T – agus Téada – with the Maggies

Tá Gael Linn lena ngaisce i gcúrsaí ceoil a cheiliúradh le hoíche mhór sa Cheoláras Náisiúnta, Baile Átha Cliath, Dé Domhnaigh 15ú Meán Fómhair.

Dúirt ceannasaí an eagrais, Antoine Ó Coileáin, go raibh “Gael Linn ar an lipéad ceoil is sine in Éirinn agus is liosta le háireamh iad na hoirfidigh atá linn”.

Le ceiliúradh a dhéanamh ar thrí scór bliain ag saothrú an cheoil a bhí siad ag eagrú Cóisir Gael Linn 60.

Beidh T with the Maggies – Tríona agus Maighread Ní Dhomhnaill, Moya Brennan agus Mairéad Ní Mhaonaigh – ag seinm agus Téada, faoi stiúir Oisín Mhic Dhiarmada, grúpa óg atá ag taisteal na cruinne agus ag baint clú agus cáil amach dóibh féin.

READ MORE

€20 atá ar na ticéid ach tá lacáistí ar fáil. Eolas: www.nch.ie