Taispeántas grianghraf den scoth i mBéal Feirste

Dúirt the Knight of Glin go meafarach tráth go mbíodh na péintéirí Éireannacha uilig cruinn i dteach an gheata le linn do na ceoltóirí bheith ag dul thart leo a fhad leis an teach mór agus é ag cur síos ar an chodarsnacht idir ealaíontóirí agus ceoltóirí in Éirinn, a scríobhann Robert McMillen.

Tá sé mar an gcéanna inniu mar a bhí riamh ach tá obair ar fónamh á déanamh sna físealaíona mar a léiríonn taispeántas grianghrafanna de chuid Fhionntáin Uí Mhealláin i gCultúrlann MacAdam-Ó Fiaich, Béal Feirste.

Ó thaobh na dtaobhann a fuair Ó Mealláin a dhán. Péintéir agus Gaeilgeoir a bhí i Liam Andrews, seanathair Fhionntáin; ba uaidh a fuair sé léargas ar chomhdhéanamh, ar dhathanna agus ar cheird a ealaíne. Tá na gnéithe sin go
suntasach sna pictiúir agus d'fhéadfaí iad a chur i gceithre rannóg – macro, tírdhreacha, portráidí agus ailtireacht.

Ar bhuaicphointí an taispeántais, tá pictiúr den Mhucais mar nach bhfeictear go minic an cnoc maorga sin i dTír Chonaill. Éacht dreapadóireachta chomh maith le héacht aeistéitiúil atá sa phictiúr.

READ MORE

Ar na tírdhreacha eile, tá pictiúir dhiamhracha de Mhachaire Rabhartaigh agus spéirdhreach bagrach ina bhfuil clársheoltóirí i mbun spraoi. Leoga, tá na spéirdhreacha chomh tábhachtach leis an tír i bpictiúir Uí
Mhealláin, go háirithe i bpictiúr dubh agus bán d'Oileán Uaighe.

Ach ón fhairsingeach aerach seo, díríonn Fionntán ár n-aird ar mhionáilleacht an dúlra le pictiúr de dheoirín uisce ar ghas úill agus ar bhándeirge lag bhlátha.

Tá acmhainn grinn le mothú ina shaothar fosta. Ar na portráidí, tá ceann de bheirt leaid óga agus iad ar leithreas i dteach atá á athchóiriú, éadaí Spiderman ar ghasúr amháin acu. Thaitin an pictiúr dár teideal “Éacht” go mór liom, beirt pháiste óga ag siúl lámh ar láimh a fhad le ballóg tí.

Chomh maith le saothar Uí Mhealláin, tá taispeántas eile sa chultúrlann dírithe ar Chleamairí Ard Mhacha le Jim McGinn agus Gráinne
Quinlan.

Ar siúl go dtí 23ú Iúil.