Poblacht lochtach

Is mór an bhearna anois idir poblacht agus neamhspleáchas


Faoin am gur ghéill muid neamhspleáchas eacnamaíoch an Stáit don Troika, dúirt iar-ionadaí dár gcuid i mórán fóram idirnáisiúnta rud a bhain preab asam.

“Is minic,” a dúirt sé “gur chuir rudaí a rinneamar díomá orm ach, den chéad uair, tá náire orm a bheith i m’Éireannach.”

É seo ó dhuine a raibh aitheantas bainte amach aige as a sheirbhís fhada dhíograiseach ar son na tíre.

Ag smaoineamh siar a bhí sé ar leathchéad bliain den mbriseadh croí a bhain le tógáil an Stáit agus go raibh sé sin imithe le fána ar mhaithe le saint an bheagáin.

READ MORE

Ní heisean amháin a mhothaigh creimeadh an éadóchais sin ina gcroíthe istigh.

Thosaigh go leor daoine ar cheisteanna bunúsacha a chur faoin Stát – fiú faoina raison d'être .

An raibh muid riamh nó an bhfuil muid anois ábalta ár dtír féin a rialú gan smacht eachtrannach? Arbh fhiú an braon?

I gceann cúpla bliain, beidh muid ag comóradh 100 bliain Éirí Amach 1916.

Tá sé in am slat tomhais na staire a tharraingt chugainn, a déarfá, ach dhealródh sé go bhfuil spéis níos mó sa rás chun sodar i ndiaidh na n-uasal ríoga ná sa díospóireacht ar chuspóirí na réabhlóide nár cuireadh i gcrích.

Cá seasann an Phoblacht, mar sin, tar éis an bhatair uafásaigh atá faighte aici le 20 bliain anuas – batar a leag trí institiúid mhóra?

Deacracht láithreach faoin gceist go measann a lán daoine, b’fhéidir tromlach, nach “poblacht” a bhí againn sa chéad dul síos. Más leor rialtas pobail seachas rialtas faoi rí, tá sé sin againn.

Ach, más ar shlat tomhais tréithre sainiúla clasaiceacha na Fraince a bhfuil achoimriú de sa mana “Libérté, Égalité, Fraternité” atáimid ag brath, tá easnamh ann.

Tugadh an oiread sin cumhachta, mar shampla, ar réimsí tábhachtacha den Stát don Eaglais Chaitliceach go bhfuil sé deacair anois easaontú le hargóint na nOráisteach gurbh ionann “Home Rule” agus “Rome Rule”.

Thóg sé mí-iompar dream beag cléireach agus creimeadh mall an chreidimh Chaitlicigh chun go dtuigfí an pointe.

Is sna blianta deireanacha seo atá an t-eolas rúnda scaoilte agus scála na faidhbe faoi ionsaithe gnéis aitheanta.

Tá an Eaglais Chaitliceach, a bhíodh ina chrann taca don Stát, anois ina heaglais faoi léigear agus de réir a chéile, scaoilfear pé greim atá fágtha aici ar réimsí stáit ar nós an oideachais. Chun a leasa féin a bheadh sé dá ndéanfaí an scaradh sin.

Crann taca eile den Stát ab ea Fianna Fáil a bhíodh mar rialtas chomh minic sin gur mheas cuid acu go raibh ceart diaga acu ar chumhacht.

Is beag a shíl siad go bhfágfadh páirtí Dev an tír briste agus “díolta leis na Gallaibh”. Ach sin díreach an rud a rinne siad.

Tubaiste thruamhéalach a bhí i dtoradh an toghcháin dheireanaigh don bpáirtí. In ainneoin na feirge tosaigh, áfach, is gairid cuimhne an vótóra más fíor don bpobalbhreith is déanaí.

Cúis iontais a bheadh ann dá n-éireodh leo teacht ar ais go dtí an leibhéal tacaíochta a bhíodh acu. Ach tá sé róluath d’Fhianna Fáil a bheith ag smaoineamh ar chumhacht arís.

Tá a lán daoine ag tacú leosan chun a míshásamh leis an Rialtas a thaispeáint. Cuirfear i gcuimhne don bpobal go rímhinic roimh an olltoghchán cé a bhí ar an stiúir nuair a cuireadh an “L.É. Éire” go grinneall.

An institiúid eile a chaill muinín iomlán an phobail ná córas na mbanc. Taobh amuigh de bheirt nó triúr, ní léir go bhfuil na daoine a bhí freagrach as an bpraiseach inár fágadh muid le híoc as. In aineoinn an ruaille buaille nuair a tuigeadh scála drochiasachtaí na mbanc ar dtús, cad atá againn mar thoradh?

Tá an meon céanna ag teacht chun cinn sna bainc arís agus gaimbíní na tógála ag cíoradh na hardchathrach chun tosnú as an nua.

Níl aon léamh eile ar na pobalbhreitheanna ná go bhfuil tubaiste ag fanacht leis an gcomhrialtas sa chéad olltoghchán eile, go háirithe Páirtí an Lucht Oibre. Inseoidh na toghcháin áitiúla agus Eorpacha scéal níos cruinne.

Cinnte, tá tuirse ar an bpobal a bheith ag síor-íoc fiach nach leosan. Ach faoin am go mbeidh toghchán ann, tá an Rialtas cinnte go mbeidh breis fostaíochta ann agus casadh ar an scéal a cheadóidh dó bronntanas beag a scaoileadh do na vótóirí díreach in am.

Má ghoilleann Fine Gael agus an Lucht Oibre ar na vótóirí, níl sé inshamhlaithe go dtabharfadh siad tromlach d’Fhianna Fáil nó do Shinn Féin.

Is í sin an fhadhb atá ag an bhfreasúra. Níl an pobal i ngrá le córas dian cánach an Rialtais ach tá muinín níos mó acu as ná mar a bheadh as aon dream eile.

San am céanna, muna dtig le SF dul chun cinn an-mhór a dhéanamh faoi réimeas a fhágann an chosmhuintir céasta ag cánacha, ní dhéanfaidh siad go deo é. Seo seans nach dtagann ach uair amháin.

Muna dtapaíonn siad an deis, beidh orthu fanacht tamall eile go dtí go mbeidh airí acu sa dá rialtas, thuaidh agus theas, chun go mbeidh siad ábalta á fhógairt go bhfuil Éire “cineál” athaontaithe acu.

Agus “de léim amháin tá ár laoch saor”.