Tíorántacht agus teorainn

Ba cheart an geansaí domhanda a stracadh ó chéile


Is beag rud is lú orm ná slánú críche. Is mór ag na Spáinnigh é mar “la integredad territorial”, agus is minic é mar nath ag giollaí na Camshróine thall agus ag John Kerry ar a chuarda, mar “territorial integrity” faoi láthair.

Tugann na Rúisigh “territorial’naya tselostnost” ar an tuairim chéanna, ach níl chomh fairsing le fáil i nuachtáin Mhoscó an tráth seo cé go raibh an-chaint air nuair a bhí an tSeisnia á bánú chun talún ina fothracha folmha gan aird dhuine ar bith.

Is é is bunbhrí leis ná nach bhfuil cead agat tincléireacht a dhéanamh le teorainneacha tíortha ar bith.

Eagla atá ar an “gComhluadar Idirnáisiúnta” (sin iad na cumhachtaí móra) má thosnaíonn tú ag tincléireacht le teorainneacha tíortha ná go roisfear an geansaí domhanda ar fad as a chéile.

READ MORE

Mo chreach, ach táimse ar dhuine de na daoine sin a cheapann gur cheart an geansaí domhanda a stracadh ó chéile. Is beag fadhb fhearainn ar fud an tsaoil nach mbaineann le dílseacht féiniúlachta nó le haitheantas náisiúnta ar leibhéal éigin.

Ná habair go bhfuil tú chun a iarraidh orm iad a áireamh?

D’fhéadfaí tosnú leis an bPailistín, ach is dócha go bhfuil sin ar eolas. Ceapann an Tiobóid gur cheart gur tír neamhspleách a bheadh inti, ach síleann an tSín a mhalairt, agus aontaíonn an “Comhluadar Idirnáisiúnta” (na cumhachtaí móra lúide an Rúis) leo, mar níl siad chun ionsaí a dhéanamh ar an tSín.

Uair dá raibh bhí an Phacastáin ann, ach anois tá an Phacastáin agus Bangla Deis ar chúis éigin.

Agus bhí sláine críche siar amach ag an Súdán gur socraíodh go mb’fhéidir go raibh cúis scarúna éigin ann tar éis marú na mílte daoine, agus marú na mílte daoine tharstu ina dhiaidh sin.

Agus an cuimhin libh an Iúgsláiv a mbíodh foireann sacair shármhaith acu, ach anois bíonn orainn imirt in aghaidh na Croáite, na Seirbia, na Slóivéine, na Bosnia, na Cosóbha, na Macadóine agus n’fheadar cé eile.

Is fíor go raibh an saol i bhfad níos fusa nuair nach raibh ach cúpla impireacht i mbun na hiomláine againn agus sinn béasach dá réir.

Is é fáth mo bhuartha agus mo chráite ná gurbh é an port a bhí ag an saol agus ag an “gComhluadar Idirnáisiúnta” (sin iad na cumhachtaí móra lúide an tSín, nuair a oireann) nuair a bhí Biafra ag iarraidh scarúint leis an Nigéir i ndeireadh 60í na haoise seo caite ná nach bhféadfaí sláine críche na tíre a choilleadh.

Bhí “territorial integrity” againn ar maidin, is “territorial integrity” um nóin, agus dá n-éireoinn meán oíche is é “territorial integrity” a gheobhainn, mar bhí mé ann. Níor básaíodh ach timpeall dhá mhilliún ar fad dá dheasca sin.

Nuair a bhíos im stócach sna hoícheanta fada geimhridh tar éis na Samhna ba mhaith liom a bheith ag tarraingt léaráidí.

Tharraingín línte áit ar bith – ar éadach boird, ar pháipéar an bhalla, – ach ba bhreátha liom a bheith ag scribleáil ar na léarscáileanna bána a bhí san atlas sular tugadh ceacht baile ar bith dúinn.

Is é nár thuigeas ná go raibh mórán daoine a raibh an caitheamh aimsire céanna acu ach nach bhfuair siad buille den tslait toisc gur loit siad an léarscáil.

Bhí a bhformhór ag Comhdháil Bheirlín na bliana 1885, agus bhí siad iontach oilte ar línte a tharraingt ar léarscáileanna, go háirithe san Afraic.

Bhí rialóir ag cuid acu a tharraing na línte go díreach, ach bhí daoine eile a raibh craitheadh éigin ina láimh ionas gur ghaibh scrábadh suas síos agus siar aniar i mbaill nach mbeifí ag súil leo. Go deimhin, is dealraitheamh go bhfuil línte tarraingthe ar fud an domhain i mbaill nach mbeifí ag súil leo, agus sin bun fhormhór ár gcuid fadhbanna.

Ní heol dom aon choimhlint idir stáit ar fud na cruinne nach bhfuil bunaithe ar na línte contráilte a tharraing daoine a raibh claimhte agus gunnaí acu.

Cé déarfadh nach bhfuil na Coirdínigh airí ar stát dá gcuid féin?

Is é bundhualgas an “Chomhluadair Idirnáisiúnta” (sin na cumhachtaí móra móide an Rúis agus an tSín sa chás seo) an cóipleabhar a thógaint amach arís agus línte nua a tharraingt.

Ní hé athscríobh na staire is mó is cás linn, ach athscríobh an tír eolais.