Ag obair as leabhar a chéile

Ceardlann scríbhneoireachta


Deirtear go bhfuil mianach leabhair i ngach aon duine. Má tá an méid sin fíor faoi lucht na Gaeilge, beidh deis ag údair nua a saothar a chur faoi bhráid beirt de na scríbhneoirí is oilte i nGaeilge – Micheál Ó Conghaile agus Micheál Ó Ruairc.

Beidh an bheirt chéanna i mbun cheardlann scríbhneoireachta i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn, 27ú Deireadh Fómhair.

Is é “An gearrrscéal, an t-úrscéal agus an splancscéal” a bheas mar ábhar pléite le linn na ceardlainne.

Dírithe ar scríbhneoirí óga/nua nach bhfuil aon leabhar foilsithe fós acu a bheas an ócáid don chuid is mó. Tá na stiúrthóirí ar lorg scríbhneoirí a léiríonn cumas scríbhneoireachta sna seánraí thuas. Mar sin féin, cuirfear áit i leataobh fosta do dhornán scríbhneoirí aitheanta, rud a rachaidh chun leasa na scríbhneoirí óga agus na scríbhneoirí aitheanta agus iad ag obair as leabhar a chéile!

READ MORE

Iarrtar ar scríbhneoirí gearrscéal, sliocht as úrscéal (idir cúig agus ocht leathanach) nó cúpla splancscéal dá gcuid a sheoladh láithreach.

Roghnófar na píosaí is fóirsteanaí agus déanfar iad a phlé agus le linn an lae. Seolfar saothar gach scríbhneora chuig gach iarrthóir roimh ré ionas go mbeidh deis aischothaithe ann. Ochtar ar a mhéid a bheidh i láthair.

Is in ionad Poetry Ireland, Cearnóg Pharnell Thoir, Baile Átha Cliath, a bheas an cheardlann. Eolas: moccic@eircom.net