Scoil Gheimhridh Merriman

An Chéad Dáil agus comóradh ar shaolagus ar oidhreacht Mháiréad Ní Ghráda

Beidh Scoil Gheimhridh Merriman ar siúl an deireadh seachtaine beag seo in Óstán an Old Ground, Inis, Contae an Chláir.

Mar théama i mbliana beidh Dála Éireann 1919-2019, an chéad Dáil agus comóradh ar shaol agus ar oidhreacht Mháiréad Ní Ghráda.

Osclóidh an Dr Deirdre Nic Mhathúna, Cathaoirleach Chumann Merriman agus Domhnall Ó Loingsigh an scoil ar Dé hAoine 25ú Eanáir.

Ina dhiaidh sin, pléifigh an Dr Éamon Ó Ciosáin agus an Dr Éadaoin Ní Mhuircheartaigh ‘Saol agus Oidhreacht Mháiréad Ní Ghráda’ agus iad faoi agallamh ag Mairéad Ní Nuadháin.

READ MORE

Ar an Satharn, tosnóidh siompóisiam an Ollaimh Thomas Redshaw: ‘Forbairt na Gaeilge ó bhunú an Stáit i leith’ ag a 10.30rn.

I measc na rannpháirtithe, beidh iar-leascheannasaí, TG4, an Dr Éamon Ó Ciosáin, Fidelma Ní Ghallchobhair, cathaoirleach an Coiste Téarmaíochta, comhordaitheoi d lí agus Gaeilge Dáithí Mac Cárthaigh.

I measc na rannpháirtithe eile, beidh Mairéad Ní Nuadháin, an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh, Póilín Ní Chiaráin, Máirín Ní Ghadhra agus Clíona Ní Chiosáin.

Seolfar Eachtra Ghiolla an Amaráin le Donncha Rua Mac Conmara, in eagar ag an Dr Pádraig Ó Liatháin (Cló Iar-Chonnacht) mar aon le heagrán nua de Fonn a Níos Fiach le Pádraig Ua Maoileoin (Leabhar Breac) agus beidh siúlóid stairiúil thart ar Inis le Brian Ó Dálaigh.

Is féidir clárú mar bhall de Chumann Merriman ach táille bhliantúil €25 a íoc.

Tuilleadh eolais: merriman.ie