Scríbhneoir thar sáile agus ceannaire nua do TG4

Cathal Póirtéir, scríbhneoir, fíle, drámadóir agus ealaíontóir, atá roghnaithe ag Foras na Gaeilge le seal a chaitheamh sa tSlóivéin mar chuid den tionscadal Focail Eile i mbliana.

Tabharfaidh an seal thar sáile deis dó le díriú ar a shaothar scríbhneoireachta agus scríobhfaidh sé blag faoi chúrsaí teanga agus cultúir agus é sa tír.

Léiritheoir raidió le RTÉ a bhí ann ar feadh tamaill fhada agus tá clú air fosta mar staraí, bhéaloideasóir agus fhile. Lean Póirtéir den scríbhneoireacht agus den eagarthóireacht liteartha agus é in RTÉ agus bhí ráchairt an-mhór ar The Great Irish Famine (Thomas Davis Lectures).

Bhí sé ina eagarthóir ar Gnéithe den Ghorta, Famine Echoes, Glórtha ón Ghorta; Éigse an Aeir agus Scéalta san Aer.

READ MORE

Ceannaire nua TG4

Agus is é Alan Esslemont atá ceaptha ina cheannaire nua ag TG4. D’fhógair an Rialtas an tseachtain seo caite go dtosódh Esslemont mar ardstiúrthóir stáisiún Bhaile na hAbhann Deireadh Fómhair na bliana seo.

Mhol an tAire Cumarsáide, Denis Naughten, an tUasal Esslemont, á rá: “Rachaidh a shaineolas i gcúrsaí craolacháin go mór chun sochair do TG4, agus cúram an stáisiúin maidir le daingniú agus cur chun cinn na Gaeilge agus cultúr na nGael.”

Mhol an tAire iarcheannasaí TG4, Pól Ó Gallchóir, as an obair a rinne sé linn a thréimshe fosta.