Oileán agus oileán eile

Tá athrú chun feabhais – don chuid is mó – ar an chaidreamh idir Éirinn agus an Bhreatain


Tá clár dian oibre roimh an Uachtarán Ó hUiginn agus a bhean inniu ar a gcuairt ar Londain.

Beidh sé ag bualadh le hoibrithe Éireannacha ann agus tá a thaithí féin aige ar an deoraíocht thall.

Níl duine níos fearr a thuigeann an caidreamh aisteach idir pobal na Breataine agus muid féin ná Michael D.

Mar ionadaí pobail i nGaillimh, is maith a thuig sé coincheap an “dá bhaile” a d’fhág tithe beaga Chonamara gan fir ar feadh cuid mhór den mbliain. Is i mbailte Shasana a bhíodh siadsan ag obair ar láithreáin tógála agus ar na bóithre.

READ MORE

Bhíodh a leithéid de scéal eisimirce ag gach contae sa tír. Is iad na hÉireannaigh a rinne cuid mhór den atógáil tar éis an chogaidh agus bhíodh daor ar shláinte coirp agus intinne go leor acu.

Tá an saol dearóil sin agus an cruatán a bhain leis breactha síos go healaíonta ag Dónall Mac Amhlaigh ina leabhar Dialann Deoraí .

Léigh a lán daoine an leabhar sin agus is as a fuair siad léargas ar an díphréamhú síceolaíoch a bhain leis. Saol na hainise a bhíodh ann ag an dream a d’imíodh.

Thagadh na hÉireannaigh le chéile mar a bheadh caoirigh iontu i dtír a bhíodh naimhdeach go minic – “drannadh an mhadra nó gáire an tSasanaigh” a deirtí.

Is é a gcultúr féin a bhíodh mar dhídean acu in aghaidh meoin a bhíodh go hoscailte ciníoch.

An teachtaireacht chlúiteach a bhíodh rompu go minic ná “No blacks, no dogs, no Irish” agus chaitheadh siad a gcuid ama ag obair go crua, ag ól go trom agus ag cur airgid abhaile.

Nuair a chuireadh Mac Amhlaigh síos ar lucht Chonamara ag labhairt Gaeilge le chéile thall an t-am ar fad shíl mé gur áibhéil a bhí ann. Ansin tháinig mé féin air gan choinne.

Tráthúil go leor i bhfianaise na cuairte seo, bhí mé ag dul thar Buckingham Palace go mall oíche amháin sna 1980idí agus bhí soilse móra curtha suas agus dírithe ar pholl tochailte i lár an bhóthair.

Bhí fear amháin ar an mbruach cré in aice leis an bpoll agus é ag labhairt le fear éigin eile a bhí chomh domhain sin ann nach raibh a chloigeann le feiceáil.

Go tobann, chuala mé ó thóin an phoill “Caith anuas an buicéad sin” i nGaeilge ghlan dhúchasach Chonamara.

Cúis miongháire nuair a chuimhnítear ar chomh fada siar agus a théann an t-aistriú daonna céanna seo.

Nár chuir Shakespeare "Calen o Casture me" (Cailín ó Chois tSiúire mé) mar chineál raiméise i mbéal duine dá charachtair i Henry V ? Anois cá bhfuair sé é sin?

D’éirigh saol agus stair an dá mhuintir fite fuaite ina chéile thar na céadta agus thug gach 100 bliain acu sin a thubaiste agus a thragóid fhuilteach féin leis.

Dá bhfanfadh na Gaeil mar fhochine bocht cloíte den impireacht, dar leis an gcoróin, bheadh go maith.

Ach, a luaithe agus a thosaigh na sclábhaithe ag éirí amach agus, go háirithe, ag déanamh comhcheilge le tíortha cumhachtacha eile, bhí scéal eile ann.

D’fhás naimhdeas fíochmhar a thug leis uafás brúidiúil, cuimhne nimhiúil eile – go dtí Cogadh na Saoirse.

Fiú nuair a baineadh conradh as an mBreatain a bhunaigh saorstát, fágadh gnó neamhchríochnaithe an Tuaiscirt – gnó nach bhfuil socraithe fós.

Ach ar a laghad, tá modh oibre nó plean ann a fhágann nach i bhfuil a scríobhfar an chaibidil dheireanach den scéal ach go síochánta.

Is i spiorad na síochána atá cuairt seo an Uachtaráin agus mar cheiliúradh ar an méid a rinne an Bhreatain d’Éireannaigh agus ar an méid a rinne Éireannaigh don mBreatain.

Tá iarsmaí den tseanchiníochas le fáil fós sa mBreatain, na scéalta grinn faoin bPáidín bómánta, an t-amhras faoi chúrsaí sceimlitheoireachta, cáil an drabhláis agus droch-chlú na trodaireachta.

Ach is mór idir na créatúir a rinne sclábhaíocht ar na láithreáin tógála ar scríobh Mac Amhlaigh fúthu agus na hÉireannaigh óga atá thall ansin anois.

Deirtear go bhfuil an City, ceantar mór airgeadais agus IT Londan, lofa le canúintí Éireannacha agus go bhfuil sé sin coitianta i mórán réimsí proifisiúnta eile ar fud na tíre.

Ní fhéadfaí cuairt mar seo a shamhlú 20 bliain ó shin. Is léiriú í ar cheachtar de dhá rud: aitheantas nua gur ar scáth a chéile a mhairimid san Aontas Eorpach nó b’fhéidir gur cuma leis an nglúin seo mórán faoi rudaí a shíleamar a bheith ina bprionsababail thábhachtacha roimhe seo.

Maidir le rún Martin McGuinness bheith i láthair ag féasta Windsor, is trua nár mhair Michael Browne, méara SF Chaisil a cáineadh as lámh a chroitheadh leis an mbanríon chéanna anseo, chun é a fheiscint.