Tá dlúthbhaint idir an creideamh sa Ghréig agus féiniúlacht náisiúnta

Tá dlúthbhaint idir an an Eaglais Cheartchreidmheach agus an fhéiniúlacht náisiúnta sa Ghréig

Ardeaglais Serres, i dtuaisceart na Gréige, maidin Dé Domhnaigh. Tá teach an phobail lán go doras. Fir ar an taobh amháin, mná ar an taobh eile, cuid eile de na mná thuas ar áiléar. Leanann an tAifreann ar aghaidh gan staonadh.

Nuair a cheapann tú go bhfuil deireadh leis, tosnaíonn iomann nó liodán eile. Tagann daoine isteach agus imíonn siad, de réir mar a mheasann siad féin. Feictear scrínte maisithe le hór agus samhlacha beannaithe na naomh i ngach áit. Tagann na daoine chucu agus iad ag teacht isteach nó ag imeacht, tugann siad póg dóibh nó umhlaíonn siad go talamh rompu.

Cloistear cantaireacht chaointeach oirthearach na hEaglaise Biosántaí. Táimid san Oirthear Críostaí anseo, ní san Iarthar. Tá gach rud aisteach anseo i gcomparáid le teach pobail in Éirinn. Le fírinne, cuireann sé an tsionagóg i gcuimhne domsa thar aon rud eile.

Na sagairt agus na déagánaigh agus féasóga fada orthu, coinnleoir na seacht gcraobh ar an altóir, agus nuair a
fhéachaim ar na mná agus iad gléasta go galánta ach cuid bheag seanfhaiseanta, nó ar na fir agus cultacha dorcha orthu, smaoiním ar na Giúdaigh lá na Sabóide.

READ MORE

Téann daoine ar Aifreann anseo sa Ghréig. Tá cráifeacht ag baint leis an ghnáthshaol. Ní bhíonn leisce ar dhaoine a gcreideamh a chur in iúl go poiblí. Tá scrínte agus séipéil bheaga le feiceáil ar gach cúinne sráide. Feiceann tú sagart féasógach amuigh ag siúl agus tagann na daoine chun cainte leis agus pógann siad a lámh.

Ní hionadh é go bhfuil na Gréagaigh cráifeach go fóill. Ní creideamh amháin dóibh an Eaglais Cheartchreidmheach, is féiniúlacht náisiúnta í. Agus na Gréagaigh faoi smacht na dTurcach ar feadh na gcéadta, chothaigh an Eaglais an
fhéiniúlacht seo. Ó tharla gur Mhuslamaigh iad na Turcaigh, d'fhéad duine é féin a scaradh uathu agus é ina Chríostaí.

Ní hionann sin agus a rá go raibh an Eaglais i gcónaí ar thaobh na ndaoine. Ach thug sí dóchas dóibh, thug sí áitreabh d’fhéiniúlacht an náisiúin Ghréagaigh.

Inniu, cinnte, tá a lán daoine ann nach Aifreannaigh mhaithe iad a thuilleadh, ach ní chuirtear in aghaidh stádas na hEaglaise i saol na Gréige. Leis an gcinniúint eacnamaíochta anois agus an tóin ag titim as an stát leasa shóisialaigh, tá an Eaglais Cheartchreidmheach ag déanamh an-jab ag cabhrú leis na bochtáin nua.

Ní raibh an scéal ródhifriúil in Éirinn tráth. Chothaigh an Eaglais Chaitliceach féiniúlacht na nGael agus iad faoi smacht na Sasanach ar feadh na gcéadta. Ba Phrotastúnaigh iad na Sasanaigh, agus mar sin d’fhéad Gael idirdhealú a dhéanamh idir é féin agus iad agus é ina Chaitliceach. Ní raibh éinne eile ann seachas an Eaglais chun an fhéiniúlacht a chothú don náisiún. Bhí uaisle na nGael díshealbhaithe agus imithe thar lear, agus saol nua acu i seirbhís rí na Fraince nó rí na Spáinne, an Impire nó an Phápa.

Maidir leis na filí agus na hollúna, bhí coimirce na n-uasal caillte acu, agus chuaigh siad i ndearmad i measc an phobail. Ní raibh ann ach na sagairt chun an fód a sheasamh. Ní hé sin le rá go raibh an Eaglais i gcónaí ar son na nGael. A mhalairt. Nuair a bhí deireadh á chur leis na Péindlíthe agus nuair a fuair siad Má Nuad, bhí lucht na hEaglaise ní ba mhó ná sásta gnó a dhéanamh leis na Sasanaigh.

Anois tá athrú mór tagtha ar an scéal in Éirinn, ar ndóigh. Níl an chráifeacht traidisiúnta i bhfaisean mar a bhí tráth. Tá na daoine óga, agus ní hamháin iad, ag caitheamh an chreidimh uathu agus drochmheas acu ar an Eaglais. Is cinnte go bhfuil an méid seo tuillte aici féin. Chaith easpaig agus sagairt go dona leis na daoine agus bhaineadar mí-úsáid as an
gcumhacht a fuair siad faoin bPoblacht.

Anois ní féidir alt a fhoilsiú ar an Eaglais ná ar chúrsaí creidimh in eagrán lín an nuachtáin seo ach go mbíonn daoine ag tráchtaireacht agus an Eaglais á maslú acu nó iad ag magadh faoin gcreideamh toisc nach bhfuil sé ar aon dul leis an bhfisic nó le teoiric na héabhlóide.

Tá an méid seo foghlamtha acu ó aindiachaithe míleatacha sna Stáit Aontaithe agus i Sasana. An-spórt ar fad acu ag magadh faoi rudaí nach raibh cead acu amhras a chaitheamh orthu 30 bliain ó shin.

Tá ceart bunúsach ag gach duine glacadh leis an gcreideamh Críostaí nó gan glacadh, ach ní thuigeann na daoine seo an méid atá ar siúl acu. Tá an chuid deiridh den fhéiniúlacht náisiúnta á tréigean acu. Cad tá fágtha? Riverdance?