An iománaíocht agus an iomaíocht

Téann na himreoirí i mbun imeartha gan tarraingt siar


Ní raibh torthaí ó Chluiche Ceannais na Mumhan ar fáil agus é seo á scríobh. Níorbh eol mar sin cén contae ina mbeadh an ceiliúradh oíche aréir. Agus an cathú i gCo. Chorcaí nó Co. an Chláir. Ach beidh lá eile acu araon.

Beidh cuntas ar an gcluiche ar ndóigh sna leathanaigh spóirt. Ach is minic ráite gur mó ná cluiche é. Agus is ar an ábhar sin atá sé ina ábhar anseo. Mar baineann ócáid an lae inné go dlúth le cúrsaí cultúir. Agus an treibh nó an pobal dar díobh é.

Murab ionann agus mórán den saol cultúrtha a bhíonn á phlé anseo go seachtainiúil, dhá threibh seachas treibh amháin atá ag teastáil chun taispeántas an lae inné a sholáthar. Dhá threibh ag baint dá chéile agus in iomaíocht le chéile.

Agus dá ghéire an iomaíocht, is ea is fearr an ócáid.

READ MORE

Is í an iomaíocht a chruthaíonn an dúshlán, agus a mhéadaíonn caighdeán na himeartha, gach éinne tiomanta ar an bhfód a sheasamh agus a chuid a dhéanamh ar son na foirne. Maireann an iománaíocht ar an iomaíocht.

Téann na himreoirí i mbun imeartha gan tarraingt siar. Amhail is go bhfuil a mbeatha féin ag brath air. Amhail is gur cath atá ann.

Ní haon ionadh go mbíonn go leor tagairtí agus teanga a bhaineann le cúrsaí troda ar lá mar seo – an feisteas, an mórshiúl, an gleo, an léagar, an laochas, agus an bua.

Na céadta sa gcath agus na deireanacha as. B’shin an mana a bhí ag Dáil gCais sa scéal, Cogadh Gaeil le Gaill, ina bhfuair Briain Ború an lámh in uachtar ar na Lochlannaigh ag Cath Chluain Tarbh. An mana céanna a bhí scríofa ar gheansaithe an Chláir inné.

(Tá a mhalairt feicthe againn gan amhras anois is arís ar pháirc na himeartha ag tús an dara leath – an dara foireann fágtha d’aon ghnó ag feitheamh amuigh sa ghort leo féin agus an chéad fhoireann fós istigh sa seomra feistis.

Straitéis nach raibh sa lámhleabhar i 1014 is cosúil, ach a úsáidtear ar mhaithe le fócas agus cíocras na dara foirne a mhaolú beagán.)

Agus ní raibh aon leisce ar an gContae Reibiliúnach dul i gcomhraic mhíleata nuair ba ghá. Ón seasamh a thógadar i rith Chogadh na Rósanna (idir Tithe Lancaster agus York) i 1491 a fuair siad an leasainm, na Reibiliúnaithe, a deirtear.

Tá go leor samplaí eile den éirí amach cois Laoi ó shin i leith, Cogadh na Saoirse i 1919, mar shampla.

Páirc an chatha

Ar aon dul le páirc an chatha, ócáid lán dathanna a bhíonn i gceist chomh maith. Gorm agus buí ar fhoireann an Chláir – nó cróchbhuí, ba chirte a rá.

Dearg agus bán ar fhoireann Chorcaí, dath na fola agus na mbindealán.

Bíonn ceangal domhain dílis idir an treibh agus an dath. Is deacair a shamhlú anois go mbíodh a mhalairt de dhathanna ar gheansaí Chorcaí tráth den saol, suas go dtí 1919 nuair a athraíodh é – agus ceangal idir é seo agus an eachtra ón mbliain chéanna atá luaite thuas.

Go deimhin, ní ró-éagsúil a bhí an geansaí sin ón gceann a bhí á chaitheamh ag na Cláirínigh inné. Geansaí gorm agus an litir C greanta air, ar dhath an chróch.

Is ea, an cróchbhuí céanna agus a chaitheann an Clár.

Is fearr an éagsúlacht dathanna a bheith ann, áfach. Dá éagsúla iad, is ea is éasca don chéad threibh iad féin a idirdhealú ón dara ceann. Agus is éasca dul i gcomhraic dá bharr. An treibh agus a mhalairt.

Meabhrú atá ann gurb é an malartú idir an dá threibh is bunús leis an gcluiche. Seachas sin, ní bheadh a leithéid de chluiche againn agus a bhí. Ná an cultúr a ghabhann leis.

Nach maith an rud é go gcastar na daoine ar a chéile? Murab ionann agus na cnoic.

Is fiú a chur san áireamh, áfach, gur ón uimhir trí a thagann 'treibh' chugainn. Tribus a tugadh sa Laidean ar gach ceann de na trí roinn a bhí sa stát Rómhánach anallód – Tites, Ramnes, agus Luceres. Leathnaigh an bhrí ina dhiaidh sin chun tagairt do ghrúpaí eile.

Tá cosúlacht anseo leis na trí choróin ar bhratach Chomhairle na Mumhan a bhí ar foluain i Staid Semple. Trí choróin órga ar chúlbhrat gorm mar léiriú ar thrí ríocht na Mumhan anallód atá ann – Tuamhan, Deasumhan agus Urmhumhan.

Treibh amháin ón gcéad nó ón dara ríocht atá tar éis ceannas na Mumhan a bhaint amach – sa chás nach comhscór a bhí ann. Ach seo chugainn an feachtas uile-Éireann agus go leor treibheanna eile.