an bhordáil uisce agus an scriú ordóige agus an tarbh scréachach agus cuileoga na scornaí agus an sá suas síos agus an prumpa pianmhar agus an mhaighdean iarrainn agus an raca rósta agus an pionsúr teangan agus an toireasc tríd agus an t-asal spáinneach agus an drac ola agus an strappado sínteach agus an roth caitríona agus an tairne tomhaltach agus cat na naoi n-eireaball agus cónra an phréacháin agus an phig saidhears agus cuisneoir na cille agus an yogi bhéarra agus an francach bolgach (seachas an bholgach fhrancach) agus na bróga stroighne agus an teileafón tucar – agus níor dheineas ach péire ar an liosta thuas a chumadh! Is ea, leis, tá an phianpháis as dáta, am baice!

Is maith agus is ceart agus is cóir agus is cuí, mar sin, nach mbeidh saoránach ar bith i bpriacail blianta daorphríosúin ná i mbaol fíneála €25,000 de dheasca droch-chainte. Bhínnse buan ar buairt gach ló go dtiocfadh siad dom.

Ach faire! Is mó smaoineamh a chuaigh as dáta a d’fhill ar ais i gcló a linne.