Abair amach é! Abair amach é!

An dúshlán is mó a bheidh roimh an Phápa ná an Chríostaíocht a chur chun cinn


Bhí sleachta ar an nuachtán seo agus in áiteanna eile ina raibh daoine éagsúla ag tabhairt le fios don Phápa cad ba cheart dó a rá agus a dhéanamh nuair a bheidh sé anseo inár measc. Ar éigean go bhfuil mo chomhairlese uaidh, ach sa chás neamhdhóchúil go bhfuil spiairí sa Vatacáin ar gean leo an colún seo, cuirfeadsa mo bhonn beag bán leo.

Tá fadhb aige, áfach. Ar nós pholaiteora ar bith caitheann sé seacht dtrá a fhreastal agus siúl ar imeall na faille fad is atá gaotha na gceithre arda ag séideadh ina threo.

Mo thuairim féin gur cheart dó go díreach seanmóin Chríost ar an gcnoc a aithris os ard, agus dá mbeadh sin mós gairid, é a dhéanamh arís seacht n-uaire.

Deacracht a bheadh aige, áfach, de ráitis uile Íosa, is iad is lú a bhfuil aon bhaint leis an saol acu.

READ MORE

Dá réir sin, b’fhearr liom go bhféachfadh sé san aghaidh ar an slua agus go ndéarfadh sé an leagan ceart:

“Ní aoibhinn dóibh siúd atá bocht ó spiorad, mar ní leo ríocht an tsaoil seo.

Ní aoibhinn do lucht an dobróin, óir beidh níos measa i ndán dóibh.

Ní aoibhinn dóibh siúd atá ceansa, mar bainfear gach a bhfuil acu díobh.

Ní aoibhinn dóibh siúd a bhfuil ocras agus tart chun na fíréantachta orthu, óir déanfar muga maga díobh.

Ní aoibhinn do lucht na trócaire a dhéanamh, mar rithfear dlíthe ina n-aghaidh.

Ní aoibhinn do lucht síochána a dhéanamh, mar tabharfar Duais Nobel na Síochána do lucht cogaidh.

Ní aoibhinn do lucht an chroí ghlain, mar ní bhfaighidh siad choíche post ard polaitiúil, ná stiúrthóireacht bhainc.

Ní aoibhinn dóibh siúd a ndéanfar spídiú orthu agus ciapadh, agus an uile shaghas tromaíochta éithigh mar gheall ormsa, mar beidh siad ina gceap aithise agus fonóide, go háirithe in Éirinn.”

Is dócha go mbainfeadh sin geit as daoine; agus mar a thuigeann cainteoir maith ar bith, ní foláir dul go feirc go fíochmhar. Ní foláir an rud atá le rá a bhéicíl amach go glan soiléir.

Tá an méid sin thuas follasach go maith, ach dá dtosnódh sé ar dhul níos sia agus a raibh á leanúint ar an ócáid chéanna a léirmhíniú, tá gach aon seans go gcuirfí i bpríosún é.

“…agus má bhuaileann duine tú ar an leiceann dheis, iompaigh an leiceann eile chuige. Agus más mian le duine an dlí a chur ort agus do theach a bhreith leis, tugtar d’eastát tithíochta ar fad dó. An té a iarrann dídean ort, tugtar dó é. An té a iarrann rud ort, go fiú áit chónaithe agus beagán bia, tugtar dó é chomh maith céanna. Agus an duine a thagann chugat ar an sáile atá ag fáil bháis le hocras agus ciaptha le pianpháis, ligtear isteach é, óir tá tithe agaibhse agus níos mó stuif ná mar a bhí riamh ag aon duine eile sa tsaol agus níos mó ná mar a bheadh ag teastáil ó dhuine ar bith dá mbeadh seacht mbeatha aige. Óir tá sé ráite go bhfuil sé níos fusa don duine saibhir camall a ithe don bhricfeasta ná don duine bocht míoltóg a bhlaiseadh lá Nollag…”

Ach ní móide go dtarlóidh sin ach an oiread. Óir, tá an Pápa bocht (meafarach) teanntaithe idir dhá bhró mhuilinn. Má theagascann mar atá thuas, caillfidh sé lucht adhartha an airgid atá i dtreis in Éirinn agus sa domhan ramhar róshaibhir; má mhúineann cearta óir agus airgid, caillfidh sé na milliúin Caitliceach ar fud an domhain ar daoine dealbha ar bheagán slí iad.

Dá ngabhfadh trí Bhaile Átha Cliath ar asal, b’fhearr fós é.