Samhail nua do chúram leanaí óga de dhíth ar an tsochaí

Níl aon amhras ach go bhfuil dlúthbhaint idir cúram leanaí óga agus cothú na leanaí óga sin. Ba láidre i bhfad an cás a bheadh ag máithreacha fanacht bliain sa mbaile lena leanaí, mar ba mhian leis an tromlach más fíor, agus mar a mholann mórán staidéir idirnáisiúnta, Forógra Innocenti Unicef mar shampla. Is fearr do na leanaí dá mbeidís fós ar bhrollach a máthar.

Ó thaobh Leasa Shóisialaigh de is mar seo a roinntear tíortha an Iarthair - Daonlathach Sóisialta/Liobrálach/Coimeádach a fhreagraíonn go ginearálta do na tíortha Lochlannacha/an tAnglasféar/ agus tíortha eile. Is sa chéad ghrúpa atá an ráta is airde leanaí á gcothú ag a máthair.

Is sa dara grúpa, ina bhfuil Éire, atá an ráta is ísle agus i measc na dtíortha sin is againne atá an ráta is ísle fós – níos lú ná leath tar éis cúpla lá agus níos lú ná deich faoin gcéad faoi sé mhí, níos ísle ná Stáit Aontaithe Mheiriceá, áit gur ar éigean a fhaigheann máithreacha saoire ar bith ar bhreith a leanaí. Cé go bhfuilid ann a deir gurb ionann agus mná a chur ar ais sa phluais a bheith ag moladh go gcothóidís a leanaí sa mbaile ar feadh bliana, is sna tíortha gurb shin an gnáthnós is airde ráta fostaithe na mban, agus is lú an difríocht idir teacht isteach fir agus mná.

Bhraithfeá mar sin, gur a mhalairt atá fíor agus gur sna tíortha go bhfuil máithreacha ag filleadh ar an gcleachtadh cíoch a thabhairt dá leanaí ar a laghad ar feadh bliana, is mó a léirítear meas ní hamháin ar scileanna mhná ach ar riachtanaisí leanaí óga freisin. Cur chuige eile ar fad é polasaí féindóthaine nó féinsoláthar ó thaobh chothú agus chúram leanaí óga, samhail gan leanaí faoi bhun bliana nó bliain go leith i naíolanna ná gá le púdar bainne.

READ MORE

Bliain go leith a deirim, mar ó thaobh chomhionannas inscne de, agus ag smaoineamh freisin ar leas na leanaí, níor mhiste, mar atá sna tíortha Lochlannacha, leathbhliain saoire tuismitheora
d'aithreacha. Má cheaptar go bhfuil fad na dtréimhsí saoire sin ró-uaillmhianach, ba mhór an dul chun cinn naoi mí don mháthair agus trí mhí don athair.

75 faoin gcéad no 80 faoin gcéad pá a bhíonn i gceist do na tréimhsí fada saoire seo, rud a thagann le réasún mar go sábháiltear na costaisí a bhaineann le dul ag obair. Ar ndóigh, fiú má fhilleann máthair ar a post tar éis sé mhí is féidir léi leanacht le cothú a linbh maidin agus oíche agus i rith an lae ag na deireadh seachtainí chomh fada agus is mian léi.

Dhá bhliain ar an gcíoch a mholann an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO). Go deimhin, is cúiteamh ar na huaireanta a bhíonn máthair scartha óna leanbh óg, gan an ceangal seo a bhriseadh ar fhilleadh di ar phost. Dála an scéil, níl dochar i ngloine fíona nó beorach; is mar gheall ar an easpa measarthachta i gcúrsaí ólacháin sa tír seo a mholtar staonadh ar fad le linn toirchis agus diúil.

Tá ábhar tráchtais sna cúiseanna a aithnítear agus go deimhin nach n-aithnítear leis an líon an-bheag leanaí in Éirinn a chothaítear ar bhrollach a máthar.

Ós rud é go raibh an scil seo ag ár seanmháithreacha nuair nach raibh an dara rogha acu, is féidir glacadh leis nach cúiseanna fisiciúla ach cúiseanna
soch-chultúrtha atá taobh thiar den athrú meoin. Níl aon amhras ach go bhfuil easpa muiníne cothaithe ag comhlachtaí púdar bainne i gcumas máithreacha leanacht, nó fiú tosú, ag cothú a leanaí, easpa muiníne atá á thabhairt ar aghaidh anois ó ghlúin go glúin.

Anuas air sin tá tuairimí trína chéile – ó fhir níos mó nó ó mhná déarfainn – a shamhlaíonn ball gnéis nó eisfhearrtha leis an gcíoch, agus mar sin gur rud príobháideach nó náireach fiú cothú cíche, rud nár mhaith leo go mbeadh a bpáirtí ag plé leis.

Go discréideach ach gan a bheith scoite amach ón gcomhluadar nuair is ann dó is fearr a éiríonn le cúrsaí.

Tréith fíor-Éireannach a bheith amhrasach faoi thíosaíocht agus faoi dhaoine a chleachtaíonn í agus bhraithfeá uaireanta nach buntáiste ach
míbhuntáiste bainne cíche a bheith ar fáil saor in aisce. Iarsma is dócha den bhochtaineacht agus den chóilíniú a bheith faoi gheasa ag an rud a bhfuil praghas air nó a thagann ón taobh amuigh.

Ní haon éacht fisiciúil ná praiticiúil é leanbh a dhiúl ar feadh bliana nó dhó. Cé go raibh ardú le sonrú sna figiúirí is déanaí, máithreacha a rugadh i dtíortha eile ba chúis leis, agus ina measc siúd, dá fhad a bhíodar anseo is ea is gaire d’fhigiúirí na tíre seo a bhíodar.

Ábhar machnaimh cinnte.