Rónán Ó Domhnaill le bheith ina Choimisinéir nua Teanga

fear Chonamara le dúshlán na reachtaíochta a thabhairt

An t-iriseoir Rónán Ó Domhnaill (38) atá ainmnithe ag an Rialtas le feidhmiú mar an chéad Choimisinéir Teanga eile.

Dúirt Ó Domhnaill gur “onóir agus pribhléid” a bhí ann a bheith ainmnithe do “ról chomh tábhachtach leis seo”.

Tagann Ó Domhnaill ón Cheathrú Rua i nGaeltacht Chonamara ó dhúchas agus tiocfaidh sé i gcomharbacht ar an Uasal Seán Ó Cuirreáin atá le héirí as an phost ag deireadh na míosa seo.

Is Comhfhreagraí Polaitíochta de chuid Nuacht RTÉ/TG4 é Ó Domhnaill agus tá sé ag obair leis an stáisiún ó 1998. Cuireann sé clár seachtainiúil cúrsaí reatha RTÉ, The Week in Politics , i láthair go rialta. Tá sé pósta ar an iriseoir, Irene Ní Nualáin, agus tá beirt pháistí acu.

READ MORE

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley TD, go raibh áthas air go raibh “an tUasal Ó Domhnaill tar éis glacadh leis an ainmniúchán don phost mar Choimisinéir Teanga úr.

“Tá ardmheas ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta air ina cháil mar chomhfhreagraí polaitíochta agus tá mé cinnte go rachaidh an taithí atá aige i dtairbhe go mór dó mar Choimisinéir Teanga”.

Chuir ardrúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, fáilte roimh an cheapachán ach cháin sé an Rialtas fosta, á rá go mbeadh "deis ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, thuaidh agus theas, a bhfearg agus a ndíomá a chur in iúl ag Lá Mór na Gaeilge i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn seo chugainn, fearg agus díomá i dtaca leis an tslí a chaith an Rialtas ó dheas leis an gCoimisinéir Teanga reatha go háirithe".

'Ar buille'
Dúirt sé go raibh pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta "ar buille leis an Rialtas as an easpa ghnímh agus an easpa dul chun cinn atá déanta lena chinntiú go mbeadh dóthain Gaeilge ag fostaithe an Stáit chun go mbeadh siad in ann freastal go hiomlán as Gaeilge ar phobal na Gaeltachta, gan cheist, gan choinníoll, faoi dheireadh 2016 ar a dhéanaí".

Thréaslaigh ceannasaí Ghael Linn, Antoine Ó Coileáin, a cheapachán le Ó Domhnaill.

Dúirt sé “go mbeadh dúshlán mór roimhe bonn inchreidte a chur faoi phróiseas pleanála a thabharfadh feidhm do stádas oifigiúil na Gaeilge agus a dheimhneodh cearta teanga do phobal na Gaeilge”.

Rinne an coimisinéir reatha, Seán Ó Cuirreáin, comhghairdeas leis an Dálach fosta agus ghuigh gach rath air agus é ag cur chearta teanga chun cinn.

D’fhógair Ó Cuirreáin go raibh sé le héirí as a phost de bharr gur chreid sé go raibh an Stát ag déanamh faillí i gcearta teanga phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge.