Próiseas comhairliúcháin leis na Bailte Seirbhíse Gaeltachta a roghnú

McGinley ar lorg moltaí


Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley T.D., inniu go raibh sé ar lorg moltaí leis na bailte is fóirsteanaí a roghnú mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta faoi Acht na Gaeltachta. Tugtar Bailte Seirbhíse Gaeltachta ar bhailte atá lonnaithe i Limistéar Pleanála Teanga Ghaeltachta, nó in aice leis, a bhfuil daonra 1,000 duine ar a laghad iontu agus a bhfuil ról tábhachtach acu le seirbhísí a sholáthar do na ceantair sin.

Dúirt an tUasal McGinley: “Nuair a chuirtear san áireamh an tionchar cultúrtha agus geilleagrach a imríonn an Ghaeltacht ar na bailte a dhéanann freastal uirthi agus an tionchar suntasach a bhíonn ag na bailte sin ar an Ghaeltacht féin, is fiú go mór féachaint conas is féidir an tionchar seo a chothú trí aitheantas reachtúil a thabhairt do bhailte mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta. Tabharfar an deis faoin phróiseas comhairliúcháin atá á sheoladh agam inniu do pháirtithe leasmhara agus don phobal araon chun moltaí a dhéanamh faoi na bailte a fheictear dóibh gur chóir a roghnú mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta.”

Is i ndiaidh dó staidéar a dhéanamh ar na moltaí a dhéanfaidh sé cinneadh faoi na Bailte Seirbhíse Gaeltachta a roghnófar. Beidh ar na bailte sin pleananna teanga a aontú le pobal na mbailte féin. Is é Údarás na Gaeltachta nó Foras na Gaeilge a bheidh freagrach as eagraíochtaí a phiocadh le pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta, ag brath ar cé acu atá an baile suite taobh istigh de Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta nó taobh amuigh de. Beidh tréimhse dhá bhliain ag na heagraíochtaí le scéim a ullmhú agus seacht mbliana lena cur i bhfeidhm.

Lena chois sin, d’fhógair McGinley inné go raibh deontas €120,000 ceadaithe aige don eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta le cuidiú leo forbairt a dhéanamh ar sheirbhísí do theaghlaigh atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge sa Ghaeltacht.

READ MORE

Dúirt sé go raibh obair fhiúntach ar siúl ag an eagras agus “iad ag cuidiú le teaghlaigh Ghaeltachta chun a bpáistí a thógáil le Gaeilge. Nuair a chuirtear san áireamh an dlúthbhaint atá ag an obair sin leis an phróiseas pleanála teanga atá á chur i bhfeidhm faoi Acht na Gaeltachta, feictear dom gur fiú go mór cuidiú le hobair na heagraíochta”.

Bheadh an eagraíocht in ann a gcuid seribhísí “a threisiú le gníomhaíochtaí nua i nGaeltacht Chonamara” agus seirbhísí a chur ar fáil i nGaeltacht Dhún na nGall. Léirigh an deontas “tiomantas an Rialtais tacú go praiticiúil leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm”.