Samhradh an ghrá agus na mbláthanna

Samhradh ar leith, i gcathair ar leith, in am ar leith, 50 bliain ó shin


Leathchéad bliain ó shin, i Mí Meithimh 1967, thaifead na Beatles an tsingil All You Need is Love. Lean an ceirnín seo Penny Lane. Chonacthas an Ceathrar Clúiteach in éadaí síoda sícideileacha agus croimbéal chrú chapaill an duine orthu.

Ba é an rud ba shuntasaí i dtaobh an cheirnín seo, áfach, ná gur craoladh beo é do bhreis is 400 milliún duine i 25 tír ar fuaid an domhain.

Díreach tar éis domsa an Ardteist a chríochnú, d’imigh mé thar lear go Londain chun obair shamhraidh a aimsiú i monarcha bhoscaí cairtchláir.

Bhí sé i gceist go rachainn sall le beirt nó triúr cairde ach tharla nár tugadh cead dóibh siúd taisteal agus bhí ormsa mo cheann scríbe a bhaint amach ar mo chonlán féin.

READ MORE

Is maith is cuimhin liom cathair mhór Londan go luath maidin Dhomhnaigh nuair a bhí formhór na ndaoine ina gcodladh go sámh agus mé féin ag iarraidh mo bhealach a dhéanamh go dtí Ealing Common.

In ainneoin na ndeacrachtaí bhí mé meáite cheana féin ar atmaisféar ‘Londan luascaigh’ a bhlaiseadh. Bhí an scéal amuigh go raibh saoirse ar leith sa chathair sin.

Tar éis seachtaine sa mhonarcha tháinig mé isteach gan dua ar an obair leadránach: ag briseadh amach boscaí cairtchláir agus iad á gcarnadh roimh sheoladh go dtí an crios iompair.

Bhí callaire sa mhonarcha ar a mbíodh ceol á chraoladh agus chomh luath agus a chuala mé féin agus mo chompánaigh chogaidh na Beatles, d'éiríomar as an obair ar feadh tamaillín agus sheas faoin gcallaire fad a chan John Lennon na focail:There's nothing you can do that can't be done/Nothing you can sing that can't be sung...

Tamall ina dhiaidh sin bhuail mé le cailín álainn Sasanach agus shiúlamar amach le chéile ar fuaid na cathrach gach uile dheireadh seachtaine. Bhí an samhradh sin ar cheann des na samhraí ba bhrothallaí dá raibh i gcuntas agus bhí an teocht an-ard go deo.

I bPáirc de hÍde, in aice an Serpentine, shuíomar síos i measc bhuíon hipithe a bhí gléasta in éadaí dathannacha, bláthanna ina gcuid gruaige agus iad ag damhsa do thionlacan giotáir.

Ba léir go raibh siad ar na ribí de bharr marijuana a thógáil ach bhí gach uile dhuine acu go síochánta grámhar.

Go nuige sin bhí mé i mo Mhod óg agus cairdeas cothaithe agam le roinnt Mods a chaith seaicéidí Parka agus hataí Trilby. Théidís ag marcaíocht ar fuaid na sráideanna ar scútair Lambretta a raibh, ar a laghad, trí cheannsolas orthu agus aeróga airgid ar a gcúl le bratainní ildaite ceangailte dóibh. Bhí ré na Mods beagnach thart an samhradh sin, áfach, agus, faoi anáil mo chailín Shasanaigh, níorbh fhada go raibh malairt stíle agam.

Chuir mé airgead i leataobh agus thug mé féin agus mo chailín cuairt ar Shráid Charnaby mar ar cheannaigh mé clóca sícideileach agus cóta dubh PVC.

Nuair a shroich mé baile an samhradh sin bhí mé chomh postúil le cat siopa ag déanamh mustair sa halla rince áitiúil agus mo chlóca sícideileach orm. Bhí mo mháthair bhocht go mór trí cheile agus í ag déanamh nóibhéineacha ar son m’anama óig.

Nuair a seinneadh If You're Going to San Francisco le Scott MacKenzie, aintiún an tsamhraidh sin, ghabhamar amach idir bhuachaillí agus chailíní, in aon líne amháin, agus isteach linn i ngairdín an tsagairt paróiste áit ar bhaineamar bláthanna lenár ngruaig a chóiriú.

Braithim truamhéala ar leith i soineantacht an ama sin nuair a thug glúin óg cúl le smacht, le rachmas agus le cinedheighilt chun cumhacht na mbláthanna a bhunú, iad dall ar réaltacht an tsaoil chrua: laistigh de bhliain amháin thosódh trioblóidí an Tuaiscirt agus foréigean thar na bearta a mhairfeadh ar feadh dhá scór bliain.

Má bhí All You Need is Love súchaite ar chaoi, bhí an coincheap i bhfad Éireann níos inghlactha ná "No surrender" nó briathra LBJ "I am not going to lose Vietnam".

Maireann 'Samhradh an Ghrá' agus 'Cumhacht na mBláthanna,' fós i mo chuimhne; albam coincheapa na mBeatles Sgt Pepper's Lonely Hearts Club Band, Nights in White Satin leis na Moody Blues agus, dár ndóigh, máistreacht Jimi Hendrix ar an ngiotár leictreach!

Tá garpháistí anois ag glúin an bhabaíbhorrtha agus tá stór luachmhar scéalta le haithris acu ar an tréimhse órga sin. In ionad Chogadh Vítneam na laethanta sin tá cogaí ar siúl gan srian anois san Iaráic, sa tSiria, san Afganastáin, sa tSomáile agus tíortha eile gan trácht ar ainghníomha ISIS.

Is beag ceacht a foghlaimíodh ó shin i leith.