Prátaí bruite agus g&t galánta

Ag séanadh do dhúchais


Tá mé rófhada san Irish Times. Tá luachanna bréige na meánaicme ag fáil greama orm diaidh ar ndiaidh. Tá mé ag éirí ardnósach; ag séanadh mo dhúchais; ag tabhairt cúil le cine. A Thiarna, léim ailt anois faoi chúrsaí rugbaí. Tá mé ag éirí buartha faoi na leaids i gcomórtas na Sé Náisiún. Ní raibh mé riamh ag cluiche rugbaí!

Más olc sin, is measa arís an méid seo a leanas. Cheannaigh mé prátaí an lá faoi dheireadh. Is fíor gur i siopa traidisiúnta grósaera a cheannaigh mé iad agus is i seanmhála caite a cuireadh iad, murab ionann agus mála deas ó Brown Thomas.

Mar sin féin, bhí na prátaí seo scafa cheana féin. Sea, léigh tú sin mar ba cheart, bhí an craiceann bainte díobh – cheana féin. Bhí na prátaí seo chomh geal le liathróid sneachta; bhí siad lom nocht; bhí siad ris os comhair na gcustaiméirí.

Chonaic mé roimhe iad, na prátaí loma nochta seo. Bhí siad ann le tamall agus mé ag ceannach prátaí traidisiúnta, prátaí faoi chraiceann agus faoi chlábar, prátaí a tháinig as an ghort ar chúl tarracóra, prátaí a chuirtear sa doirteal, prátaí a ghlantar, prátaí a scamhtar, ceann ar cheann.

READ MORE

Chonaic mé roimhe iad, na prátaí loma nochta seo. Thug mé neamhaird orthu. Níor cheannaigh mé iad. Cheannaigh mé prátaí traidisiúnta, prátaí faoi chraiceann agus faoi chlábar, prátaí a tháinig as an ghort, prátaí a chuirtear sa doirteal, prátaí a ghlantar, prátaí a scamhtar, ceann ar cheann.

Níl eagla ar bith orm roimh an chistin, roimh bhéile a ullmhú le mo lámha fearúla feimineacha féin. Glanaim mo chuid prátaí féin. Gearraim mo chuid prátaí féin. Cuirim mé féin i dteagmháil agus i dtiúin le hithir na hÉireann, le cultúr na hÉireann, gach aon uair a thógaim práta faoi chlábar as an mhála. Ní den uasaicme mé. Is den chosmhuintir mé. Ní fear baothghalánta mé. Ní duine de na daoine sin mé nach gceannódh King Edwards de bharr go bhfuil baint acu le clann ríoga na Breataine. Is cuma liomsa cad é an sórt práta atá ann. Práta is ea preáta.

Tá filíocht sa phráta fosta. Micheal Hartnett, file, a scríobh Dán Práta:

Inniu chuir mé mo dhánta,

aoileach, scian, scealláin:

an pháirc mo phár bán,

an rámhainn mo pheann.

Tiocfaidh na gasa ina ndideanna glasa

ceann ar cheann,

tiocfaidh an bláth bán is croí ina lár

mar sheile ón ngrian.

Cothaíonn prátaí thú, idir cholainn agus anam.

Prátaí réamhdhéanta

Ó, sea, admhaím gur cheannaigh mé prátaí deasa ó Marks and Sparks roimhe seo, na prátaí deasa beaga réamhdhéanta sin agus sillí orthu. Ach prátaí as an ghnáth a bhí ansin, prátaí do dhinnéar an Domhnaigh, prátaí leis an ualach a éadromú ar lá féile.

Bhuel, tá go maith. Bhí ócáidí eile ann – bhí cróicéid phrátaí agus gráitín prátaí ann. Ach sin uilig. De ghnáth, don chuid is mó ar fad ar fad, is é an práta bocht, bruite nó rósta, a chuirtear ar an tábla; an práta a thagann chun tí go nádúrtha traidisiúnta.

Sea, is olc mo chás. Níorbh fhéile ar bith é seo ach lá scoile, lá stuama i lár na seachtaine.

Níl a fhios agam cad é an taom a bhuail mé. Mheall na prátaí lena nglórtha mé. Chuala mé na prátaí ag caint liom: “Seo muid. Réidh le hithe. Saor ó chraiceann. Ní bheidh ort am ar bith a chaitheamh linn. Tá muid ullamh don uisce.”

Agus ghéill mé. Thóg mé na prátaí loma nochta abhaile. Shéan mé mo dhúchas, mo thógáil, m’oidhreacht. Thug mé cúl mo chinn le hithir na hÉireann, le méara salacha, leis an ghort, leis an chlábar thorthúil.

Cál a rinne mo chabhóg, creidim. Fear mór cáil mé, cál lán ime agus piobair agus é réitithe le chéile le sliseanna bagúin.

(Mo leithscéal, is de Bhaile Átha Cliath theas, thusa, a léitheoir, pancetta, mar sin, neart pancetta.)

Ba ghnách liom ceann cáil a cheannach, na duilleoga a bhaint de, iad a ghearradh mé féin, iad a ní agus a chur sa fhriochtán. Tharla lá amháin, ámh, gur tháinig mé ar chál a bhí réamhghearrtha.

Ba den chéill é a cheannach. Brú ama, an dtuigeann tú?

Tharla an rud céanna i gcás an mheacain dheirg. Chonaic mé mála de mheacan dearg réamhghearrtha sa tsiopa, bataí beaga buí, nite, réidh don phláta. Níor ghá iad a scamhadh agus a ghearradh.

Sea, rófhada san Irish Times atá mé. Tá mé ag éirí róghalánta ar fad, róshotalach, ró-mheánaicmeach.

Is minic a chuirim ceist orm féin anois: an féidir liom g&t a ól le prátaí bruite?