Scéal nua scríofa faoin saol faoi shráid

Is iomaí clár do pháistí a craoladh ar TG4 thar na blianta, cláir a spreag an mhuintir óga. Bhuel, ní hamháin go mbíonn deis ag páistí amharc ar na cláir seo ach tá deis acu léamh fúthu fosta. Pictiúrleabhar nua atá in An Giotár Nua agus é bunaithe ar an tsraith teilifíse Saol faoi Shráid a bhíonn le feiceáil ar Cúla4.

"Scéal spraíúil spleodrach faoi chairdeas," atá ann, leabhar a scríobh Patricia Forde, Kevin O'Boyle agus Meangadh Fíbín, cruthaitheoirí na sraithe, Saol faoi Shráid.

Foilsithe le tacaíocht ó COGG atá sé agus ar fáil anois ar CIC.ie agus i siopaí.