An poll i lár na hÉireann

Is mó ár n-aird ar ghluaiseachtaí faiseanta ná intinn neamhspleách


Sna 1550idí Caitlicigh de shaghas éigin ba ea formhór de mhuintir na hAlban. Deich mbliana ina dhiaidh sin ba Chailvinigh iad. Nárbh iontach mar athrú é? Smaoinítear air. Chuaigh an pobal ar fad ina nduine is ina nduine isteach ina mbotha dorcha machnaimh agus ghabh ag iomrascáil le ceisteanna tromaí an reiligiúin, agus ló, tar éis an staidéir chriticiúil sin tháinig siad go léir amach astu ar aon aigne aigne, gach duine ar leithrigh gan spleáchas do dhuine ar bith eile.

Léigh siad go léir an Bíobla, agus chiallaigh siad ar fad an rud céanna as ina n-intinn neamhspleách gan beann ar thimpeallacht ná ar bhrú an phobail. Is míorúilteach í aigne neamhspleách an duine a shocraíonn a meabhair féin de réir an réasúin agus na tuisceana gan aon rud eile a bhac. Ní mar sin do chaoire ná do sheangáin a mhachnaíonn mar a chéile.

Thuirling an Spioraid Naofa orthu ar a gceann is ar a gceann i bhfoirm colúir, nó préacháin, nó cearc fraoigh de shaghas éigin; ach níorbh ionann a teachtaireacht agus an ceann a bhí aige roimhe sin.

In ainneoin an mhachnaimh neamhspleáigh agus na fealsúnachta criticiúla, féach, nárbh iontach mar ar ghéill gach aon duine don leagan amach nua d’aon fhocal?

READ MORE

Cuirtear an spól ar aghaidh go dtí Éire na linne seo. Bhueil, ní go fóill.

I 1930í na haoise seo caite bhí maithe agus miondaoine na hÉireann ag líorac na háite roimh an gcomhdháil éiciúméineach. Gnáthéadaí ar Fhianna Fáil seachas cultacha móihéir. 40 bliain ó shin, daoine ag cur a mbundún amach chun an Phápa Phólainnigh a fheiscint i bPáirc an Fhionnuisce agus in áiteanna eile. Ba lá dá saol é, lá nach dtiocfadh arís.

Ach is gairid uainn anois turas an Phápa Fraincí, agus tá an intinn neamhspleách i mbun oibre arís le chéile d’aonghuth. Ealaíontóirí agus daoine mór-le-rá ag maíomh nach bhfuil siad sásta casadh leis nó drannadh lena bhfuil ar siúl.

Is dócha gurb é atá ann nach maith leo a sheasamh agus a leagan amach ar son na ndaoine atá á mbá i Loch an Bháis ar an meánmhuir, toisc gur chompordaí a meon féin ag tacú le gadaithe an domhain, na baincéirí agus na comhluchtaí móra sclábhaíochta? Is ea, is iad atá misniúil agus cróga agus dána anois, ach nach léir dóibh an dineasár mór toisc gur ladhraicín coise de iad féin.

Ní Pápanach rómhaith mé féin, caithfead a admháil, ach is ionadh liom na daoine ar Faiseanaistigh anois iad a bheadh ag sléachtadh go talamh cúpla scór bliain ó shin dá leagfadh cairdinéal purpar-róbach a chos ar an bparóiste. Tá aithne agam ar dhaoine nárbh eol dóibh gur dhein an Eaglais Chaitliceach leatrom orthu leathchéad bliain ar ais go dtí gur dúradh leo é le déanaí!

Uaireanta is eagal liom nach bhfuil ionainn in Éirinn ach sifín sa ghaoith. Pé séideán atá chugainn, sin sinne ag gluaiseacht leis. Ní hé nach athruithe chun feabhais go léir dá ráinig chugainn le déanaí, ach is é is contúirtí go nglacfar hólas bólas le gach cleite a sheolfar inár líon feasta.

Níor thúisce na reifrinn cheana curtha dhínn againn ach tráchtairí ag moladh deireadh a chur le hAmhrán na bhFiann, leis an mbac ar theidil onóracha sa bhunreacht toisc sinn a bheith ‘fásta suas’ go leor. An poll atá ionainn is féidir a líonadh le pé snámhraic a thiocfaidh an treo. Ciseán bruscair sinn a líonfar le scudal an domhain, sinn inár gcac-ar-aithris an tsaoil.

An chéad phuth eile, agus beidh deireadh le neodracht, agus sinn ar ais sa Chommanwilt.