An mhaidin dar gcionn

Dhein siad dearmad ar an Eoraip

Tá an scrúdú iarbháis á dhéanamh ag Fango Fóill maidir leis an tubaist a ráinig dóibh i bhfoghthochán Chuan Bhaile Átha Cliath Theas an tseachtain cheana. Ceart go leor, b’fhéidir nach bhfuil siad marbh fós ach d’oirfeadh de Éagaoin Ó Rathaille éigin a gcluiche caointe a fhearadh. Smaoinítear go mbeadh airgead mór le déanamh sna pubaill i nGaillmh lena leithéid sin de thórramh.

Is é nach dtuigtear ná go raibh freagra an-simplí ar a dtubaist. Cuirtear i leataoibh ar feadh tamaill go bhfuil tréigean déanta ag an bpáirtí ar gach aidhm is cuspóir dá raibh riamh acu, go bhfuil masla tugtha acu do gach aon duine a shíl go saonta go raibh prionsabal de shaghas ar bith le fáil i mbolg rúnda an pháirtí go domhain laistigh, go raibh siad sásta a bheith ina úth spárrtha ag Fuine Gael, gur athraigh a gcuid prionsabal mar a leáfadh líoracán bhuachalla óig i mbrothall an tsamhraidh, gur shéid an ghaoth a n-ál nuair ba léir go raibh daoine amuigh ansin nár ghogaillí gaoithe iad, gur nua-pháirtí na nOráisteach ó dheas iad agus nach raibh iontu ach éascaitheoirí an airgid ba chuma cén poll as a shnámhfadh aníos an mhaoin a rachadh ina gcuid pócaí féin agus i bpócaí a lucht tacaíochta.

B’fhéidir go raibh corrshaontachán nár chaith guth ar a son ar na cúiseanna sin go léir, ná ar thuilleadh eile.

Ach b'í an chúis ba mhó, thar amhras anonn, ná go ndúirt MMáirtín ar thairseach na vótála go raibh sé ar son foireann Shasana i gcluiche ceannais sacar na hEorpa. Dúirt a chomhChorcaíoch Simon Coveney an rud céanna, ach maitear sin d'Fhine Gael mar tá an chuma orthu go seasann siad do rud éigin, dá uiscealaí féin é.

READ MORE

Maítear ar FGFF go bhfuil cluas an phobail acu. Conas ab fhéidir leo ó thalamh na cruinne agus a bhfuil de ghás i mbealach na bó finne a shamhlú go raibh aon chuid de phobal na hÉireann, seachas lucht dóiteáin Iúl 12 ó thuaidh, ar son Shasana?

Tá’s agamsa. Agus seans go bhfuil a fhios ag go leor daoine eile níos neamhghaoismhire ná mé féin. Bhí siad ag iarraidh a bheith bonn ar aon agus ar an stróc céanna agus san iomaire b’fhaiseanta san dul ar aghaidh don aimsir fháistineach, dar leo. Is é sin, nach bhfuil sé ceadaithe aon rud gránna a rá mar gheall ar rialtas Shasana, nach bhfuil sé ceadaithe cur ina gcoinne beag ná mór mar bheadh sin seicteach, ná lua a dhéanamh ar a iompar gnáith, ná tuairim bheag bhídeach a ardú go m’fhéidir go raibh an t-ádh leo mar fhoireann, ná go díreach nach raibh an pheil a d’imir siad thar mholadh an Daily Mail.

Freagra polaitiúil a bhí ag MM agus ag SC. Mar adúirt Noël Coward fadó ‘Let’s not be beastly to the …’ Sin é é é. Dá ainneoin sin bhí nócha naoi n’fheadar ní fios de nuimhreacha faoin gcéad de mhuintir na hÉireann ar son na hIodáile. Ach bhí na meáin ag tathant orainn tacaíocht a thabhairt do na Sasanaigh. Conas seo?

Glacaim leis gur thug sibh an feachtas faoi deara. Ailt éagsúla agus eagarfhocail agus colúin spóirt ag tabhairt le fios dúinn go gcaithfí taca a dhéanamh leis an rós nó bheimis barbartha agus biogóideach agus gránna agus ag maireachtaint san aimsir chaite agus go ndamnófaí sinn dá réir.

Is é oighear an scéil é, áfach, go raibh MM agus SC laistiar de roth sin na staire nach bhfuil aon éalú uaidh. Dhein siad dearmad ar an Eoraip, agus nach náireach an mhímhaise nach raibh siad in ann tacú lenár gcomhEorpaigh dhílse seachas leis na hoileánaigh mhóra lastoir le teann cúngaigeantachta?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar