An óige an ‘mámh’ is fearr

Tá athrú aeráide ar na bacáin leis na cianta

Foclóir: Tionól - assembly, téamh domhanda - global warming, aeráid - climate, coiste - committee, cianta - length of time, fianaise - evidence, filíocht - poetry, cnuasach - collection.

Bhailigh na sluaite le chéile i lár Bhaile Átha Cliath ar Aoine Chéasta chun agóid a dhéanamh i gcoinne an tubaiste aeráide atá ag bagairt orainn ar fad.

Nílimid ag ullmhú chun an tubaiste a sheachaint, dar leo. Ar na polaiteoirí agus an lucht gnó is mó a bhuaileann siad an milleán.

Mí roimhe sin, ar fud na cruinne, d’fhreastail mic léinn agus déagóirí ar léirsithe chun aird a tharraingt ar an bhfadhb agus chun an brú ar pholaiteoirí a mhéadú.

READ MORE

Seachtain i ndiaidh sin, mar fhreagra ar mholtaí a rinne an Tionól Saoránach maidir le polasaí an Stáit i dtaobh chaomhnú na timpeallachta mhol coiste Oireachtais - an Coiste um Ghníomhú ar son na hAeráide - reachtaíocht a mhearsheoladh. Faoin reachtaíocht seo réiteofaí beartais uaillmhianacha chun go mbeadh Éire ar thús cadhnaíochta san fheachtas idirnáisiúnta in éadan an téimh domhanda.

Fianaise

Dar ndóigh, ní scéal nua é an téamh domhanda. Tá athrú aeráide ar na bacáin leis na cianta agus níl an fhianaise ach ag dul i méid go bhfuil sé riachtanach athruithe móra a dhéanamh anois.

De réir na Náisiúin Aontaithe, tháinig ardú idir 0.8º agus 1.2 º Celsius ar an meán teocht dhomhanda ón dtréimhse réamhthionsclaíoch i leith. Meastar anois go n-ardóidh sé sin go 1.5º Celsius faoi 2052 má leanann cúrsaí ar aghaidh mar atá siad faoi láthair. Faraor, níl aon rian de mhaolú ar an méadú faoi láthair.

Ar chuid den taighde is déanaí a foilsíodh tá dhá thuarascáil a léirigh go beacht cé chomh tromchúiseach is a bheidh an t-athrú aeráide don dúlra agus do na tíortha is boichte.

Na Náisiúin Aontaithe

Rinne Painéal Idir-Rialtasach ar Athrú Aeráide na Náisiúin Aontaithe measúnú ar an toradh a bheadh ar an timpeallacht mura ndéantar maolú agus go n-ardaíonn an teas domhanda 0.5º ón 1.5 º atá tuartha faoi láthair go 2º Celsius.

Dealraíonn sé gur mó an seans a bheadh ann go leáfadh an t-oighear farraige Artach gach samhradh. Dealraítear freisin go gcuireadh an t-ardú seo deireadh le sceireacha coiréalacha ar fud an domhain. Tugann sceireacha coiréalacha cosaint do thart ar 500 milliún duine agus thiocfadh ardú mór ar líon na ndaoine a bheadh faoi bhagairt ag ardú farraige agus tuillte dhá uireasa. Chothódh an t-ardú teochta seo dearbhthriomaigh, scriosfaí barraí san Afraic, san Áis, agus i Meiriceá Theas. Bheadh laghdú mór ar an méid uisce a bheadh ar fáil agus scriosfaí líon mór feithidí.

Dá bhféadfaí srian a chur leis an ardú teasa seo, agus é a choinneal ag 1.5º Celsius, thiocfadh ísliú na gcéadta milliúin ar líon na ndaoine is mó atá i gcontúirt.

Chun go gcoinneofaí an t-ardú teasa seo ag 1.5, bheadh gá le h-astaíochtaí charbóin a ísliú 45 faoin gcéad faoi 2030, agus chaithfí deireadh a chur leo ar fad roimh 2050.

Míchothromaíocht eacnamaíochta

Ní ró-mhinic a mbíonn aird ar an méadú a thagann ar mhíchothromaíocht eacnamaíochta de bharr athrú aeráide. Ach de réir taighde a foilsíodh san Proceedings of the National Academy of Sciences an tseachtain seo caite, tá ceangal láidir idir an dá rud. Rinne na húdair, Marshall Burke agus Noah Diffenbaugh, dian scrúdú ar an dtionchar a bhí ag athrú aeráide ar thíortha ó 1960 i leith. Mheasadar an dul chun cinn eacnamaíochta a bheadh i ndán dóibh murach an t-ardú teasa. Idir na blianta 1961 agus 2000 mhaolaigh athruithe aeráide teacht isteach per capita sna tíortha is boichte suas le 30 faoin gcéad.

Bhí na tíortha mór-dhaonra, an India agus an Nigéir, ina measc siúd.

An mámh is fearr

Is é an t-aos óg an mámh is fearr atá againn. Ghríosaigh Greta Thunberg, cailín Sualannach atá 16 bliana d'aois gluaiseacht idirnáisiúnta nuair a d'eagraigh sí 'stailc aeráide' lasmuigh de thithe pharlaiminte na Sualainne. Cé gur ionsaigh roinnt tráchtairí í, chuir sí náire ar go leor nuair a dúirt sí go gcuimhneofaí ar an dtréimhse seo sa stair mar cheann de na tréimhsí ba mhó teipeanna de chuid an chine daonna.

Agus na toghcháin áitiúla agus AE romhainn sár i bhfad, is cinnte go mbeidh níos mó plé dhá dhéanamh ar chúrsaí aeráide timpeall ar bord an bhéile ná mar a bhí riamh roimhe seo.

Is cúis bhuartha é dóibh siúd nach bhfuil vóta acu - nár cheart an bhuairt chéanna a bheith ar an chuid eile againn?

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.