Aengus Ó Snodaigh: ‘Tá mé den tuairim gur féidir linn obair mhaith a dhéanamh’

Cathaoirleach nua-cheaptha an Comhchoiste Gaeilge agus Gaeltachta ar an obair atá amach roimhe

FOCLÓIR: géarchéim - crisis, díospóireacht - debate, reachtaíocht - legislation, gealltanas - promises, laistigh - within, toil - will, sprioc - target.

“Caithfidh gluaiseacht na Gaeilge, agus gach Gaeilgeoir ina measc, polaiteoirí chomh maith, teacht ar bhealach chun tosaíocht a thabhairt don teanga san díospóireacht pholaitiúil.”

Sin a bhí le rá ag an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, a ceapadh le gairid mar chathaoirleach ar an gComhchoiste Gaeilge agus Gaeltachta, agus é ag tagairt do stádas na Gaeilge sa mbuanchleachtadh polaitiúil. “Measaim nach dtuigeann nó nach n-aithníonn daoine cé chomh dona is atá an ghéarchéim ó thaobh na teanga de,” ar sé.

“Cén fáth nach mbíonn sí i mbéal an phobail nuair a bhíonn toghcháin ar siúl? Ní chloiseann tú caint uirthi ar na meáin. Deir siad: ‘Ah bhuel, sin ceist le cur le linn na díospóireachta ar TG4. Ní thugtar tús áite di. Ní chloisfear Pat Kenny nó pé duine atá ar RTÉ ag cur ceiste faoin nGaeilge le linn díospóireacht na gcinnirí.”

READ MORE

Cothromaíocht atá mar bhunús le Bille na dTeangacha Oifigiúla - reachtaíocht thábhachtach ar a bhfuil go leor ag brath. Tá an píosa reachtaíochta céanna sin ar cheann de na hábhair is mó tábhachta a dhíreofar air i gclár oibre an chomhchoiste nua.

Deir Ó Snodaigh, atá ina Theachta Dála de chuid Sinn Féin, go bhfuil sé rí-thábhachtach go nglacfaí le leasuithe ar an mBille ionas gur féidir an reachtaíocht a láidriú.

“Dúirt chuile pháirtí le linn an toghcháin go mbeadh siad ag tabhairt faoi. Tá sé fógartha le gairid ag an aire sinsearach agus an aire sóisearach go bhfuil sé i gceist acu leasuithe a dhéanamh agus go mbeidh an Bille achtaithe roimh an Nollaig.”

Ach, mar is eol go rí-mhaith do lucht na Gaeilge ní hionann gealltanas a thugtar le linn toghcháin agus gealltanas a chomhlíonadh agus an toghchán thart.

Tá Ó Snodaigh tar éis cruinniú a lorg leis na hairí chun dáta foilsithe na leasuithe a phlé agus deireann sé go mbeidh gá le dianscagadh a dhéanamh ar an méid atá sa Bhille.

“Bhí mise ag gabháil don chéad Acht na dTeangacha Oifigiúla i 2003 agus thóg sé sin a lán ama,” ar sé. “Bhí orainn dul tríd líne-ar-líne chun a bheith cinnte go raibh sé foirfe.”

Ní raibh sé sásta leis an méid a bhí ann, “ach bhí sé níos fearr ná faic,” a dúirt sé.

Ó thaobh an bhille nua de, glactar leis go mbeidh an reachtaíocht ró-lag gan spriocanna ar leith a bheith leagtha síos maidir leis an státseirbhís.

“Níl aon duine ag rá gur chóir go mbeadh 100 faoin gcéad den státseirbhís ag labhairt Gaeilge laistigh de cúig bliana, agus tuigeann daoine é sin.

“Tá siad ag rá go gcaithfidh an státseirbhís i gcoitinne port a athrú agus díriú isteach ar an gceist seo.”

Tá dualgas ar an gComhchoiste “ardán a thabhairt don gCoimisinéir Teanga agus na tuairiscí a fhoilsíonn sé.” Dúirt sé gur ardaigh Rónán Ó Domhnaill ceisteanna “cuíosach casta” sna foilseacháin is déanaí inar thug sé le fios go raibh “damáiste dá dhéanamh don teanga.” Beidh gá díriú isteach ar na ceisteanna seo, arsa an cathaoirleach nua-cheaptha.

Dar le Ó Snodaigh tá líon na gcainteoirí Gaeilge sa státseirbhís ar a bhfuil sé ar a gcumas seirbhísí a chur ar fáil don phobal “tubaisteach”.

“Rinne an coiste an-chuid oibre ar an cheist sin anuraidh agus le linn na mblianta roimhe sin. Bhí suirbhé déanta ar chuile roinn stáit, cé mhéad Gaeilgeoir a bhí acu, cé mhéad díobh a bhí líofa, cé mhéad díobh sin atá ag feidhmiú trí Ghaeilge. Bhí sé tubaisteach agus lom nocht.”

“Bhí siad ós comhair an choiste agus iad dá gceistiú faoi cad atá dá dhéanamh acu leis an céatadán (cainteoirí) sa státseirbhís a ardú.

“I gcásanna áirithe bhí sé scannalach – ní raibh an plean teanga socraithe acu in ainneoin go raibh sé sin ar cheann de na príomh ghnéithe a gealladh dúinn faoin Acht Teanga i 2003.

“Bhí na ranna ag teacht os ár gcomhair i 2018 agus i 2019 agus ní raibh siad ach díreach tar éis na bpleananna seo a aontú, ní raibh siad ag cloí leo agus is ar gcúl a bhí siad ag dul.”

Léiriú soiléir a bhí san obair a rinne an coiste faoi chathaoirleacht Catherine Connolly go mbíonn fadhb ann “mura mbíonn sprioc chruinn ann”.

Dar leis, ba cheart go mbeadh pionós ann mura gcloítear leis na spriocanna atá leagtha amach.

“Gan an bata sin, ní bhogfaidh an státchóras.”

“Caithfidh toil a bheith sna ranna agus eagrais stáit féin agus cothaíonn tú é sin nuair a thugann tú míniú dóibh agus nuair a thuigeann siad muna ndéanann siad é go mbeidh an roinn thíos leis.

“Má fheiceann siad chomh maith go mbeidh buntáiste ann, agus más gá go mbeadh buntáiste ann dóibh siúd a shroicheann na spriocanna atá leagtha amach dóibh bhuel sin mar is gá!”

Nuacht RTÉ agus Raidió na Gaeltachta

Maidir le cinneadh a fógraíodh an tseachtain seo caite nach mbeadh cinn línte na nuachta Gaeilge le craoladh san oíche ar RTÉ Raidió a hAon agus Raidió na Gaeltachta, dúirt sé go raibh sé “ait” agus gur “céim ar gcúl” a bhí ann.

“Tá sé seafóideach! Níl mórán costais i gceist leis in aon chor, níl mórán ama i gceist! Agus seo díreach tar éis tuairisc ón gCoimisinéir Teanga ar RTÉ agus a laghad Gaeilge atá ar RTÉ, agus anois tá siad ag fáil réidh le ceann de na cláir bheaga atá acu?

“Tá mé tar éis ceist a chur ar an Aire Chumarsáide (Eamon Ryan) agus fuair mé freagra ar ais uaidh. Dúirt sé nach bhfuil dualgas air maidir le RTÉ toisc gur eagras neamhspleách atá ann.

“Dúirt mise ‘tá dualgas ort mar tugann tusa airgead dóibh agus is féidir leis an Stát nuair is mian leis coinníollacha a cheangailt le hairgead stáit. Agus sin, i mo thuairim féin an bealach le brú a chur ar ranna nó ar eagrais stáit nach bhfuil ag cloí le coinníollacha Gaeilge agus measaim gur chóir don choiste díriú isteach air sin.

Dóchasach

“Tá a fhios agam go bhfuil troid romhainn agus is ‘romhainn’ atá i gceist agam. Ní mise amháin agus na polaiteoirí amháin atá i gceist ach gluaiseacht agus pobal na Gaeilge i gcoitinne agus bíonn an troid sin ann i gcónaí

“Fiú laistigh den tréimhse Covid seo tá mé den tuairim gur féidir linn obair mhaith a dhéanamh agus an Ghaeilge agus na Gaeltachtaí a chur chun cinn agus ardán náisiúnta a thabhairt do na heagrais a thiocfaidh os ár gcomhar ag leagann amach na spriocanna nó na tograí atá acu.”

“An rud is mó a impím ar na Teachtaí Dála atá ar an gcoiste go mbeadh siad ar fáil don choiste agus go bhfreastalóidh siad air. Ceann de na fadhbanna a bhíonn ag an gcoiste Gaeilge go minic ná nach mbíonn éinne i láthair nó go mbíonn siad mall ag teacht i láthair agus dá réir bíonn moill ar an gcoiste agus bíonn orainn an coiste a chur ar athlá.

Tá sé i gceist go dtionólfar an chéad chruinniú den chomhchoiste nuabhunaithe ar Déardaoin 8 Deireadh Fómhair. Beifear ag faire ar an bhfreastal!

Baill go dtí seo (tá seanadóirí fós le ceapadh): Aengus Ó Snodaigh (SF), Dara Calleary (FF), Catherine Connolly (Neamhspleách), Danny Healy Rae (Neamhspleách), Pa Daly (SF), Joe McHugh (FG), Marc Ó Cathasaigh (CG), Andrias Moynihan (FF), Fergus O'Dowd (FG).

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.