An damhán alla agus Cinnín Óir

Dhá leabhar nua don tseomra ranga – agus don duine fásta


Bíodh is go dtagaim as Béal Feirste, ní fear mór macho é.

Cuireann rudaí móra eagla orm. Cuireann an téamh domhanda eagla orm. Cuireann rudaí beaga eagla orm fosta – an damhán alla, mar shampla.

Am ar bith a bhfeicim an damhán alla – ar an bhalla nó ar an urlár – ligim scread asam féin, léim in airde ar cathaoir agus lorgaím an nuachtán le haistear an damhán alla a thabhairt chun críche.

Ní shílfeá, mar sin, go mbeadh sé de mhisneach ionam leabhar scéalta faoi dhamhán alla a léamh. Ach léigh.

READ MORE

Anansi agus Scéalta an Domhain (An Gúm, €7.50) a bhí ann. Éamonn Ó Ruanaí, múinteoir Gaelscoile i Muineachán, a chóirigh na scéalta i nGaeilge agus Kieron Black a mhaisigh le léaráidí galánta dubha agus bána.

Is mór an moladh atá ag dul do Ó Ruanaí as a ghaisce agus scéalta faoin charachtar seo as béaloideas na hAfraice a chur roimh an léitheoir Éireannach – fiú léitheoir eaglach Éireannach, i mo chás de!

“Rógaire gan sárú é Anansi na n-ocht gcos. Is nós leis bob a bhualadh ar na déithe agus olc a chur ar a chomharsana” an cur síos a dhéantar air. Ní bréag í. Tá an leabhar lán cleasanna agus bobanna Anansi.

Tugann sé dúshlán dhia na spéire, Nyame, agus saorann Anansi scéalta an domhain óna sheilbh le go mbeadh na scéalta sin ag gach duine: “Níl taitneamh ar bith ag baint le scéal nach roinntear. Níl aon draíocht i scéal nach gcloistear. Is síol tirim liath an scéal go dtí go n-insítear é agus go scaipeann sé ó bhéal go béal ar fud na cruinne.”

Beidh gach aon duine ag teacht le focail chiallmhara sin Anansi agus is beag duine nach mbainfidh sult as na scéalta eile atá scríofa ag Ó Ruanaí – an dóigh a bhfuair Anansi cosa tanaí; mar a bhuail Anansi bob ar an leon agus ar chomrádaithe eile an tsabhána agus na foraoise.

(Má tá locht ar bith ar Anansi, is é go mbíonn sé santach ocrach, rud a thugann air rudaí dána a dhéanamh!)

Agus muid ag druidim le téarma nua scoile – sea, tá sé luaite agam – scéalta maithe don rang atá anseo, más múinteoir tú a léann scéalta os ard ar an tsean-nós.

Nó scéalta maithe don fhoghlaimeoir fásta agus, leoga, don duine fásta atá ag iarraidh foghlaim go fóill.

Tá gluais ag deireadh an leabhair atá ina cuidiú mór agus, mar shampla, focail nua ar bhia inti: calbás, toradh mór san Afraic; iasa, bia spíosrach; ionam, glasra atá cosúil le práta fada bán agus ocra, glasra fada glas.

(An bhfeiceann tú sin? Tá mé ag éirí chomh hocrach le hAnansi féin!)

Agus an bhfuil a fhios agat cad chuige a bhfuil ciall againn?

Anansi ba chúis leis. Bhailigh sé ciall na cruinne le chéile i gcalbás agus “bhain sé an clúdach den chalbás agus chroith sé é go dtí go raibh sé folamh. Gach giota gaoise a bhí bailithe go cúramach aige ó cheithre hairde an domhain, gach seoid chéille a fuair sé ó na daoine ba chliste ar domhan, scaoil sé amach as an gcalbás iad le béic áthais.

“Tháinig an ghaoth agus d’ardaigh sí léi gaois an tsaoil. Scaip sí í mar a dhéanfadh sí le duilleoga an fhómhair. D’iompair sí an ghaois thar tír agus thar farraige ... Is é sin an fáth a bhfuil beagán beag den chiall ag gach aon duine againn ach nach bhfuil gaois uile an domhain ag duine ar bith, Anansi san áireamh!”

Cinnín Óir, a stór

Tá a fhios againn uilig go léir gurb ann don Idirlíon. Tá a fhios againn uilig go léir go dtig leat leabhar a íoslódáil agus is maith an rogha í sin ag daoine. Ach, a chomrádaí an leathanaigh thraidisiúnta, moltar an leabhar i do ghlac, na dathanna in aice le do mhéara.

Níl fiacha orm achoimre a thabhairt ar scéal Cinnín Óir agus na Trí Bhéar (An Gúm, €9.50). Seo leagan ar dóigh le hÁine Ní Ghlinn, scríbhneoir agus file, agus Laura Jane Phelan a mhaisigh.

Faoi chlúdach crua atá an leabhar agus cá bhfios nach gcaithfeadh an leabhar mórán blianta ar an tseilf agus é ag spreagadh léitheora i ndiaidh léitheora?

Tá ealaín Laura J thar barr. I ndánlann na hóige atá tú le Cinnín Óir agus í ar a haistear dalba trí theach na dtrí bhéar.

Seo íomhánna iontacha a rachaidh caol díreach isteach i súile páiste, íomhánna a spreagfaidh an tsamhlaíocht.

Tá buanna ar leith fosta le focail ghonta Ní Ghlinn. Ní bheidh stró ar thuismitheoir ar bith ar bheagán Gaeilge an scéal a léamh os ard. Ní bheidh dua ar an mhúinteoir ardchumais spraoi a bhaint as: “Neam, neam, neam,” arsa Cinnín Óir./“Tá mo bholg lán. D’ith me go leor.”

Tá rud amháin eile cinnte – beidh gach páiste in ann cuntas a dhéanamh faoi dheireadh an leabhair seo: “Istigh sa chistin chonaic sí/trí bhabhla leitean – a haon, a dó, a trí”.

Mar sin de, beidh na huimhreacha ar eolas ag na páistí agus b’fhéidir go n-íosfadh siad leite shláintiúil de rogha ar cócó pops!