Pléaráca na hardfheise

Is fusa ag polaiteoirí trup ná gníomh a dhéanamh

Ní raibh mé ag Ardfheis Fhine Ghoul an lá cheana, ach ní féidir a rá go bhfuil mé ag gol go fuíoch.

Is dócha dá bhfaighinn cuireadh ciumhaisórga, mála donn páipéir agus léine ghorm síoda go gcuimhneodh cuid díom air, ach ní hí an chuid sin díom a dhéanann aon mhachnamh.

Tréad
Ní cuid den tréad mé – ná de thréad ar bith eile – agus cuireann géimneach agus gogallach as dom dhúchas cathrach.

Ina choinne sin, ní féidir gan a rá nach bhfuil spraoi le baint aisti, mar a bhainfeá spraoi as cluiche sóisir iomána lá báistí in uachtar Liatroma.

Go deimhin, bheadh cúis mheanman éigin sa chluiche, mar ar a laghad bheadh dhá thaobh ann.

READ MORE

Is í an deacracht a bhaineann le feiseanna, idir ard agus íseal, ná go mbíonn na hearca luachra ar fad ag sleamhnú ar an mbileog iomainn chéanna.

Má tá an meafar sin ró-thrí chéile, b’fhéidir gurbh fhearr go mbíonn an port céanna á ghángarach ag cách.

Mar shampla de sin, thug an tAire Dlí agus Dásachta óráid uaidh ar “thrédhearcacht” agus ar a ngabhann léi, agus d’éirigh an slua aníos ó íochtar an urláir ina sheasamh, agus thug an bualadh bos is dual dó.

Tá sé furasta go leor bualadh bos a eagrú, gan amhras.

Níl le déanamh ach cúpla molt a phlandáil i lár an scuaid, agus nuair a phreabann siad sin, preabann gach duine eile.

Laethanta tromtheicniúla

Sna laethanta tromtheicniúla seo, áfach, ní chuirfeadh sé puinn iontais orm dá mbeadh gléas bualadhbosadóireachta in áit éigin ar chúl.

Ba dheacair a shéanadh gur slua é seo a raibh col éigin aige leis an earra sin a dtugtaí “fianaise” air, tráth.

Ba dheacra fós a shamhlú gur aithin oiread is neach amháin díobh cad is íoróin ann.

D’éirigh moladh eile aníos as an láib a thug le fios go bhféadfadh an páirtí eagrú agus seasamh sna contaetha sin soir-ó-thuaidh nach bhfuil réim acu iontu go fóill.

Deir mo chuid foinsí iontaofa san DUP agus i bpáirtí uaigneach Mike Nesbitt liom gur mó a chuireann seo sceimhle orthu ná aon bhagairt ón taobh thall den mhuir sheicteach.

Is maith mar a thuigeann siad an mant a bhainfí as an vóta dílis dá seasfadh páirtí dílis eile a raibh airgead ramhar laistiar díobh.

Ráfla
Bhíodh ráfláil éigin mar sin go n-eagródh Fianna Feall sna baill chéanna ar feadh tamaill.

Bhí sin amhlaidh gur shocraigh aingil bheannaithe na staire go raibh breis agus a ndóthain le scriosadh ó dheas acu seachas a gcuid saineolais a scaipeadh in áiteanna nach mbeadh fáilte roimhe.

Tá an chuma air nach páirtí é príomhpháirtí an rialtais a bhfuil mallacht na bpiseog idé-eolaíochtúla ag cur isteach orthu.

Ní fíor ar fad é sin, gan amhras, mar tá piseoga idé-eolaíochtúla chomh domhain le póca bhaincéara acu.

Níl ann ach nach dtógtar amach faoin ngrian iad, ach uaireanta faigheann tú radharc orthu ag an gcrosbhóthar um mheán oíche faoi sholas fann na gealaí nuair atá na faolchúnna nach bhfeictear faoi lánuaill.

Slabhra airgid a choinníonn gach páirtí polaitíochta le chéile, agus san áit a bhfuil clingireacht an scipéid bíonn seomra dúnta i ngar dó.

Cibé ní eile is adéarfaí faoin Taoiseach, tá cion thar chách ag na fíréin air.

Tá na sceana ar ais ina dtruaill acu, tá nimh na mbuidéal ar an tseilf is airde. Is é gaiscíoch na huaire é, curadh an ama, laoch na linne i láthair.

Giolla mear
Is é an buachaill bán é, an giolla mear, planda den fhineghael chalma.

Is é eagla a bheadh ort dó, áfach, gur geall le balsamú na gártha molta agus an sléachtadh kimyongunúil mar nach fios cad iad na scamaill atá ag bailiú sna spéartha aniar aneas aduaidh.

Is cuimhin linn Taoisigh ar ghuaillí cheana, iad á n-iompar mar osdaoine amach as an halla, á scuabadh leo fad is a bhí na duilleoga pailme á leagadh ag a gcosa.

Is ar muin asal a bhí siad, áfach, agus an té a bhí ina leon laochda lá amháin ba leamhsaire agus leibide é an lá dar gcionn.

Tá liosta agam, má tá sé uait.

Chonacthas cuid de na scamaill sin nuair nuair ba chóra an ghlóir a bheith in airde láin.

Ní hé gur cheart an iomad scime a dhéanamh d’aon phobalbhreith amháin, ach ghluais tacaíocht riopáfachaí an rialtais le fána mar a ghluaisfeadh sleamhnánaí síos siút in Sochi de réir suirbhé MillwardBrown ag an deireadh seachtaine.

Tá an chuma air gur iarmhairt í sin d’amhras na bugaireachta ar oifig ombudsduine an Gharda, den tslí ghránna ar caitheadh leis na fuisilséideoirí, den cheo daíochta a scaipeadh chun mearbhaill a chothú, agus d’iompar an Aire Dlí agus Dásachta a mbíonn miongháire ar a aghaidh a scoiltfeadh crann.

Is é lomchlár na fírinne, áfach, nach bhfuil an scannal áirithe seo chun imeachta go ciúin.