Straitéis leabhar

Tá ceisteanna le cíoradh faoi léitheoireacht na Gaeilge


Faoi dheireadh mo chéad scoilbhliana, bhí gach uile leabhar i seomra ranga na naíonán beaga i nGaelscoil Dhún Dealgan léite agam.

Ón uair sin ar aghaidh ba chuid lárnach, luachmhar í an léitheoireacht i mo shaol.

Tá mé fiosrach faoi fhocail nua, bainim pléisiúr as clúdach leabhar, cuireann an boladh uatha ar mo shuaimhneas mé, is maith liom gach uile ní fúthu.

Is cosúil nach ón ngaoth nó ón ngealach a fuair mé é, óir bhíodh cáil ar mo sheanathair a phócaí a bheith lán le leabhair i gcónaí. Pé áit as ar tháinig sé, tá an léitheoireacht agus an scríbhneoireacht fite fuaite ionam.

READ MORE

Nuair a tugadh tasc dom san obair Straitéis Léitheoireachta a chur le chéile, bhí mé ar bís.

Chuirfeadh obair mar seo duine eile soir, duine nár chaith a hóige ag brionglóideach faoi shaol an leabharlannaí áitiúil, b’fhéidir.

Thosaigh mé ar thaighde maidir le staid reatha na timpeallachta léitheoireachta leis na bearnaí suntasacha a thabhairt chun solais.

D’aithin mé obair LoveLeabharGaeilge, feachtas margaíochta atá ag cur leis an líon leabhar Gaeilge i siopaí na tíre, agus ag éirí leis.

D’fhéach mé ansin ar dhomhan na scríbhneoirí mar atá sí; tá idir údair, a bhfuil máistreacht acu ar a gceird, agus guthanna nua, úra ag teacht ar an bhfód.

Má tá an dá chatagóir siúd foilsitheoirí/dáileoirí agus scríbhneoirí sláintiúil a dhóthain, ní fhágann sin ach go luíonn an bhearna leis an bpobal léitheoireachta féin.

Le linn chomhairlúcháin le heagrais Ghaeilge eile, pléadh na bealaí ab oiriúnaí leis léitheoireacht mar chaitheamh aimsire taitneamhach a chur chun cinn.

Mar chuid den phlé, d’fhiafraigh mé de rannpháirtithe an chruinnithe mar gheall ar a nósanna féin maidir leis an léitheoireacht Ghaeilge.

Duine ar dhuine, d’admhaigh siad go stadach, nach léann siad mórán i nGaeilge, agus ní raibh a fhios acu cén fáth.

Sa bhaile, an tráthnóna sin, d’fhéach mé ar an gcarn leabhar atá caite taobh leis an leaba sa bhaile agus ní hamháin nach raibh oiread agus leabhar Gaeilge amháin ina measc ach ní cuimhin liom an uair dheireanach go raibh, nó an raibh riamh, i gcomhluadar úrscéalta Murakami a aistríodh ón tSeapáinis, beathaisnéis Grace Coddington agus Maeve Brennan agus an t-úrscéal is déanaí ó Kevin Barry.

Nílim cáiréiseach faoina bhfuil sa charn úd, mar sin tá suntas i neamhláithreacht na leabhar Gaeilge ann.

Choinnigh mé orm mo cheistiú féin agus feictear dom nach bhfuil siad ann ar roinnt cúiseanna.

Ceist an chaighdeáin agus na cúise

Chuirtí i leith fhoilsitheoirí Gaeilge go mbíodh leabhair á gcur i gcló nach raibh caighdeán sách ard bainte amach acu.

Creidim go bhfuil an ré sin thart, ach maireann rianta dá hoidhreacht mar rabhadh dúinn nach leor an iarracht.

Seasann an cheist leis an lucht léitheoireachta agus na húdair, araon.

An leor go mbeadh leabhar á chur ar fáil mar go bhfuil a leithéid ag teastáil ón gcanóin liteartha?

An leor go mbeimis á gceannach mar gur cheart dúinn tacú lena scríbhneoirí?

Ceist an chúinne

Tá nós ag na meáin Bhéarla spás cúng, teoranta a thabhairt don Ghaeilge agus tá nós ag an nGaeilge maireachtáil sa chúinne compordach, teolaí seo.

Is annamh a thugtar dúshlán dá imeallacha. Mura n-áirítear an leabhar Gaeilge mar chuid de chanóin shaibhir litríocht na tíre seo, ar a laghad, tá baol ann gur ag caint linn féin a bheidh muid go deo.

Ceist na critice

Tuigimid mar léitheoirí nach ionann spéiseanna an léirmheastóra agus spéiseanna an léitheora, i gcónaí.

É sin ráite, tá gá le critic. Ba cheart go mbeadh muinín ag an léitheoir as an léirmheas freisin, bíodh sé moltach nó cáinteach.

Tagraím anseo don chonspóid a chothaigh léirmheas diúltach Eileen Battersby ar leabhar Paul Murray le déanaí.

Dúirt léirmheastóirí eile ag an am go raibh Éire róbheag le léirmheas cáinteach a thabhairt ar leabhar Éireannach.

Más amhlaidh atá, bíodh muinín ag na léirmheastóirí leabhair Ghaeilge a cháineadh nó a mholadh, má tá sé tuillte.

Ceist an chomhthéacs

Dóibh siúd nach raibh an Ghaeilge acu ón gcliabhán, is minic a sholáthraíonn leabhair a gcéad teagmháil leis an teanga.

Mar sin, is gléas foghlama é an leabhar, go príomha; tá áit thánaisteach ag pléisiúr na léitheoireachta.

Más leabhair scoile an t-aon phointe tagartha atá agat leis an léitheoireacht Ghaeilge, is beag seans go bhfuil an leabhar Ghaeilge ina fhoinse taitneamhach duit.

Tá dúshláin roimh earnáil na foilsitheoireachta snáithe scaoilte an chaidrimh idir iad agus an pobal léitheoireachta.

Beidh atógáil le déanamh ar thuiscintí an leabhair Ghaeilge, ar théarmaí comhaimseartha an phobail féin.

Teastaíonn cumarsáid oscailte, comhoibriú straitéiseach, éisteacht aireach agus comhairliúchán go leor leis an leabhar Gaeilge a chur sna cairn sin, in aice na leapan. Is ball foirne den Rannóg Oideachais, Foras na Gaeilge, í Siún Ní Dhuinn