Seanscéal atá anois le léamh i dteanga nua

Leabhar nua tábhachtach


“Altae-som ém,” ol Fergus, “la máthair agus la athair ocond Airgdig i mMaig Muirthemni. Ad-fessa dó airscélae na macraide i nEmain. Ar bíit trí cóecait macc and,” ol Fergus, “oca cluichiu...”

Seans mór nach raibh tú ag súil le cúpla focal sa tSean-Ghaeilge ar maidin. Molaim thú má aithníonn tú gur as Táin Bó Cuailnge a tháinig an cúpla líne sin.

Seans, má bhaineann tú le glúin áirithe, seans go ndearna tú staidéar ar an tSean-Ghaeilge mar chuid de do chéim.

Seans go bhfuil cóip den Old-Irish Workbook le E.G. Quin ar an tseilf go fóill agat. Seans gur tugadh an Táin mar théacs duit le cód na Sean-Ghaeilge a bhriseadh.

READ MORE

Agus seans, san iomrascáil idir u-stems, dental stems, n-stems agus eile go ndearna tú dearmad gur litríocht a bhí ann mar Tháin Bó Cuailnge.

Seans go ndeachaigh an scéal ar strae i measc na stems ar fad. Cé a thógfadh ort é?

Bímis buíoch, mar sin, as Darach Ó Scolaí agus a leagan nua de Táin Bó Cuailnge (Leabhar Breac). Tá scéal na Sean-Ghaeilge scríofa as an úr sa Nua-Ghaeilge. Tá "an scéal is faide agus is tábhachtaí de chuid na luathlitríochta dá maireann" anois ar fáil i dteanga na haoise seo. Tá sé ar fáil mar leabhar léitheoireachta agus ní beag sin. Ní bréag ar bith é moladh an fhoilsitheora don Táin – "ceann de na heipicí próis is mó agus is clúití dár cumadh san Eoraip".

Sea – eipic de chuid na hÉireann agus de chuid na hEorpa atá ann. Clogad hoiplítigh de chuid na Sean-Ghréige atá ar an chlúdach. Is aisteach an rogha é ar an chéad amharc. Cad é an bhaint atá ag an tSean-Ghréig leis an tSean-Ghaeilge?

Ach tá mistéir ag baint leis an chlogad fholamh sin agus é ag stánadh orainn ón dorchadas. Aithníonn muid láithreach é mar chuid de shaíocht na hEorpa. Is fearr é ná pictiúr áiféiseach de Chú Chulainn. Tá a fhios agat féin an sórt – Cú Chulainn ionchollaithe mar Arnold Schwarzenegger.

Is é rud atá déanta ag Ó Scolaí a “athinsint dhílis” féin a bhunú ar ábhar atá le fáil i Leabhar na hUidhre agus sa Leabhar Laighneach.

Nua-Ghaeilge faoi anáil na Sean-Ghaeilge, Nua-Ghaeilge ársa uasal a chuireann in iúl duit láithreach gur d’fhuil agus d’fheoil na carachtair atá romhat: “Feacht n-aon d’Ailill is do Mhéabh, ar dheargadh a ríleapa dóibh i Ráth Cruachan Chonnacht, gur tharla comhrá ceannadhairte eatarthu. “Is fíor a deirid, a bhean,” arsa Ailill, “gur maith an bhean bean dea-fhir.”

“Is maith, go deimhin,” arsa Méabh, “ach cén fáth a ndeir tú sin?”

Sin tús an aistir, tús na Tána – macghníomhartha, comhrac agus cath. Imíonn an léitheoir ar turas fríd an tsaol agus castar daoine bídeacha éadmhara, daoine santacha saolta agus daoine móra calma ar an léitheoir chéanna. Ní leabhar don fhoghlaimeoir fásta é seo ach leabhar don duine fásta.

Molaimis obair mhór agus misneach an údair. Molaimis an leabhar mar earra, an rud fisiciúil atá déanta de leathanaigh, leathanaigh a neadaíonn cló-aghaidh agus dúch orthu, leathanaigh faoi léarscáileanna mistéireacha.

Caomhán Ó Scolaí a dhear na léarscáileanna agus ealaín an chlúdaigh. Bímis dóchasach go gceapfaidh glúin an fhéinín gur Westeros atá ann. B’fhéidir go meallfadh na léarscáileanna i dtreo an fhocail iad, go gcuirfeadh siad i gcuimhne dóibh go bhfuil scéalta in Éirinn atá inchurtha le rud ar bith ar Sky.

Agus ciall na Sean-Ghaeilge sin? "Altae-som ém," ol Fergus, "la máthair agus la athair ocond Airgdig i mMaig Muirthemni. Ad-fessa dó airscélae na macraide i nEmain ...

Ag Darach Ó Scolaí an focal scoir agus an focal nua: “Oileadh an mac sin, arsa Fearghas, “i dteach a athar agus a mháthar ag an Airgtheach i Maigh Mhuirtheimhne agus is ann a chuala sé scéala an mhacra...”

Léacht an Ollaimh

Tabharfaidh an tOllamh Fionntán de Brún, Roinn na Nua-Ghaeilge, Ollscoil Mhá Nuad, a léacht tionscnaimh, “Ag seachaint ‘cith na baoise’ – an Ghaeilge, an tAthbheochanachas agus Stair na nIdéanna/Escaping the ‘shower of folly’ – the Irish language, Revivalism and the History of Ideas” Déardaoin ag 6.30 p.m. i Léachtlann 4 Foirgneamh John Hume (Campas Thuaidh). Is i nGaeilge agus i mBéarla a thabharfar an léacht agus beidh fíon agus sólaistí ar fáil díreach ina diaidh. Eolas: nua.ghaeilge@mu.ie

Ealaín thar lear

Tá Ealaín na Gaeltachta ar lorg ceoltóra nó amhránaí as an Ghaeltacht le seal a chaitheamh sa Fryslan.

Rachaidh an t-ealaíontóir a cheapfar chun stáitse Déardaoin 21ú Meitheamh agus Dé Domhnaigh 24ú Meitheamh sa Lan fan Taal, Baile na dTeangacha.

Beidh sparánacht €1,500 ann le híoc as cúrsaí taistil agus mar tháille agus cuirfear lóistín ar fáil fosta. Ní mór CV agus ráiteas suime a sheoladh roimh an Aoine seo go ealain@udaras.ie