Téigh ag feadaíl – comhairle ár leasa

Bíonn suaimhneas agus smacht i gceist le feadaíl


Ní chloistear na daoine ag feadaíl chomh minic na laethanta seo. Ach dhealródh nach bhfuilimid i ndeireadh na feide fós.

Tá físeán ar fáil ar Youtube a thaispeánann scoil ar oileán de chuid na nOileán Canárach sa Spáinn, La Gomera, ina bhfuil na páistí ag foghlaim conas feadaíl.

Córas cumarsáide idir na daoine a bhí ann anallód ar an oileán sléibhteach seo. Bhí an córas seo an-éifeachtach chun an taisteal dúshlánach idir na sléibhte a laghdú oiread agus ab fhéidir.

Teanga a bhí ann i ndáiríre, agus cé nach moltar na méara a chur sa bhéal agus sinn i mbun labhartha de ghnáth, b’shin díreach a dhéantaí i gcás na teanga seo – chun na fuaimeanna cuí a dhéanamh.

READ MORE

Thar n-ais in Éirinn, agus thar n-ais dúinn go dtí an seomra ranga, cé nach bhfuil teanga dá shórt seo againn, tá sé molta sa churaclam bunscoile go n-éisteodh na páistí le feadaíl agus tuiscint a fháil ar úsáid na feadaíola, mar shampla, chun titim nó sleamhnú a léiriú.

Is iomaí sórt feadaíl atá ann ar ndóigh. Áis an-úsáideach atá ann don fheirmeoir chun obair an mhadra caorach a stiúradh mar a bhíonn le feiceáil mar shampla sa taispeántas a thugtar go rialta i gCathair Chonaill sa Bhoireann i gCo. an Chláir.

Cuireann sé i gcuimhne an clár sin, One man and his dog, a bhíodh ar BBC na blianta ó shin. An t-aoire ag feadaíl agus an madra ag leanúint na dtreoracha. Agus na caoirigh…bhuel, iompar na gcaorach orthu siúd, ach anois is arís, dhéanfadh caora cheanndána iarracht éalú ón ngrúpa. Bheadh fonn ar an madra dul ar an ionsaí láithreach, ach chuirfeadh feadaíl an aoire cosc airsean. Chuir sé sin go mór leis an taispeántas – an frustrachas, an éirim agus an scil. Bhíodh feadóga in úsáid ag roinnt de na haoirí chun cur leis an nglór.

Faighimid léargas de shórt eile ar an bhfeadaíl sa dán, Árainn 1947 le Máirtín Ó Direáin. Cosaint ar an uaigneas agus ar an mbrón a bhí sa bhfeadaíl, agus slí chun an bóthar abhaile a ghiorrú.

Feadaíl san oíche

Mar dhíon ar uaigneas,

Mar fhál idir chroí is aigne

Ar bhuairt seal

Ag giorrú an bhealaigh

Abhaile ó chuartaíocht

Mar sin féin, bhí sé le rá ag Ó Direáin ag an am go raibh deireadh leis an nós ar an oileán – de bharr tréigean an oileáin, agus an seans saol a bheith ag imeacht sna hoileán thiar.

An droichead anonn

Tá léargas eile fós ar bhua na feadaíle le fáil i scannán a tháinig amach deich mbliana níos déanaí. Dóibhsean nach bhfuil cuimhne rómhaith acu ar fhocal, is maith a oireann an fheadaíl mar níl le meabhrú ach an fonn ceoil.

Nó sa chás gur focail chonspóideacha atá iontu. Is cosúil gurbh é sin an fáth gur feadaíl seachas amhrán a bhí le clos ag saighdiúirí na Breataine agus iad ag siúl trasna an droichid sa scannán Bridge on the River Kwai ó 1957.

Uaireanta ní gá aon rud a rá; iompraíonn an fheadaíl an teachtaireacht.

Bhíodh sé de nós ag daoine fadó feadaíl agus iad i mbun oibre nó aon chúram eile, go mórmhór iadsan a bhí ag obair leis na lámha, an siúinéir, an báicéir, mar shampla.

Tá an saol athraithe áfach. Ceol (nó gleo a déarfá b’fhéidir) ó na cluasáin, nó sna callairí, is mó a bhíonn le clos ag an duine na laethanta seo, seachas tionlacan ceoil dá chuid féin.

Feadaíl de shórt eile a bhíonn i gceist le cantaireacht na n-éan gan amhras. Cé gur uirlis cumarsáide atá ann i ndáiríre, is sna tréithe ceolmhara agus an éagsúlacht fuaimeanna, a chuireann an gliondar ar an gcluas daonna – má fhágaimid an préachán as an áireamh.

Más suaimhneas agus síocháin a shamhlaítear leis an sórt seo feadaíle, is smachtú a bhíonn i gceist in áiteanna eile. Sampla is ea an fheadaíl ghéar ó fheadóg an réiteora ag fógairt calaoise nó feadóg an chonstábla agus iompar na dtiomamaithe a smachtú ar na bóithre.

Bhí go leor tráchta ar shéideadh na feadóige de chineál eile sa saol poiblí le déanaí chun sárú rialacha, nó mí-úsáid a nochtadh. Gníomh misniúil a bhíonn sa bhfeadaíl sin a chuireann le leas an Stáit.

Sciúird trí roinnt úsáid a bhaintear as an bhfeadaíl atá anseo, gné den ghuth daonna atá imithe i léig beagáinín le tamall anuas. Uirlis ilghnéitheach in úsáid don chumarsáid, don cheol, agus i slite eile nach iad.

Téigh ag feadaíl, a dúirt polaiteoir sa Bhreatain le ceannairí an Aontais Eorpaigh le déanaí agus an Bhreatimeacht á plé.

B’fhéidir gur comhairle ár leasa é.

Níl le déanamh ach an píobán a fhliuchadh.