Aitheantas don síneadh fada ón bPríomh-Oifig Staidrimh

“Is fearr go deireanach ná go brách” a deir an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, faoin gcinneadh

Foclóir: Príomh-Oifig Staidrimh - Central Statistics Office, cinneadh - decision, anuraidh - last year, deimhnigh - confirm, uirlis - tool, leanúnachas - continuity, leasú - amend, comhad - file, bunachar - database, staitisteoir - statistician, Oifig an Ard-Chláraitheora - General Register Office.

Tá sé beartaithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh go n-aithneofar an síneadh fada sa bhfoilseachán bliantúil 'Ainmneacha Leanaí na hÉireann' don chéad uair riamh i mbliana.

Dheimhnigh an Oifig le Tuarascáil go ndearnadh cinneadh bainistíochta inar socraíodh go nglacfaí le hainmneacha a bhaineann úsáid as an síneadh fada - chomh maith le marcanna diaicritice eile ar nós umlaut na Gearmáinise agus grave na Fraincise.

I dtuarascáil na bliana seo atá le foilsiú ar an Déardaoin an 28ú Feabhra áireofar ainmneacha, a bhfuil síneadh fada iontu, don chéad uair ó 1964 - nuair a foilsíodh an liosta ar dtús.

READ MORE

Cáineadh an oifig náisiúnta staidrimh anuraidh nuair a tháinig sé chun eolais nach raibh aird ar bith á thabhairt ar an síneadh fada in uirlis nua ar líne - an 'Baby Names of Ireland app'. Is uirlis í sin a ligean do dhaoine breis eolais a fháil ar ainmneacha a chláraítear go hoifigiúil in Éirinn.

Nuair ad'fhiosraigh an Irish Times an scéal leis an bPríomh-Oifig Staidrimh ag an am sin cuireadh in iúl go raibh an 'Baby Names of Ireland app' bunaithe ar an mbunachar eolais céanna a mbaintear úsáid as don tuarascáil úd, 'Ainmneacha Leanaí na hÉireann'.

Dúradh nach raibh sé de nós acu aird a thabhairt ar an síneadh fada nó ar mharcanna diaicritice eile.

“Bhrisfeadh aon athrú leanúnachas na sraithe,” a dúirt urlabhraí ag an am.

Cáineadh géar

Tá tábhacht leis an síneadh fada agus ní gá sin a mhíniú dóibh siúd a bhfuil Gaeilge acu. Ach is leor a rá gur féidir leis brí focail a athrú nuair a fhágtar amach é. Sampla amháin is ea “ Seán” agus “sean”.

Nuair nach nós é ag áisínteachtaí stáit an síneadh fada a úsáid, séantar ar an saoránach cead a bheith aige a ainm ceart a úsáid i gcomhfhreagras leis an stát.

Ní h-aon ionadh mar sin é go mbaineann líon suntasach de na gearáin a dhéantar le hOifig an Choimisinéir Teanga le deacrachtaí a bhíonn ag daoine a mbíonn síneadh fada ina a n-ainmneacha.

Rinneadh cáineadh géar ar an oifig náisiúnta staidrimh anuraidh nuair a fágadh an síneadh fada ar lár ón ‘Baby Names of Ireland app’.

Is ina dhiaidh sin a shocraigh an oifig staidrimh an cheist a scrúdú in athuair.

Ceist “cearta teanga” atá anseo de réir an Choimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill:

“Is cuid lárnach de fhéiniúlacht duine a ainm nó a hainm, agus is féidir a rá gur cuid lárnach de ainm duine, an síneadh fada.”

Agus é ag cur fáilte roimh an athrú, dúirt sé: “Is fearr go deireanach ná go brách ach níor cheart go dtarlódh sé seo ar an gcéad dul síos.”

Cé nach bhfuil aon fhoráil maidir leis an síneadh fada in ainm agus seoladh duine, sa reachtaíocht teanga atá i bhfeidhm faoi láthair, tá foráil chun bonn reachtúil á chur faoi i mBille Leasuithe na dTeangacha Oifigiúla.

Dúirt Ó Domhnaill go léiríonn cás an Phríomh-Oifig Staidrimh arís eile an tabhacht atá le Acht na dTeangacha a leasú “chun dualgas díreach a leagan ar chomhlachtaí poiblí go gcaithfidh siad a bheith in ann déileáil le síntí fada”.

“Sin é an rud is lú go bhfuil lucht labhartha na Gaeilge ina theideal.”

Athbhreithniú

Nuair a chuaigh an Príomh-Oifig Staidrimh i mbun an athbhreithnithe ar an gceist, mhol staitisteoir na hoifige go n-aithneofaí an síneadh fada mar ghné uathúil den ainm.

Chuadar chun cainte le hOifig an Ard-Chláraitheora (an oifig a dhéanann clárú oifigiúil ar ainmneacha leanaí) chun iarracht a dhéanamh teacht ar réiteach.

Shocraíodar ansin ar an gcóras ríomhaireachta a sheiceáil ionas go bhfeicfí an raibh sé in oiriúint don síneadh fada. Nuair a seoladh comhad ina raibh síntí fada, umlaut agus grave ann idir an dá oifig ba léir nach raibh aon chúis theicniúil ann a chuireadh bac ar an síneadh fada a úsáid.

De réir nóta eolais ón oifig staidrimh, glacfar leis an síneadh fada anois mar shéala thábhachtach a idirdhealaíonn ainm amháin ó ainm eile.

“Go mí-ámharach,” a deir an oifig, “cruthófar briseadh i leanúnachas na sraithe” agus “ní bheidh sé indéanta leasú a dhéanamh ar na sean liostaí foilsithe”.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.