Nano Reid – físí fileata nach bhfuair aitheantas mar ba cheart

Athraíonn an tslí a bhraithimid i leith saothair ealaíne thar am. Sampla maith is ea saothar ealaíne an phéintéara Nano Reid (1900-81). Cé go n-áirítear Reid inniu i measc na n-ealaíontóirí Éireannacha is fearr, go háirithe i rith na 1930í agus na 1940í, níorbh amhlaidh an scéal agus í beo.

Eagraíodh trí thaispeántas iardhearcacha ar a saothar ó fuair Reid bás sa bhliain 1981 ach ba bheag an t-aitheantas a fuair sí ina tír dhúchais ná go hidirnáisiúnta agus í ag saothrú léi go dian.

Cuid den easpa aitheantais sin, is dócha gur bhain sé le pearsantacht Reid féin. Ba dhuine ciúin cúthail í den chuid is mó, duine nár spéis léi í féin a chur chun cinn, duine a bhí amhrasach i dtaobh na féinbholscaireachta.

I nDroichead Átha, Contae Lú, a tháinig Reid ar an saol sa bhliain 1900; ba í an duine is sine de cheathrar clainne í. Bhí an teaghlach go maith as, lucht gnó a mba leo tithe tábhairne i nDroichead Átha agus i mBaile Átha Cliath ab ea iad.

READ MORE

Cuireadh oideachas ar Reid go háitiúil i gClochar Siena, i nDroichead Átha. Tar éis di críochnú ar scoil, chinn sí dul leis an mbanaltracht ach níor thaitin sin léi agus d’fhill ar an mbaile arís. Ba é an sagart paróiste áitiúil a d’aithin bua ealaíne Reid agus a chur ina luí ar a tuismitheoirí go mba cheart di freastal ar scoil ealaíne.

D’fhreastail Reid ar an Metropolitan School of Art, i mBaile Átha Claith agus Harry Clarke i measc na dteagascóirí aici.Ba sa bhliain 1925 a taispeánadh saothar Reid den chéad uair san Acadamh Ríoga Ibeirneach, mar a léiríodh léaráidí a tharraing sí le dul in éineacht le trí dhán. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, lean Reid an chuid is mó dá comhealaíontóirí Éireannacha agus thug aghaidh ar Pháras. Cé gur thaitin l’Academie de la Grande Chaumiere le Reid, níor chaith sí ach cúpla mí ann.

Seachas bliain amháin a chaith Reid ag staidéar sa Polytechnic Chelsea,Sasana, idir 1929 agus 1930, tréimhse inar bhraith sí uaigneach agus míshocair inti féin, chaith Reid an chuid eile dá saol in Éirinn. B’fhoinse inspioráide é Iarthar na hÉireann di, mar ar phéinteáil sí tírdhreacha uaigneacha, tithe feirme tréigthe agus sclábhaithe áitiúla i mbun oibre.

Ba mhór aici a ceantar dúchais leis, stair agus seandálaíocht Ghleann na Bóinne, go háirithe. Bhí stíl phéintéireachta neamhghnách, neamhthraidisiúnta agus fódúil ag Reid agus tá gné spontáineach agus páistiúil beagnach le sonrú uirthi. Sa bhliain 1934 a eagraíodh a chéad taispeántas aonair i gCumann na bPéintéirí, Baile Átha Cliath, i bhFaiche Stiabhna.

I ndiaidh an chogaidh, chuir Reid fúithi i gCearnóg Mhic Liam, mar ar thóg sí isteach fir óga mar lóistéirí, filí óga cumasacha, an file dátheangach clúiteach Pearse Hutchinson agus Sam Harrison ina measc. Ó na 1940í ar aghaidh, bhí lé faoi leith ag Reid le stíl mhothúchánach an eispriseanachais agus an buille scuaibe sainiúil sin a thug amharc anuas di.

Díol suntais gurb iad ealaíontóirí an Tuaiscirt a chuaigh i bhfeidhm go mór ar Reid ó thaobh tionchair agus stíle de, leithéidí Dan O’Neill, Gerald Dillon (ba dhlúthchara le Reid é ar feadh na mblianta) agus George Campbell. Thaitin saothar ealaíne Reid go mór leis an scríbhneoir Árannach Liam Ó Flaithearta agus dúirt Seán Ó Faoláin fúithi gur físí fileata ab ea í.

Ach fós féin, ní raibh lucht critice na príomhchathrach róthógtha le péintéireacht Reid. Bhí an lucht critice céanna thar a bheith coimeádach agus paróisteach, is cosúil, agus seans go raibh Reid, a mba bhall den ghrúpa ealaíontóirí radacach The White Stag í, ró-nua-aoiseach agus chun tosaigh orthu ó thaobh stíle de.

Bhain Reid aitheantas tábhachtach amach faoi dheireadh sa bhliain 1950 nuair a roghnaíodh in éineacht le Norah McGuinness í mar ionadaí na hÉireann ag Biennale na Veinéise. Ina ainneoin sin, áfach, ba bheag an cur amach a bhí ar shaothar Reid go hidirnáisiúnta sna blianta a lean.

Fiú in Éirinn féin, ní bhfuair Reid mórán aitheantais lasmuigh de chiorcail ealaíne bheaga na hÉireann. D’fhill sí ar Dhroichead Átha is chuaigh chun cónaithe lena beirt deirfiúracha i 1962.

Mar ealaíontóir, bhí stíl phéintéireachta Reid instinneach agus leanbaí beagnach. Ina ainneoin sin, aithnítear anois í mar uiscedhathathadóir den scoth. Bhí saol fada táirgiúil ag Reid agus d’fhág sí corpas ealaíne ina diaidh a bhfuil fís phearsanta shainiúil ar thírdhreach Éireann a linne mar oidhreacht againn.