‘Today the wagtail finally forgot/that I once called it sigl-di-gwt’

Ceist nádúrtha faoi ainmneacha


Ba cheart go mbeadh gach aon fhocal Gaeilge ar eolas ag cainteoir Gaeilge, nár cheart? Cá mhéad uair a chuir duine gan Ghaeilge ceist ort: “cad é sin i nGaeilge?”

Amharcann tú ar an phlanda, ar an chrann, ar an ainmhí, ar an éan agus gan tuairim agat cad é atá ann. Ba cheart go mbeadh gach dán agus amhrán agus logainm agus gach píosa seanchais ar eolas agat mar chainteoir Gaeilge, nár cheart? Ba cheart go mbeadh fios gach feasa agat, nár cheart?

Ní bhíonn ag lucht an Bhéarla, mar sin féin. Ní bhíonn gach scéal, dán agus leabhar ar eolas acu féin.

An chéad uair eile a chuireann duine gan Ghaeilge ceist ort faoi shliocht as an Táin agus amhrán ar an tsean-nós a rá agus an Ghaeilge ar “antidisestablishmentarianism”, ná habair faic. In ionad an cheist a fhreagairt, iarr ar an chainteoir Bhéarla cur síos a dhéanamh ar scéalta Chaucer, ar amhráin uilg de chuid na mBeatles agus mír as The Waste Land a aithris duit.

READ MORE

Amharc go mbíonn na dúshláin chéanna roimh lucht na dteangacha eile Ceilteacha.

Seo mír as What’s in a Name? leis an fhile Bhreatnach, Gwyneth Lewis:

Today the wagtail finally forgot

that I once called it sigl-di-gwt.

It didn’t give a tinker’s toss,

kept right on rooting in river moss.

Cad é an Ghaeilge atá ar wagtail, a chomrádaí? An cuimhin leat?