Rudolf nó Rosie – ceist na féiniúlachta don réinfhia

Chualathas an t-amhrán buan Nollag sin, Rudolph the Red-Nosed Reindeer, den chéad uair i 1949 ach bhí an nasc idir réinfhianna agus an Nollaig bunaithe i bhfad bhfad roimhe sin.

Tá tagairtí i dtéacsanna i mBéarla ó Athbheochan an Léinn do dhaoine le beanna réinfhianna orthu le linn dhamhsaí Nollag na céadta bliain sular fhás an finscéal a bhain le Daidí na Nollag.

Tháinig Rudolph féin ar an bhfód den chéad uair i leabhrán maisithe le pictiúir a scríobh Robert May i 1939 do shiopaí ilranna Montgomery Ward i Meiriceá.

Bhí sé de nós ag na siopaí sin leabhráin a thabhairt amach saor in aisce do pháistí um Nollaig.

READ MORE

Bhain deartháir céile May, Robert Marks, úsáid as an téama don amhrán a scríobh sé faoi Rudolph i 1949. Ba é Gene Autry, “the singing cowboy” mar a thugtaí air, a chan an t-amhrán den chéad uair.

Ach conas a d’fhéadfadh srón Rudolph a bheith chomh dearg sin go bhféadfadh sé carr sleamhnáin Dhaidí na Nollag a threorú? Bhí tuairim ann go raibh slaghdán ar an réinfhia bocht.

Bhí tuairim eile ann nach raibh róchineálta do chlú Rudolph.

D’éirigh an tuairim seo as an bharúil gur ith Daidí na Nollag na brioscaí agus gur ól sé an bainne a fágadh amach ach go raibh níos mó suime ag Rudolph sa ghloine uisce beatha. (Ach cad mar gheall ar na cairéid?)

Tugann taighde eolaíochta a rinneadh san Iorua míniúchán eile dúinn (tá an chuma ar an scéal gur féidir leis an eolaíocht gach rud a mhíniú cibé acu a theastaíonn sé uait nó nach dteastaíonn).

Dealraítear – agus tá sé seo mífhortúnach do Rudolph – gur timpeallacht soicheallach í srón an réinfhia do sheadáin.

Tá na cnámha sróine clúdaithe le sreabhainn lán le fuil a théinn an t-aer nuair a tharraingíonn an réinfhia a anáil isteach agus a fhuaraíonn an t-aer nuair a ligeann sé a anáil amach. Is sa tslí seo a laghdaítear ar an méid teasa agus uisce a chailleann siad.

Seadán
Ar aon nós, roinnt blianta ó shin dúirt eolaí ó Ollscoil Osló go mb'fhéidir gurbh é an chúis go raibh srón dearg ag Rudolph ná go raibh galrú seadánach den chóras riospráide ag an réinfhia bocht.

Is léir go bhfuil a lán seadán faoi leith a chuireann isteach ar na réinfhianna – fiche nó níos mó.

Ualach amháin é Daidí na Nollag, ar ndóigh, ach nuair a smaoiníonn tú ar na seadáin sin go léir, ní aon ionadh é go bhfaigheann Rudolph srón dearg.

Tá sé deacair tuiscint cén fáth go bhfuil baint chomh mór sin ag na réinfhianna le cultúr na Nollag agus níl an t-alt gearr seo chun an cheist mhór sin a phlé ach tá drochscéal eile aige le cur in iúl maidir le fírinne an amhráin.

Deir eolaí eile linn, a bhfuil staidéar déanta aici ar réinfhianna, nach léirítear go cruinn iad ar chor ar bith le linn shiamsa na Nollag.

Tóg, mar shampla, an chaoi ina léirítear iad de ghnáth ar chártaí Nollag. Is iad na réinfhianna amháin, i measc na ngnéithe fia, a mbíonn beanna ag an dá ghnéas.

Ach cailleann an réinfhia fireann a bheanna timpeall na tréimhse den bhliain a cheiliúrtar an Nollaig.

Cúrsaí collaíochta is cúis leis sin agus ní phléimid níos mó é – ach b’fhéidir gur iarracht atá sna léirithe míchruinne de Rudolph lena bheanna an taobh duairc de shaol an fhia a shéanadh.

Éiríonn an scéal níos measa. Don chuid is mó, úsáideann na Lapplanaigh réinfhianna coillte chun ualaí a tharraingt.

Má choilltear iad, bíonn timthriall neamhrialta maidir lena mbeanna acu agus coimeádann siad iad níos faide ná réinfhianna nach gcoilltear. Mar sin, chun a bheanna a bheith aige ar chárta Nollag, bheadh Rudolph gan fearas, mar a deirtear.

De réir mar a fhoghlaimímid níos mó faoi na réinfhianna, is amhlaidh atá an scéal ag éirí níos measa do mhaisitheoirí chártaí Nollag. Nuair a bhíonn na réinfhianna fireann ag cur a bhfuinnimh amú ar ghnéas agus foréigean, bíonn na réinfhianna baineann ag cur suas feola go flúirseach.

Faoin am a thagann an Nollaig, is ag na réinfhianna baineann amháin a bheadh na beanna agus an fuinneamh chun carr sleamhnáin lán le bronntanais a tharraingt ar fud an domhain.

Ba chóir Rosie the Red-Nosed Reindeer a thabhairt ar amhrán Marks, b’fhéidir.