Seoladh an leabhair san Fhómhar

Saothar úr ar litríocht na Rúise

Beidh seachtain ghnóthach roimh an scríbhneoir, Risteárd Mac Annraoi.

Tá a leabhar, Scéalta ón Rúis: aistriúcháin agus aistí ar mhórscríbhneoirí na Rúise (Foilseacháin Ábhar Spioradálta) le seoladh faoi dhó san am atá le teacht.

Is é an tOllamh Fionntán de Brún, Ollscoil Mhaigh Nuad, a sheolfaidh an leabhar den chéad uair i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath idir 6-8:30 p.m., Dé Céadaoin.

Seolfaidh an Dochtúir Aidan Doyle, Roinn na Gaeilge, Corcaigh, an leabhar an dara huair seachtain ón Chéadaoin sa Seomra Caidrimh, Ionad na Gaeilge Labhartha, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh ag 5 p.m.

READ MORE

Tá éacht aistriúcháin déanta ag Mac Annraoi in Scéalta ón Rúis. Scríobhann sé aiste ar shaol agus ar shaothar na scríbhneoirí is céimiúla as an tír sin agus tugann sé sliocht i nGaeilge as a saothar.

Tá roinnt de na sleachta sin aistrithe aige féin agus tá ábhar Gaeilge aimsithe aige le haistritheoirí eile, Mairéad Ní Mhaicín agus Liam Ó Rinn, mar shampla.

Tá ábhar anseo faoi agus le Baibil, Dostaidheivscí, Gógal, Púiscin agus Téachov gan ach dornán a lua.

Tá taithí mhór ag Mac Annraoi ar a leithéid d’fhiontar. Chuir sé na leabhair Mil as Gach Bláth: Blaiseadh de Litríocht an Domhain agus Crith Aigne: Smaointe na bhFealsamh i láthair an phobail roimhe seo.

Is céimí de chuid Choláiste na Tríonóide é Mac Annraoi.