Séasúr nua ceoil le hAoife Nic Cormaic i mBaile Átha Cliath

Is í an fidléir/cumadóir ceoil Aoife Nic Cormaic a
chuirfidh tús le séasúr an fhómhair de "Bewley's @ 6!" Dé Máirt seo chugainn, 24ú Meán Fómhair. Sraith de thráthnónta siamsaíochta is ea "Bewley's @ 6!", atá á reáchtáil go míosúil ag Gael Linn sa chaifé stairiúil sin ar Shráid Ghrafton i mBaile Átha Cliath ag 6pm.

Thosaigh Nic Cormaic ag seinm ar an bhfidil agus í sa bhunscoil agus is minic í le cloisteáil ag seisiúin cheoil ina cathair dhúcháis, Baile Átha Cliath.

Tá camchuairteanna déanta aici in Éirinn agus thar lear le leithéidí Kíla agus leis na hamhránaithe Aoife Ní Fhearraigh agus Phil Callery.Chomh maith le bheith ina ceoltóir, tá cláir fhaisnéise scríofa, léirithe agus stiúrtha aici do TG4.