Nollaig shona agus Bliain Úr faoi mhaise

De bharr laethanta saoire na Nollag, is í seo Tuarascáil dheireanach na bliana.

Beidh an colún ar ais – slán beo a bheas muid – Dé Luain 2ú Eanáir, 2017.

Bíodh is go bhfuil an Ghaeltacht bheag seo de cholún againn leath chomh mór agus a bhí sí ag tús na bliana, ní thiocfadh liomsa é a chur ar fáil gan cuidiú mórán comhghleacaithe cineálta.

Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil leis na daoine sin ar fad – sna heagraíochtaí teanga agus sa státseirbhís – a chuir an dua orthu féin ráiteas a chur ar fáil nó ceist a fhreagairt le linn 2016.

READ MORE

Lena chois sin, ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach scríbhneoir a chuir ábhar ar fáil. Is mór an tógáil croí é go bhfuil an oiread sin laochra ann atá sásta obair a dhéanamh ar son na cúise!

Gabhaim buíochas fosta leis na léitheoirí a bhí cineálta go leor le dul i dteagmháil liom agus aischothú a chur ar fáil. Go raibh míle maith agaibh uilig go léir.

Tá bliain eile iriseoireachta agus léitheoireachta chun críche. Ní fada uainn bliain úr agus an deis a thuilleadh iriseoireachta a dhéanamh.

Idir an dá linn, Nollaig shona. Fágaim an focal scoir faoi Mháire Mhac an tSaoi:

Le coinnle na n-aingeal tá an spéir amuigh breactha,

Tá fiacail an tseaca sa ghaoith ón gcnoc;

Adaigh an tine is téir chun na leapa:

Luífidh Mac Dé ins an teach seo anocht

póm

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times