Peadar agus Lenin

D’fhiafraigh Shakespeare: “What is the city but the people?”


Ar thug tú faoi deara go bhfuil na laethanta ag dul i ngiorracht cheana féin?

D’iompaigh an bhliain níos lú ná seachtain ó shin, agus tá na comharthaí le feiscint go soiléir, an broc ag ullmhú le dul faoi, an mathún bán ag faire na gcnoc oighir.

An brothall féin imithe soir agus na néallta ag bailiú isteach ón muir mhór bhagarthach.

Ach ná bímis míbhuíoch fad is atá daoine amuigh ansin ag tabhairt aire dúinn, na neacha is fearr eolas i gceannas orainn, na saineolaithe is gaoismhire amuigh ag léamh na nduilleog tae níos fearr ná éinne eile.

READ MORE

Ní baol dúinn fad is go ngluaiseann an ghrian sin soir siar agus gur féidir í a chomóradh nuair is airde í sa spéir.

Ní móide go raibh dream ar bith i dtuaisceart an domhain nár dhein comóradh de shaghas éigin nuair a bhí an ghrian ar a bior in airde láin.

Tá fós thar a bheith láidir mar dheasghnátha sna tíortha Lochlannacha.

Bhíodh ár gcuid féin againn idir thinte cnámh agus ar lean iad sa scrobarnach, ach d’imigh sin, agus d’imigh sin.

Ní nós feasta mná draíochta ná fir dá réir a chur chun tine, bíodh go mbeadh a liosta féin ag cách dá mairfeadh an cleachtadh.

Is inchuimhnte go mór casadh na bliana in áiteanna eile, áfach. Ráinig mé i gCathair Pheadair suim bheag de bhlianta ó shin nuair a tharla grianstad an tsamhraidh.

Ní hí cathair Pheadair na Róimhe atá i gceist agam leis seo ach St Petersburg na Rúise, a bhfuil aithne ag cuid againn air mar Leningrad, agus a mbíodh Petrograd, leis, uirthi ar eagla na heagla.

D’fhiafraigh Shakespeare, nó carachtar dá chuid in Corialanus: “What is the city but the people?”

Ní chuirfinn bréag ar an mbard, is fíor, ach is smut den fhírinne é.

Duine ar bith a shiúil na sráideanna i gcathair mhór ar bith i gcoim na hoíche, nó a chodail lasmuigh i gcúinne dorais, beidh a fhios aige go bhfuil pearsantacht na háite sin ina brat mórthimpeall air.

Ní hiad na clocha féin, ná na foirgnimh atá ag caint leat, ach gach ar tharla riamh ann. Go deimhin, d’fhéadfadh coiscéimeanna na ndaoine mothú sin na n-iomad taibhsí a mhúchadh.

Domhsa, b’iad na deicheanna sin de mhílte bochta a bhí im ghaobhar, na deicheanna de mhílte a sclog den sclábhaíocht nuair a bhí cathair álainn St Petersburg á tógáil.

Iad seo ar scáth ghlóire Pheadair Mhóir, an tImpire nó an Tsár lofa ar theastaigh fuinneog farraige uaidh i dtreo na hEorpa. Fairis sin, na milliúin eile a fuair bás nuair a bhí faoi léigear ag an nGearmáin agus ag an bhFionlainn sa chogadh mór barbartha cheana.

Fós féin tagann formhór an phobail amach ar na sráideanna an lá is faide sa bhliain agus leanann cóisir go dtí nach dtagann an oíche, mar an contráth féin ar éigean go dtagann. Iad ag ceol, ag rince, ag gáire, ag déanamh gairdeachais ar son na beatha, ag fógairt an gheimhridh uathu.

Anois is arís, iad ag liúirigh lena raibh de ghuth fanta acu, ‘Píotar, Píotar, Píotar!’ mar ghairm chomóradh na cathrach. Ba dheacair a leithéid a shamhlú anseo.

I rith an lae fhada sin agus le linn na hoíche gile ba dhóigh leat nár bhain an chathair leis an bPeadar barbartha a chuir á déanamh, ná leis an deachtóir eile Lenin a thug a ainm don áit ar feadh tamaill ach an oiread.

Ba leis na daoine sin í, arb iad an chathair iad nuair ba láidre an lá agus ba laige í an oíche.