Praiseach an Rialtais

An ndéanfar fiosrúchán cothrom ar chúrsaí na mbanc?


Rud amháin atá soiléir faoin gcur agus cúiteamh a bhain leis an bhfiosrúchán baincéireachta le coicís anuas – tá praiseach déanta ag an Rialtas de, níl dabht faoin spéir faoi sin.

Ceann de na haidhmeanna lárnacha a bhí i gClár an Rialtais ná geallúint go mbeadh fiosrúchán baincéireachta ann a mhíneodh go críochnúil céard go baileach a thit amach sna deich mbliana sin ina raibh bolgán tógála ag dul i méid.

Tharraing an Taoiseach Enda Kenny nath iomráiteach Albert Einstein chuige féin chun an cuspóir sin a mhíniú: “Foghlaim ón lá inné; mair don lá inniu; bí ag súil don lá amárach.” Faraor, ní raibh mórán de rian Einstein le feiceáil san mbealach ar dhíríodar ar an tógra sa Rialtas.

Sa chéad dul síos, bhí muinín ag an gComhrialtas nua go mbeadh siad in ann an méid cumhachta a bhí ag coistí Dála a neartú agus a leathnú. Le glúin anois, tá srian ar chumhachtaí na gcoistí ó cailleadh cás Mhainistreach Leath Rotha agus lámhachadh John Carthy.

READ MORE

Chinn na cúirteanna sa chás sin nach raibh sé de cheart ag coiste Oireachtais aon bhreith ná tuairisc dhiúltach a dhéanamh i dtaobh aon saoránaigh.

Reachtáladh Reifreann chun toradh na breithe sin a athrú agus na cumhachtaí láidre sin a thabhairt ar ais do choistí Oireachtais.

Ach bhí feachtas an Rialtais an-lag ar fad agus cailleadh an Reifreann. Dá dheasca sin, bhí moill mhór i ndán don choiste fiosraithe – agus dúshlán mór dlí chomh maith.

Thóg sé beagnach dhá bhliain ar an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chun dréacht den dlí nua a ullmhú agus ba léir go mbeadh aon choiste a chuaigh i mbun fiosrúcháin teoranta go maith maidir le cáineadh a dhéanamh ar aon saoránach nach raibh ina bhall nó ina ball den Oireachtas.

Fós féin, bhí sé de chead ag na coistí iachall a chur ar fhinnéithe a bheith i láthair chun ceisteanna a freagairt ar aon ábhar. Agus cé go bhfuil srianta i gceist, is é an chuid sin – na héisteachtaí poiblí, áit a gcuirfear ceisteanna crua – a bheas i gcroílár an chórais nua.

Tá a fhios ag an saol mór go bhfuil na srianta chomh láidir sin nach mbeidh féidireacht ann tuairisc théagartha a chur le chéile. Ach má fhaightear seans chun na boic mhóra ó na bainc, na hiarpholaiteoirí, na hiar-oifigigh Stáit, a tharraing isteach, beidh a fhios ag daoine cé a bhí ag tarraingt na gcos, cé a luigh siar ar na maidí agus cé a bhí inniúil agus ionraic.

Ach de réir a chéile a thógtar na caisleáin. Bhí tréimhse eile againn sula raibh na córais agus na próisis in áit chun an coiste seo a chur le chéile agus cruth an fhiosrúcháin réitithe.

Gaisce beag a bhí ann do Brendan Howlin mar dúradh leis tar éis gur chaill sé an Reifreann nach raibh a leithéid de choiste indéanta gan cumhachtaí breise Bunreachtúla.

Só, cé go raibh Fianna Fáil amhrasach ón chéad lá riamh gur triail pholaitiúil amach is amach a bheadh ann, triail a mbeadh mar chuspóir aici leithéidí Brian Cowen agus Brian Lenihan, nach maireann, a náiriú go poiblí, rinneadh roinnt iarrachtaí an nimh sin a bhaint agus taispeáint nach mbeadh claonadh ná leatrom i gceist.

Cinnte, bhí móramh beag ag an Rialtas, mar is gnáthach le coistí Oireachtais.

Ach, ar an drochuair, thosaigh chuile rud ag tititm as a chéile ag tús na míosa seo. Bhí seachtar ón Dáil ainmnithe cheana féin: Ciarán Lynch ón Lucht Oibre mar chathaoirleach, tríur eile ón Rialtas, agus triúr ón bhfreasúra. Ní raibh le déanamh anois ach beirt eile a phiocadh ón Seanad bíodh is go raibh gach duine ag súil go dtiocfadh duine amháin ón Rialtas agus an Seanadóir eile ón bhfreasúra.

Ach nuair a tháinig an fochoiste roghnaithe le chéile sa Seanad, bhí triúr in easnamh, beirt ó pháirtithe an Rialtais.

Rinne Fianna Fáil tairiscint an cruinniú a chur ar athló ach chinn Maurice Cummins ó Fhine Gael agus Ivana Bacik ón Lucht Oibre go rachadh an cruinniú ar aghaidh.

Ach bhíodar ródhíocasach mar chuaigh an coiste ag snámh in aghaidh easa agus phiocadar beirt ón bhfreasúra, beag beann ar aon socrú a bhí ann roimh ré.

Dúirt Michael Noonan an tseachtain seo gur “stróc” seanfhaiseanta a bhí ann agus Fianna Fáil mar údar air. Ar aon chaoi, fuarthas an ceann ab fhearr ar an Rialtas.

Déanta na fírinne, bhí an chéad chleas a d’imir an Rialtas agus iad ag iarraidh an cluiche a athimirt éagórach go maith. Rinneadar díspeagadh ar an mball nua, an Seanadóir Marc MacSharry (FF), ag iarraidh a dhéanamh amach nach raibh sé cáilithe ná oiriúnach mar bhall.

Nuair nár éirigh leis sin, rinneadh cinneadh beirt bhall sa mbreis a ainmniú sa Seanad d’aon ghnó.

Bheadh a móramh ar ais ag an Rialtas mar gur tháinig an bheirt ó pháirtithe an Rialtais. In ainneoin an chlampair a thit amach sa Seanad nuair a fograíodh an socrú nua, ní raibh an dara rogha ag aon duine é a dhiúltú ós rud é go raibh na vótaí ag Fine Gael agus an Lucht Oibre.

Agus díreach nuair a bhí chuile rud ag éirí ciúin, chinn Stephen Donnelly seasamh siar mar go raibh sé ag cur in aghaidh an chaoi inar láimhseáladh an rud ar fad.

An bhfuil dochar níos leithne déanta? An mbeidh an coiste in ann fiosrúchán iomlán críochnúil a dhéanamh, fiosrúchán a bheas cothrom?

Feicfidh muid amach anseo.