Reachtaíocht teanga le foilsiú gan mhoill

Foilseofar gan mhoill Cinn an Bhille nua le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (2003) a leasú i ndiaidh gur phléigh an Rialtas inné iad. Ní fios fós an bhfuil aon athrú déanta ar an dréacht de Chinn Bhille na dTeangacha Oifigiúla (2014) ó sceitheadh iad le Conradh na Gaeilge ag tús na míosa seo caite.

Dúirt uachtarán Chonradh na Gaeilge, Cóilín Ó Cearbhaill, le Bileog inné go raibh sé ag súil “nach iad na moltaí lochtacha céanna” a d’fhoilseofaí.“Más mar a chéile na leasuithe a sceitheadh linne mí ó shin agus na leasuithe a fhoilseofar, céim mhór ar gcúl don teanga a bheadh ann a chruthódh nach raibh an Rialtas seo ag éisteacht leis an bpobal agus nár thug siad aird ar na moltaí a tháinig ón bpobal mar chuid den athbhreithniú ar Acht na dTeangacha,” a dúirt sé.

Rinne Conradh na Gaeilge cáineadh láidir ar na dréachtmholtaí a sceitheadh. Dúirt Ó Cearbhaill an uair sin gur chúis iontais ba ea é gur thóg sé dhá bhliain ar an Rialtas “dréacht chinn Bhille chomh lag, lochtach, díomách a dhréachtú”.

Dúirt Ó Cearbhaill chomh maith gur léir ón gcáipéis sceite nár tógadh mianta phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta san áireamh agus an reachtaíocht á dréachtú agus nach raibh i gceist inti ach “cúngú agus cúlú agus níos lú seirbhísí Gaeilge don phobal”.

READ MORE

Cháin Conradh na Gaeilge na leasuithe a bhí molta sa cháipéis sceite mar nach raibh aon soláthar inti a chinnteodh go mbeadh gach seirbhís á cur ar fáil as Gaeilge do phobal na Gaeltachta “gan ceist, gan coinníoll” agus mar nach raibh aon spriocanna inchreidte tugtha inti maidir le hearcaíocht daoine le Gaeilge san earnáil phoiblí.

Ba chúis dhíomá don Chonradh go raibh sé i gceist dul ar aghaidh leis an gcónascadh idir Oifig an Choimisinéara Teanga agus Oifig an Ombudsman, rud a chuirfeadh “dea-obair agus neamhspleáchas Oifig an Choimisinéara Teanga i mbaol”.

Rinne an freasúra cáineadh chomh maith ar a raibh molta sa cháipéis sceite. Dúirt iar-Aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív (FF) go raibh formhór na moltaí “teicniúil nó diúltach”.

Thug an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh (SF) le fios go raibh “an chosúlacht” ar an gcáipéis “gurb é an treo atáthar ag dul ná go bhfuiltear ag dul ag déanamh lagú an-mhór ar Acht na dTeangacha Oifigiúla”.

Idir an dá linn, beidh Conradh na Gaeilge i measc na n-eagraíochtaí a fhreastlóidh inniu ar an chéad chruinniú den Choiste Comhairleach a bhunaigh Aire Stáit na Gaeltachta Dinny McGinley le plé a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.

Beidh toscaireacht ó Chonamara ag dul go Baile Átha Cliath inniu chun stocaireacht a dhéanamh ar na hionadaithe ó na heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta a bheidh ag freastal ar an chéad chruinniú den choiste.

Dúirt Donncha Ó hÉallaithe, urlabhraí na toscaireachta, go raibh sé ag iarraidh a chinntiú nach mbeadh “lámha” na n-ionadaithe “ceangailte ag na téarmaí tagartha atá leagtha síos” ag Roinn na Gaeltachta don choiste nua.

Dúirt sé gur chóir go mbuailfeadh na hionadaithe le chéile níos minicí ná uair sa ráithe mar a bhí beartaithe agus gur cheart go mbeadh an coiste nua faoi chathaoirleacht neamhspleách.

“Tá sé tábhachtach chomh maith go mbeidh deis ag an gCoiste Comhairleach nithe a chur ar an gclár oibre ar nós na leasuithe a theastaíonn a bheith curtha ar Acht na Gaeltachta agus an gá práinneach atá le Bord Oideachais don Ghaeltacht má tá aon rath le bheith ar an bpleanáil teanga, sa mhéid bheag den Ghaeltacht ina bhfuil an Ghaeilge fós á labhairt,” a dúirt Ó hÉallaithe.