Aos óg na Gaeltachta: éist lena nglór!

Tá leabhar foilsithe le daltaí sa Ghaeltacht faoin deireadh obann a cuireadh lena dtréimhse sa bhunscoil

Foclóir: Aibéil - sudden, suairceas - gaiety, damain - loss, ciotach - difficult, deis - opportunity, tháinig siad ina dtáinte - they came in their droves, fathach - giant, bairneach - limpet

Is fada a chuimhneofar ar Mhí an Mhárta 2020. Is ansin a thug an víreas corónach ruathar faoin dtír: dúnadh oifigí, monarchana agus scoileanna go tobann agus seoladh na hoibrithe agus na daltaí abhaile. Tháinig athrú ó bhonn ar an saol go haibéil.

Tá an galar fós inár measc dar ndóigh ach tá tuiscint níos fearr againn anois air. Tuigtear gur féidir smacht éigin a chur air trí shrianta sóisialta a chur i bhfeidhm agus trína bheith airdeallach faoi.

Ach b’iad na srianta céanna sin a mhaolaigh spleodar agus suairceas an óige i seomraí ranga agus i gclóis scoile fud fad na tíre. Bhraith daltaí Rang a 6 an damain ar bhealach ar leith. Nuair nach raibh siad in ann laethanta deiridh saol na bunscoile a chaitheamh sa scoil i dteannta a chéile ba bhuile trom orthu é.

READ MORE

Is iomaí scoil a cheiliúrann ‘Slán le Rang a 6’ ag deireadh na scoilbhliana le meas a léiriú ar dhaltaí na bliana sin agus ba mhór an chailliúint dóibh é sin freisin.

Ach, is deas an bláth é bláth na hóige.

Tháinig an t-eagras Tuismitheoirí na Gaeltachta ar sheift chun deis a thabhairt do dhaltaí Rang a 6 dul i ngleic le tréimhse chiotach seo an ráig-ghalair .

Iarradh ar dhaltaí Rang a 6 i scoileanna Gaeltachta tabhairt faoin gcumadóireacht agus aiste nó dán a scríobh chun deis a thabhairt dóibh machnamh a dhéanamh ar an dtréimhse sin.

Foilsíodh toradh na hoibre sin le gairid i leabhar dar teideal ‘Slán leis an mBunscoil’.

Agus í ag caint le Tuarascáil dúirt Ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta, Sorcha Ní Chéilleachair gur saghas “teacht in inmhe” ann féin é deireadh Rang a 6 i saol na bpáistí.

“Chuamar i dteagmháil leis na scoileanna Gaeltachta ar fad agus bhíodar féin i dteagmháil leis na paistí ar a gcuid slite féin agus rinneadar mar thogra scoile é. Bhailíodar na píosaí agus chuireadar ar aghaidh chugainne iad.”

Agus tháinig siad ina dtáinte.

“Bhí an freagra a fuaireamar go hiontach. Shíleamar le leabhar a chur le chéile go mbeadh b’fhéidir 100 píosa scríbhneoireachta againn ach tháinig thart ar 300 píosa isteach.”

“Murach na scoileanna ní bheimis in ann é a dhéanamh. Fuaireamar an-tacaíocht uathu,” a deir sí.

Bhí scoileanna i nDún nan Gall, i Maigh Eó, i gConamara, i gCiarraí thiar, i gCiarraí theas, i Múscraí, na Déise agus Rath Chairn chomh maith leis na hoileáin rannpháirteach ann.”

Is dócha gurb é an rud ba thabhachtaí faoi ná gur bhain na páistí barr tairbhe as.

“Thug sé deis dóibh iad féin a chur in iúil agus a gcuid smaointe a chur in iúl. Is dócha gur thug sé deis dóibh machnamh a dhéanamh ar an dian ghlasáil seo agus mar a chuaigh sé i bhfeidhm orthu féin.”

Nuair a labhraíonn daoine faoin dian ghlasáil, is minic gruaim a bheith orthu.

“Ach nuair a léann tú na píosaí seo tá dóchas iontu. Tá siad thar a bheith dearfach,” a dúirt Ní Chéilleachair.

“Is ardú croí é a bheith dhá léamh. Dhá léamh seo dom bhí mé ag rá liom féin nach bhfuil sé go hiontach, soineantacht an óige agus é a fhescint ag léimt amach ón leathanach.”

“Is saghas pictiúr é den tír mar a bhí sé ag an am. Ní h-é sin a bhí i gceist againn nuair a bhí muid dhá dhéanamh,

“Seo glúin nach gcloistear a nglór go minic. Tá sé speisialta ar ana-chuid slite.”

Seo roinnt samplaí ón leabhar:

"Tháinig sé aniar aduaidh orainn. An lá scoile iompaithe síos suas orainn. Ag scaipeadh ar fud an domhain agus anois inár scoil. Fanfaidh sé seo liom go deo. Ní Covid-19 atáim ag caint air, ach an lá go dtáinig fórsa Star Wars chuig ár scoil. Nuair a chonac an fathach, 7 dtroithe ar airde ag gabháil isteach an seomra ranga chugainn, Chewbacca agus é ag féachaint ar chuid do m'ealaín. Bhíos ar mhuin na muice!!" - Ruadhán Ó Dálaigh Scoil an Fheirtéaraigh.

"Airím sábháilte. Bíonn mé ag smaoineamh go minic ar na gasúir nach bhfuil an suaimhneas intinne seo acu. Airím go bhfuil cosaint agam ón víreas corónach. Níl a fhios agam an mbeadh gasúir atá sa gcóras soláthar díreach in ann an rud céanna a rá. Cuireann sé sin brón agus olc orm." - Neans Nic Dhonncha, Scoil Mhic Dara, An Cheathrú Rua.

“Tá an víreas corónach ‘mithe timpeall an domhain,

Ag cur buairt agus eagla ar gach uile chlann.

Ag fágaint siopaí gan bhia, is ospidéil lán,

Ag dúnadh síos comhlachtaí agus daoine ag gearán.

Ag cur tinnis ar dhaoine, nó iad ag fáilt bháis,

Ach ní hé sin an scéal do gach uile chás.

Leanann sé ag scaipeadh ó dhuine go duine,

Mar sin tá orainn fuireach in aice na tine.”

- Jasmine Ní Dhrócháin, Scoil Náisiúnta na Rinne.

"Rinne muid go leor siúil agus an ceann ba mhó a thaitin liom ná an lá a ndeachaigh muid amach chuig Oileán an Anama nuair a bhí sé ag trá. Shiúil muid sa bhfeamainn agus bhí sé an-sciorrach! Is oileán é atá thart ar thrí chiliméadar ó mo theach. Bhain mé féin agus Deaide béile bairnigh agus réitigh mamó iad". - Pádraig Seoighe, Scoil Náisiúnta Leitir Mealláin,

"Bíonn mé ag obair in éineacht le mo dhaidí ar a bhád freisin. Thug mé cúnamh dó an bád a phéinteáil agus a ghlanadh. Tá an t-ádh orm go bhfuil mé i mo chónaí in áit álainn agus téann muid amach ag siúl mórán chuile lá. Tá bóithríní beaga deasa go leor in aice an tí agus tá go leor acu siúlta againn cheana féin." - Eoin Ó Dioráin Scoil Rónáin, Cill Rónáin, Inis Mór.

"Bíonn sé doiligh an obair a dhéanamh nuair atá a fhios agam go bhfuil mé ábalta rudaí eile a dhéanamh. Cronaím mo chairde, mo theaghlach sínte agus an scoil. Tá lear mór rudaí a bhfuil muid ag cailleadh amach orthu, rudaí a bhíonn ann ag deireadh rang a sé nach bhfuil muid ábalta a dhéanamh de bharr an víris seo ach is fiú go mór é chun muid uilig a choinneáil sábháilte." - Róisín Gilbouy, Scoil Oilibhéir Pluincéid Naofa, Rann na Feirsde.

"Tá brón orm agus mé ag fágáil scoil Bhaile Ghib, na múinteoirí agus na páistí deasa go léir. Tá mé cinnte go dtiocfaidh mé ar ais chun iad a fheiceáil. D'ullmhaigh Scoil Ultain Naofa mé go maith don mheánscoil, ní hé amháin ó thaobh oideachais de, ach gach rud eile freisin. Cabhraigh lucht na scoile liom mo chuid scileanna sóisialta a fheabhsú agus conas cairde nua a dhéanamh. Mar sin, nuair a rachaidh mé go Ráth Chairn, beidh mé in ann cairde nua a dhéanamh. Mar sin, go raibh maith agaibh ar fad i Scoil Ultain Naofa. - Finn Ó Dálaigh Scoil Ultain Naofa, Baile Ghib,

Tuilleadh eolais faoin leabhar: eolas@tuismitheoiri.ie

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.