Seanscéal agus an Laitvis air

Ní in Éirinn amháin an raic teanga


Iaróg teanga, polaiteoirí ag tabhairt amach faoi ról na teanga sa chóras oideachais, iad ag caint ar “language genocide”, ar pholasaí oideachais atá “discriminatory” agus “odious”.

Éire, an ea? Ní hea ach raic idir an Laitvia agus an Rúis faoi phleananna nua atá ag rialtas na Laitvia teanga dhúchais na tíre sin, an Laitvis, a chur chun cinn sa chóras oideachais.

D’fhógair rialtas na Laitvia ag tús na míosa seo go raibh rún acu tabhairt ar gach aon dalta meánscoile idir 16 agus 18 bliain d’aois scolaíocht a dhéanamh trí mheán na Laitvise amháin.

Beidh deis ag daltaí níos óige staidéar a dhéanamh i dteangacha eile, Rúisis, mar shampla. Tá daonra mór Rúiseach sa Laitvia – 300,000 duine as measc daonra dhá mhilliún, beagnach. Mar sin féin, tá rialtas na Rúise anois ag cur i leith na Laitvia go bhfuil siad ag tromaíocht ar chearta teanga phobal na Rúise.

READ MORE

Ní fíor, a dúirt uachtarán na Laitvia, Raimonds Vejonis. Bhí aon chuspóir amháin i gceist leis an leasú: “It will make society more cohesive and the state stronger.”

Níl an t-iriseoir seo ag ligean air féin gur saineolaí é ar stair, ar chultúr agus ar pholaitíocht na Laitvia ná na Rúise. Ach nach spéisiúil go n-aithníonn an cainteoir Gaeilge cosúlachtaí na cainte seo i dtír i bhfad i gcéin?

Nach spéisiúil fosta go bhfuil an Laitvia ag iarraidh tacaíocht a thabhairt dá teanga féin – in áit géilleadh, ligean di dul le sruth agus ligean don Mheiriceánais an lámh in uachtar a fháil uirthi?

Cinnte, baineann cuid den ghoimh leis an streachailt pholaitiúil idir an Rúis agus an Laitvia, tír a bhí faoi smacht an Aontais Shóivéadaigh ar feadh i bhfad. Tá an Laitvia ina ball de NATO fosta agus ní mó ná sásta atá an Rúis leis sin.

Mar sin féin, nach ait mar a chuireann polasaí faoi fhorbairt teanga an lasóg sa bharrach? Is minic a deirtear le lucht na Gaeilge gur chóir dóibh bheith ‘aibí’ agus géilleadh don Bhéarla.

Ach amharc go bhfuil tír bheag eile ann, tír a mhaireann faoi scáil tíre ollmhóire, agus tá siad ag déanamh a ndíchill a dteanga féin a choinneáil beo i saol crua cadránta.

Scríobhann Nicholas Ostler in Empires of the Word: "Every language has a chance of immortality, but this is not to say that it will survive for ever ... The annals of language history are full of languages that have died out, traditions that have come to an end, leaving no speakers at all."

Is maith mar a thuigeann muid uilig é sin, bíodh cónaí orainn cois an Atlantaigh nó cois Mhuir Bhailt.

Peann úll

Istigh i siopa in Ard Mhacha. Tá pinn déanta ag ceardaí áitiúil ar díol. Tá na pinn go hálainn agus iad déanta as adhmad.

Is maith liom an cheardaíocht agus is maith liom go bhfuil athchúrsáil déanta ar an chrann. Dúch atá sa chrann anois seachas sú. Tá peann amháin déanta as crann úll.

Tá clú agus cáil ar Ard Mhacha as a chuid úllord. Níl peann ar bith eile uaim ach tháinig cathú orm. Cheannaigh mé an peann úll.

Beidh le feiceáil an mbeidh mo chuid scríbhneoireachta níos torthúla!

Léigh agus foghlaim

Dhá leabhar dheasa ó LeabhairComhair –

Leathbhádóirí

le Marie Whelton, úrscéal don fhoghlaimeoir fásta, agus Faye le Meadhbh Ní Eadhra, leabhar do léitheoirí óga.

Scéal faoi Naoise, a mhamó agus a gceantar dúchais atá ann mar Leathbhádóirí. Is cliste mar a roghnaíonn Whelton spórt traidisiúnta na rámhaíochta lena scéal agus lena gcinniúint a chur roimh an léitheoir.

Is deas fosta mar a cheanglaíonn sí an tseanghlúin agus an ghlúin óg le chéile in aon scéal amháin, an dá ghlúin ag cuidiú le chéile, ag foghlaim le chéile, ag caint le chéile, ag oiliúint a chéile, iad i gcaidreamh domhain daonna.

Leathbhádóirí go cinnte.

Mar is iondúil i leabhar den tsórt seo, tá foclóir beag le fáil ag bun gach aon leathanaigh agus gluais ar chúl an leabhair le cuidiú leis an léitheoir.

Tá an scéal scríofa go soiléir agus cuireann Whelton, léachtóir le Gaeilge, carachtair romhat atá inchreidte. Leabhar dea-scríofa atá ann.

Scéal cailín óig atá ann mar Faye. Maraíodh a muintir i dtaisme agus tá Faye faoi chúram strainséirí. Tá idir chuma agus fhearg uirthi agus níl a fhios aici cad é atá i ndán di. Is minic a chuireann tromluí ó chodladh na hoíche í.

Ach ní bhíonn an saol gan dóchas ar fad. Tugann daoine eile aire mhaith di; cosnaíonn siad í agus, diaidh ar ndiaidh, tagann Faye chuici féin.

Leabhar thar a bheith gairid atá ann mar Faye – 70 leathanach – ach tá an scéal líon lán mothúchán. Braitheann an léitheoir an phian agus an t-éadóchas atá ar Faye agus cuireann Ní Eadhra a scéal i láthair go cumasach ealaíonta.

Do léitheoirí óga an scéal ach bhainfeadh foghlaimeoir fásta sult as fosta.