Taispeántas seanphictiúir ón mBlascaod

Teachta Pairliminte Eorpach, Liadh Ní Riada, le bailiúchán a oscailt i Lios Tuathail

An Teachta Pairliminte Eorpach, Liadh Ní Riada (SF), a osclóidh taispeántas seanphictiúr ón mBlascaod, Fairscin Inise, go hoifigiúil in Ionad Ealaíne Naomh Eoin (St. John’s) i Lios Tuathail, Co Chiarraí, ar 7.30pm, Dé Sathairn, 9ú Lúnasa.

Bhí an taispeántas céanna le feiceáil in Ionad An Bhlascaoid anuraidh agus é bunaithe ar na céadta seanphictiúr ón mBlascaod, cuid acu a théann siar chomh fada le deireadh an 19ú haois.

Tá an leabhar An Blascaod Mór – Portráid Pictiúr (Collin Press) le Dáithí agus Mícheál de Mórdha bunaithe ar na chnuasach grianghraf seo. Is é Gabriel Fitzmaurice, údar agus file, a bheidh ina Fhear A' Tí don ócáid agus Seán Leahy, arb ón mBlascaod Mór a shinsear, a bheid i mbun ceoil.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times