Ag taisteal ó chontae go contae ar thóir oideachas lán-Ghaeilge

Bhí súil ann go dtiocfaí ar réiteach le linn an tsamhraidh. Ach anois faoi Mheán Fómhair, tá an fhadhb fós gan réiteach.

FOCLÓIR:Tuairiscíodh - it was reported, mórán - many, scoil satailíte - satellite school, réiteach - solution, freastal - attend, múnla - model, inoibrithe - workable, fasach - precedent.

Tuairiscíodh anseo i mí an Mheithimh go raibh tuismitheoirí i gContae Lú i mbun iarrachtaí láthair scolaíochta nua a fháil i nDún Dealgan, áit a bhféadfaí oideachas lán-Ghaeilge a chur ar fáil dá bpáistí.

Ba é Coláiste Lú, aonad Gaeilge faoi riar na máthair scoile, Coláiste Chú Chulainn, an t-aon rogha a bhíodh ar fáil dóibh ach tharla aighneas faoi líon na n-ábhar a bhí ar fáil trí Ghaeilge san aonad.

Thug mórán tuismitheoirí le fios ag cruinnithe i mí Feabhra agus i mí an Mhárta gur mhaith leo a gcuid páistí a chur chuig scoil nua, áit a gcuirfí oideachas lán-Ghaeilge ar fáil dóibh.

READ MORE

’Scoil satailíte’

Tháinig an Foras Pátrúnachta agus na tuismitheoirí ar mholadh scoil nua satailíte a bhunú. Mar chuid den socrú seo nascfaí an scoil satailíte, a bheadh lonnaithe i nDún Dealgan, le máthair scoil in áit eile a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge.

Bhí súil ann go dtiocfaí ar réiteach le linn an tsamhraidh. Ach anois faoi Mheán Fómhair, tá an fhadhb fós gan réiteach.

Tá na scoileanna ar fud na tíre ar oscailt arís ach tá ar na mic léinn i nDún Dealgan ar mian leo gaeloideachas a fháil suas le 10 n-uair an chloig a chaitheamh in aghaidh na seachtaine ag taisteal chun freastal ar Choláiste Ghlór na Mara i mBaile Brigín, i gCo Bhaile Átha Cliath, breis agus 50 km ón mbaile.

Bhí cruinnithe ag an Foras Pátrúnachta leis an Roinn i rith an tsamhraidh leis an moladh a phlé. Tuigtear gur pléadh na costais a bhainfeadh leis an scoil nua, líon na múinteoirí a bheadh ag teastáil, árais scoile, acmhainní agus an cur chuige a bhaineadh leis an múnla nua.

“Le bheith cothrom dóibh, bhí siad ag iarraidh tuiscint a fháil ar an múnla, ar na dúshláin a bhaineadh leis agus ar na himpleachtaí a bheadh ann don Roinn má cheadaíonn siad é,” arsa Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí ar an Foras Pátrúnachta.

Dúirt urlabhraí ón Roinn go raibh “plé suntasach” leis an Foras Pátrúnachta faoin moladh.

Dúirt sé gur scrúdaíodh féidearthachtaí don bhliain scoile seo agus cé go bhfuil an Roinn Oideachas sásta moltaí ‘inoibrithe’ a iniúchadh ar bhonn thrialach, dúirt sé nach bhfuil aon fhasach ann ar féidir comparáid a dhéanamh leis.

Bheadh gá mar sin le machnamh cúramach a dhéanamh sula a ngabhfaí ar aghaidh leis an moladh - ach go háirithe mar go mbeadh ceisteanna praiticiúla le cur san áireamh freisin.

Dúirt an urlabhraí go leanfar leis an scagadh ar an moladh agus na costais a bhaineann leis.

Tá gach iarracht dhá dhéanamh an próiseas a thapú, ar sé.

San idirlinn, dúirt sé go raibh an Roinn tar éis na socruithe taistil as Dún Dealgan go Baile Bhrigín a leathnú don bhliain scoile romhainn.

Brú ama

Ach, tá brú ama ann. Tá brú freisin ar an Foras Pátrúnachta múnla éigin a bheith réidh acu in am don bhliain seo chugainn.

“Mura gceadaíonn siad go sciobtha é, beidh bliain eile imithe,” arsa Ó hEaghra.

“Tá páistí rang a sé ag breathnú ar mheánscoileanna don bhliain seo chugainn,” ar sé.

“Mura bhfuil an Foras in ann a bheith cinnte faoi céard é atá muid ag tairiscint dóibh, agus gan cinneadh ón Roinn, ní féidir aon chinnteacht a thabhairt dóibh.

Tá tábhacht ar leith, dar le Ó hEaghra, leis an mbeartas a d’fhógair an t-iar Aire Oideachais Joe McHugh anuraidh nuair a dúirt sé go raibh gá dul i ngleic leis an neamhchothroime atá ann ó thaobh soláthar an ghaeloideachais de.

“Braitheann na tuismitheoirí (i gCo Lú) go bhfuil faillí déanta orthu agus go bhfuil an rud ag sleamhnú uathu agus pé deis a bhí acu oideachas lán-Ghaeilge a chur ar fáil ag an dara leibhéal go bhfuil sé ag imeacht uathu chuile sheachtain,” arsa Ó hEaghra.

Tá an Foras le casadh leis an Roinn an tseachtain seo agus tuigtear go mbeidh cás Dhún Dealgan ar an gclár oibre.

Ach go dtí go dtagtar ar réiteach beidh ar mhic léinn Chontae Lú leanacht leis an taisteal.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.