Teampall an chogaidh ina sheasamh go fóill

Thosnaigh Cath na Náisiún ar 16ú Deireadh Fómhair 1813, 200 bliain ó shin inniu. Timpeall chathair Leipzig a tharla sé, agus má thugann tú cuairt ar an gcathair sin in oirthear na Gearmáine, mar a rinne mé le déanaí, is féidir leat an tram a thógaint ó lár na cathrach agus dul amach chun suíomh an chatha a bhreathnú.

Bhí Napoléon i gcruachás sa bhliain 1813, mar bhí a arm iomlán caillte aige i bhfeachtas tubaisteach na Rúise an bhliain roimhe sin. Bhí a shean-naimhde uile anois ag troid ina choinne: an Rúis, an Ostair, an Phrúis agus Sasana.

Tugadh Cath na Náisiún ar an gcath seo ó tharla go raibh an oiread sin náisiún agus stát páirteach ann. Gan ach na cinn is mó a lua, bhí Francaigh, Gearmánaigh, Polannaigh agus Iodálaigh ag troid ar son Napoléon agus Gearmánaigh, Ostaraigh, Rúisigh agus Sualannaigh ag troid ina choinne.

Chuaigh an cath ar aghaidh ar feadh trí lá agus ba léir ag an deireadh go raibh buaite ag na Comhghuaillithe ar Napoléon. Bhí ar na Francaigh cathair Leipzig a thréigean agus cúlú ar ais chun na Fraince. Chaill Napoléon 80,000 fear agus chaill na Comhghuaillithe 50,000, idir mairbh, gonta agus príosúnaigh.

READ MORE

Maraíodh timpeall 92,000 fear ar fad. Fuair a lán de na fir gonta bás tar éis an chatha, toisc nach raibh seirbhísí leighis ar fáil dóibh, agus bhris tífeas amach, a mharaigh na saighdiúirí gonta agus a lán de dhaonra Leipzig freisin.

Ba é seo an cath is mó i stair na hEorpa roimh an chéad chogadh domhanda. Ba é tosach an náisiúnachais sa Ghearmáin é freisin, agus an deireadh a bhí leis sin ná aontú na tíre leathchéad níos déanaí. Sin an fáth gur chuir Impire na Gearmáine séadchomhartha ollmhór suas ar shuíomh an chatha i 1913.

Tháinig prionsaí ríoga, polaiteoirí agus ginearáil ó cheithre hairde na hEorpa don ócáid. Bliain ina dhiaidh sin bhí an chéad chogadh domhanda faoi lán seoil agus an Eoraip ar bhóthar a haimhleasa arís.

Agus duine ag smaoineamh ar ais ar stair ár mór-roinne, is deacair a chreidiúint an scrios a bhí ar siúl i gcónaí. Ó threascairt na hImpireachta Rómhánaí i leith, ní raibh ann ach cogadh: rí i gcoinne rí, impire i gcoinne pápa, Críostaithe i gcoinne Muslamach, Caitlicigh i gcoinne Protastúnach.

Leoga, bhí an Eoraip roinnte ina dhá campa ón 18ú haois i leith, gach náisiún ar thaobh amháin nó ar an dtaobh eile. Ar dtús bhíodh an coimheascar idir Sasana agus an Fhrainc agus a gcomhghuaillithe siúd, agus níos déanaí bhíodh Sasana agus an Fhrainc le chéile i gcoinne na Gearmáine. An deireadh a bhí leis ná an dá chogadh dhomhanda, ar chogaí Eorpacha iad don gcuid is mó. Maraíodh na milliúin, mar is eol do chách.

Is deacair a thuiscint gur chruthaigh náisiúin na hEorpa sibhialtacht den scoth toisc malartú cultúrtha a bheith ar siúl i gcónaí eatarthu, agus go raibh ar a gcumas í a easphortáil ar fud an domhain ach, ag an am céanna, go raibh siad ag stolladh na mór-roinne le cogaí gan stad. Ní bhímid ag smaoineamh air seo go minic, ó tharla go bhfuil síocháin ann san Eoraip le beagnach 70 bliain anois (ag fágaint chogadh cathartha na hIúgslaive as an áireamh).

Nuair a bhímid ag caitheamh anuas ar an Aontas Eorpach, ní smaoinímid gur míorúilt atá ann le fírinne – Eorpaigh ag plé lena chéile, agus ní ag marú a chéile.

Sin iad na smaointe atá agam féin ag breathnú na háite inar thit an chuid is mó de na saighdiúirí ar dhá thaobh Chath na Náisiún, agus an séadchomhartha is mó san Eoraip romham. Déarfá gur teampall atá ann ann nó daingean, tá sé chomh mór sin. Tá sé thar a bheith gránna.

Ach ba bhreá le Kaiser Wilhelm é. Ba bhreá leis na Naitsithe é. Bhain na Cumannaigh tairbhe as fiú amháin agus iad i réim anseo, ó tharla go raibh Rúisigh agus Gearmánaigh ina seasamh gualainn ar ghualainn sa bhliain 1813 i gcoinne na namhad ón Iarthar. Deirtear inniu gur séadchomhartha don tsíocháin é. Ach ní féidir séadchomhartha don tsíocháin a dhéanamh as an uafás seo.

Siúlaim le mo chompánach tríd an pháirc faoi na crainn, féar glas i ngach áit, loch beag romhainn agus ansin an séadchomhartha féin. Tá sé ciúin, ach nuair a mhaireann tú anseo ar feadh tamaill, mothaíonn tú cumhacht an oilc.

Agus í ina suí i measc na gcrann faoi scáth theampall seo an chogaidh, briseann an gol ar mo chompánach go tobann. “Warum sprengen sie es nicht?” ar sise liom – “cén fáth nach bpléascann siad é?”