Slán le dath bréige

Teastaíonn uaim a rá le mná na hÉireann gan donnú bréige a úsáid


Úsáideann go leor daoine na meáin mar bhosca faoistine, ag sceitheadh a gcuid rún príobháideach dorcha leis an bpobal. Táimse chun an traidisiún sin a leanúint inniu agus rud ollmhór pearsanta a insint dóibh: théis blianta clampracha callóideacha a chaitheamh i mbun caidreamh casta leis an mbuidéal, táim chun droim láimhe a thabhairt leis. Táim chun éirí as. Táim chun aghaidh a thabhairt ar an saol gan an maide croise seo.

Isteach leat sa mbosca bruscair, Saint Tropez! Tá críoch leat, Fake Bake. Agus cé go mbriseann sé mo chroí, m’anamchara Johnson and Johnson Holiday Skin, tá tusa sa gcatagóir céanna chomh maith; ní thig leis an té atá tugtha don ól leanúint ar aghaidh ag alpadh siar Coors Light.

Níl mórán ceachtanna foglamtha agam ar an saol seo. Táimse ar cheann de na lucha dúra sa tsaotharlann, ag déanamh an bhotúin chéanna arís agus arís eile.

Tá píosa amháin saineolais ag an dalldramán seo, áfach. Agus – ach an oiread le Baz Luhrmann – baineann sé leis an ngrian, nó le heaspa gréine: teastaíonn uaim a rá le mná na hÉireann gan donnú bréige a úsáid.

READ MORE

Teastaíonn uaim é a rá leis an mbean óg dhathúil a bhfuil an chuma sin ar a lámha go gcaitheann sí 40 Superkings in aghaidh an lae; teastaíonn uaim é a rá leis an scuaine ban atá ag fanacht sa sciamhlann le haghaidh seisiúin faoin bpéint spraeála; teastaíonn uaim a screadadh le gach bean ag gach bainis: “Orange is not the New Black.”

Is duine bán mise. Tá dath an bháis orm, i bhfírinne. Ach tá 20 bliain caite agam ag dul timpeall amhlaidh is go bhfuilim théis filleadh ó choicís in Hondúras. Seachtain shalach (agus ní sa chiall chorraitheach, ar an drochuair) in Hondúras.

Ceithre bliana déag a bhíos nuair a mealladh mé isteach ar dtús. Bhí mo dheirfiúr le pósadh agus bhí mise le seasamh léi in éindí le deirfiúr eile agus cara leo. Bhí siadsan uilig sna 20í agus duine óg soineanta a bhí ionamsa. Ghlac mé lena gcuid comhairle go fonnmhar, mar sin, nuair a dúirt siad liom triail a bhaint as táirge iontach úrnua: donnú bréige a dhéanfadh é féin a fhorbairt thar oíche.

Tá sé deacair é a chreidiúint anois mar go bhfuil a leithéid de tháirge ar an margadh le fada ach níor thuig muid an chontúirt a bhí ag baint leis an tionscadal seo ag an am.

Ní raibh teicnic ar bith againn. Chuireamar an donnú ar ár n-aghaidheanna agus ár gcolainn de réir mar a thit sé. Agus rinneamar meancóg bhunúsach: níor nigh muid ár lámha ina dhiaidh.

Dhúisigh m’athair an mhaidin dár gcionn go scata ban a bhí ag caoineadh. Bhí mearbhall air faoi céard go díreach a bhí ag tarlú. Bhí mo mháthair ag caint faoin mbainis a chur ar ceal agus bhí deartháir curtha go dtí an siopa crua-earraí i Ráth Maoinis le biotáille mheitileach a cheannach. Ní raibh m’athair bocht in ann aon chiall a bhaint as na himeachtaí a bhí ag titim amach os a chomhair.

Go háirithe nuair a chas a iníon – an bhrídeach – timpeall agus an chuma uirthi go raibh dúnmharfóir théis lorg coise a fhágáil ar a haghaidh. Dúnmharfóir a bhí ag caitheamh Doc Martins.

Chas m’athair ar uafás i ndiaidh uafáis; mo dheirfiúr eile a bhí stríocach, an cara a bhí iomlán oráiste san aghaidh agus iomlán bán gach áit eile agus mise, a raibh an chuma sin orm go raibh mé théis mé féin a ní i vearnais adhmaid.

D’oibrigh gach rud amach sa deireadh, ar ndóigh. Phós mo dheirfiúr agus baineadh go leor grinn as an eachtra ar feadh na mblianta ina dhiaidh sin.

Ach níor fhoghlaim muid ón eachtra seo. Leanamar ar aghaidh mar a bheadh lucha amaideacha ionainn ag íoc airgead maith as fantaise: an fhantaise gur daoine dúchneasach muid gur breá leis an ngrian muid.

Ba ghnách liom dul ar saoire chun na Spáinne ná pé áit agus mé breá donn ag tús na saoire, dathúil le dath na sciamhlainne. Bheinn mar a bheadh péacóg ionam ag luí faoin ngrian.

Ach de réir mar a thiocfadh dath na gréine ar gach duine eile, d’imeodh dath na sciamhlainne uaimse. Agus bheinn fágtha geal bán faoi dheireadh na saoire. Bán gach áit seachas ag na rúitíní, na glúine agus na huillinneacha, na baill choirp sin a bhfuil donnú bréagach an-cheanúil orthu.

D’éirigh mé as an donnú sa deireadh dhá bhliain ó shin. Bhí mé bréan den salachar agus den stró a bhí i gceist leis. Cheap daoine ar dtús go raibh mé tinn. Ach tuigeann siad anois go bhfuil mé bán. Agus suimiúil, ar ndóigh.

Tá na buidéil uilig curtha sa mbosca bruscair agam. Sna 30í, táim iomlán sásta leis an gcuma nádúrtha atá orm. Táim bródúil as.

Agus ní dhéanann na leapacha gréine sin an oiread dámaiste agus a mhaítear…an ndéanann?!

Is iriseoir le Nuacht RTÉ/TG4 í Caoimhe Ní Laighin