An Cathaoirleach Ó Loingsigh

Tá deis anois ann le hamharc siar ar oidhreacht pholaitiúil Sheáin Uí Loinsigh


Tá 100 bliain anois ann ó saolaíodh Seán Ó Loingsigh/Jack Lynch. Is dócha gur leor é sin d’fhonn iarracht ar é a mheas i bhfad na haimsire, cé go bhfuil staraithe againn anois atá breá sásta breithiúnas meáite a dhéanamh ar an maidin inné.

Tá amuigh air gurbh é an Taoiseach ba mhó a raibh gean an phobail air – duine deas lách ciúinbhriathrach séimh béasach – agus ní foláir nó tá bunús éigin leis sin.

Maítear, leis, nár theastaigh an post mór uaidh riamh, b’fhéidir nach raibh ansin ach cleas aige chun a naimhde a bhaint dá mbuille, áfach.

Is deacair teacht ar aon tuiscint níos domhaine ar an bhfear sna leabhair ar an tréimhse atá scríofa. Is é sin le rá, conas mar a bhí sé i gcomhluadar neamhpholaitiúil i lár na muintire, nó lena chuid cairde?

READ MORE

Tá scéalta ag snámh ar an aer faoi Haughey agus Garret, bíodh siad fíor nó bréagach nó breicneach tógann siad a miosúr ar shlí éigin. Ní bhraithim ach ciúnas agus folús timpeall ar Jack.

B’fhéidir go ráineodh go raibh sé mar a thuairisc. Shamhlaigh Seán Ó Ríordáin go raibh sé “leamh” go smior na gcnámh, gurbh é an leamhas ina chrutaon é.

Bhí aithne agam ar dhuine ó chontae eile seachas Corcaigh, is fíor, a d’imir ar aon fhoirinn na Mumhan leis i gcluichí Chorn an Bhóthair Iarainn idir cúigí. “There was always a bit of a want in him,” an bhreith a thug sé air.

Casadh orm féin é aon uair amháin. Mise im mhac léinn a cuireadh chun cainte leis. Dheineas iarracht ar ghreann a bhaint as, ach ba ghairid gur tuigeadh dom nárbh ionann an acmhainn ghrinn a bhí agamsa agus pé ceann a bhí aige siúd. Má bhí. B’fhéidir nár theastaigh uaidh éisteacht le smeartáilteacht smeartálaí óig a shíl go raibh sé glic, agus cé thógfadh air é?

Ina choinne sin thall, níor oir an stíl cheannaireachta a chleacht sé don am inar mhair. B’é Brian Farrell a dheighil Taoisigh ina dhá chineál: “chairman or chief”.

Níl aon amhras ná gur chathaoirleach ba ea an Loingseach. Ionann sin agus go raibh meas aige ar na hairí a raibh sé ag obair leo agus gur thug cead a gcinn dóibh a ngnó a chur i gcrích.

Seo é an cleachtadh is fearr ar fad sa ghnáthshaol, óir is beag duine atá chomh mór sin níos fearr ná aon duine eile ar an leibhéal sin gur féidir leis a bheith ina dheachtóir agus ag déanamh maistíneachta ar chách chun a thola féin.

Tá go maith, mura mbíonn cúpla faolchú ar an bhfoirinn agat, bíodh siad go hoscailte lena gcuid ingne ar fhis, nó go himsleamhain ag faobhrú na scine go laethúil.

Bhí siad sin ag an Loingseach go rábach ionas nárbh fholáir gur chuaigh dá dhícheall ar theastaigh uaidh a dhéanamh nuair a bhí idir dhroim agus chliabh á bhfaire aige feadh na huaine.

Tá ar a shon gur choinnigh sé naomhóg an Stáit ar snámh nuair a bhí na searcanna á timpeallú. Tá ina choinne nár dhein cosaint fhíochmhar uirthi nuair ba ghá.

Is beag rud is mó a chuirfeadh náire agus ceann faoi ort ná an glao teileafóin a chuir sé ar phríomhaire na Breataine, Ted Heath, oíche Dhomhnach na Fola. Bhí leithscéalach, uiscealach, drogallach. Dhein Heath spior spear de agus chuir ar ais go mear ina bhosca beag é gan eireaball.

Ní dóigh liom go mbeadh aon Taoiseach eile chomh lúitéiseach le ceannaire Sasanach tar éis sléachta ar shráideanna na tíre is a bhí seisean an oíche sin.

B’í sin an uair ba tháire aige.