Seoda aistriúcháin á n-athfhoilsiú ar www.aistear.ie

Tá súil siar á caitheamh ar scéim aistriúcháin an Ghúim ag www.aistear.ie, suíomh áiseanna d’aistritheoirí agus d’eagarthóirí Gaeilge. Foilseofar atheagrán d’aistriúchán Gaeilge a rinneadh ar shaothair le mórscríbhneoirí Eorpacha gach mí.

An leagan a rinne Maighréad Nic Mhaicín de Oisrí le Anton Chekhov, scéal cumhachtach faoi bhochtaineacht agus ocras, atá ann an mhí seo. Tá aiste le gach scéal a dhéanann scagadh ar na teicnící scríbhneoireachta a bhí in úsáid ann. Tá súil ag lucht an tsuímh go n-úsáidfear an tsraith i ranganna scríbhneoireacht chruthaitheach agus go mbainfidh léitheoirí na linne seo sult as na haistriúcháin. Is féidir na scéalta a íoslódáil ón roinn "Taighde agus Cartlann" den suíomh.