Sa chró le Barthes

Is mar ‘dhéithe’ a chuireann Barthes síos ar choraithe agus iad sa chró


Ba bheag spéis a bhí agam i gcúrsaí spóirt agus mé ag fás aníos, ach nuair a bhíos ocht nó naoi mbliana d’aois bhíos fiáin ar fad faoi iomrascáil World Wrestling Federation (WWF).

Déarfaidh go leor agaibh nach spórt é ó cheart, gur siamsaíocht atá ann, ach pé ar bith é, bhíos gafa ag coraithe Mheiriceá.

Bhíos sáite sna coimhlintí áiféiseacha laistigh agus lasmuigh den chró, agus ba nós liom cuntas a bhreacadh orthu im’ dhialann, ar chúis éigin.

Is dócha nach mbíodh mórán ar siúl i Rang a Trí arbh fhiú a bhreacadh i ndialann.

READ MORE

Aiteas chailín óig, b’fhéidir, ach thabharfadh an fealsamh Roland Barthes breithiúnas i bhfad níos cineálta orm.

Dar leis gur feic atá san iomrascáil, seachas spórt, agus is léannta an síos a dhéanann sé in aiste a scríobh sé i lár na 1950í, i bhfad sular deineadh seó bóthair den WWF.

Is ag trácht ar ghnásanna iomrascála Pháras a bhí sé san aiste chéanna, ach d’fhéadfaí go leor dá chuid smaointeoireachta a chur i bhfeidhm ar leithéidí Hulk Hogan, a bhí i mbarr a réime sa tréimhse go mbínnse ag faire ar an gcoraíocht.

Is cuma le lucht féachana na hiomrascála faoi chaimiléireacht, dar le Barthes; is ón bhfeic, ón aicsean a fhaightear sásamh.

(Is cuimhin liom mo dheartháir mór ag iarraidh a chur ar mo shúile dom nach raibh ann ach geáitsíocht bhréagach. B’fhéidir é, ach is cuma liom, a bhéiceas air.)

Is dallamullóg d’aon ghnó a bhíonn á cur ag breathnóirí iomrascála orthu féin.

Murab ionann agus an dornálaíocht, ina leantar scéal agus a bhfuil tábhacht faoi leith leis an toradh; tá an té atá ag breathnú ar iomrascáil gafa sa nóiméad, i ndíograis an léirithe.

Ní hí an bhuachtaint an fheidhm atá ag an gcoraí, mar sin, ach ligint air go dteastaíonn uaidh buachtaint. Tá an taispeántas os cionn gach ní.

Tarraingíonn Barthes aird ar ghnéithe na hiomrascála atá ar nós chúrsaí amharclannaíochta: na mascanna; an teanga dhrámatúil; gothaí tragóideacha an té a cloíodh…

N’fheadar an mbronnfaí gradam aisteoireachta ar an Undertaker as a ról ciúin, bagarthach, ach is cinnte go bhfaigheadh a bhainisteoir, Paul Bearer (abair os ard é) duais as a chuid aiteachas.

Tá soiléireacht ag teastáil i gcúrsaí iomrascála óir is gá gach ní a thuiscint ar an toirt (rud atá tarraingteach do pháistí, is dócha).

A luaithe is atá na céilí comhraic sa chró, tuigeann an lucht féachana láithreach cé na rólanna atá acu.

Aithnítear an saghas coraí de réir a choirp, dar le Barthes, is é sin go léiríonn corp agus geáitsíocht an choraí cé acu an maith nó olc é.

Luann sé coincheap an salaud (an bastairt), coraí mór ramhar a chuirfeadh déistin ort.

Jake the Snake

Yokozuna a chomhlíonann é an ról seo domsa, fear millteach téagartha a lig air gur Zumo Seapánach é. (B’as as Samó é, i ndáiríre.)

Nó, go deimhin, d'fhéadfaí Jake 'the Snake' Roberts a lua leis an salaud toisc go mbíodh nathair nimhe á iompar thar a ghualainne aige.

Ba leor sin mar fhearas chun a phearsantacht a chur in iúl.

Ag tarraingt ar charachtar de chuid Molière (Harpagon in L’Avare), déanann Barthes cur síos ar an gcoraí atá lán suas de féin, sotalach.

Is dócha gurb iad Ric Flair agus an Macho Man Randy Savage is túisce a ritheann liom, cé gur tháinig athrú ar Savage de réir mar a shleamhnaigh na blianta leo.

Bíonn éagsúlacht carachtar ag teastáil in amharclann an WWF, is dócha.

I measc na mórthréithe a fheictear san iomrascáil, luann Barthes an Fhulaingt, an Díomua, agus an Ceartas.

Tá mar a bheadh léargas gáifeach ar na gnéithe seo den staid dhaonna.

Feictear an té a bhfuil barróg coise air agus a aghaidh lán d’fhulaingt; is é feic na fulaingthe sprioc na bruíne.

Pé taispeántas den bhréagfhulaingt a chuirtear ar siúl laistigh den chró, is i ndiaidh na mbabhtaí a bhraitear an fhulaingt go fíreannach.

Is annamh a bhíonn críoch shona ar na coraithe tar éis blianta de bhuillí agus de mhí-úsáid a bhaint as an gcorp.

Bíonn lucht iomrascála seasta ar an mbóthar, oíche i ndiaidh oíche, taispeántas i ndiaidh taispeántais; is uaigneach an saol é.

Sibhse a chonaic an scannán The Wrestler le Darren Aronofsky, aithneoidh sibh a leithéid d'ainnise i léiriú Mickey Rourke.

Ba é an grá a fuair sé óna lucht leanta an t-aon rud a choimeád sa tsiúl é agus a chuir iachall air filleadh ar an gcró.

Is mar ‘dhéithe’ a chuireann Barthes síos ar choraithe agus iad sa chró, déithe a chuireann leagan sothuigthe den Cheartas os ár gcomhair.

N’fheadar an mbíonn an saghas sin anailíse ar bun ag lucht féachana WWF, ach is maith liom an léamh meabhrach a dhéanann sé ar an spórt ba ghaire dom’ chroí is mé im’ leanbh.

Is é an trua é nach bhfuil Barthes thart inniu chun a chuid tuairimí i dtaobh an UFC – Ultimate Fighting Championship – a nochtadh.

Shamhlóinn go mbainfeadh sé go leor adhmaid as urlabhra agus as postúlacht Colin McGregor.