Súil, Súil Eile

Foilseachán Breathnóireachta le Forbairt Naíonraí Teoranta

Is é Súil, Súil eile an foilseachán is nuaí le Forbairt Naíonraí Teoranta (www.naoinrai.ie), eagras náisiúnta deonach a thacaíonn le seirbhísí, cúram agus oideachas trí Ghaeilge a fhorbairt agus a chur chun cinn do pháistí ó aois an chliabháin ar aghaidh.

Leabhar 56 leathanach atá sa leabhar seo a dhíríonn ar bhreathnóireacht ar Shealbhú na Gaeilge i gcomhthéacs fhorbairt iomlán an linbh.

Dúirt urlabharaí thar ceann an eagrais go raibh “béim láidir le tamall anuas ar scileanna agus áiseanna breathnóireachta agus ar na modhanna éagsúla chuige sin a bhíonn á n-úsáid sna seirbhísí luathbhlianta. Bíonn toise breise shealbhú teanga i gceist le saothar FNT agus ba ríléir don eagraíocht an easpa tagairt don luath-thumadh iomlán sna teimpléid a bhíodh ar fáil. Ba ghá teimpléid a fhorbairt le breathnóireacht a dhéanamh ar shealbhú teanga i dtaca le forbairt iomlán an libh agus líonfaidh Súil, Súil eile an bhearna sin.

“Tharraing FNT ar saineolas agus sainscileanna na heagraíochta le tabhairt faoin saothar. Eagraíodh scéim phíolótach le roinnt naíonraí agus d’eascair na teimpléid atá sa leabhar seo, teimpléid atá bunaithe ar theoiric, ar dhea-chleachtais agus ar an bhfoghlaim as na trialacha seo.”

READ MORE

Is é dóchas FNT go mbeadh fáilte ag stiúrthóirí naíonraí, pobal na luathbhlianta agus saineolaithe sealbhaithe teanga roimh an fhoilseachán seo. Chuir siad rompu an t-ábhar a leagan amach ar bhonn córasach, struchtúrtha le dearadh a bhí tarraingteach agus le treoir shoiléir. Is é a mian go gcuirfidh Súil, Súil eile le cumas stiúrthóirí naíonraí a gcuid seirbhísí a neartú.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times