Saothar mór ceoil Shaun Davey le plé ar Raidió Uladh

Léiríodh “The Relief of Derry Symphony” le Shaun Davey ar ardán den chéad uair i 1990 i nDoire Cholmcille le linn chomóradh 300 bliain Léigear Dhoire.

Fiosróidh an cumadóir agus ceoltóir Neil Martin an tábhacht atá leis an saothar ceoil sa chlár raidió, Siansa i nDoire, a chraolfar ar BBC Raidió Uladh, Déardaoin, 19ú Nollaig ag 7.03pm.

Tugann Martin cuireadh do chuid de na ceoltóirí a bhí páirteach sa chéad léiriú sin teacht le chéile arís chun oidhreacht chultúrtha an tsaothair a phlé.

Beidh saothar Davey le cluinstin arís ag ceolchoirm mhór a chuirfidh deireadh le bliain an chultúir i nDoire.