Na Tamalaigh agus a dtodhchaí

BEOCHEIST: NÍOS MÓ ná bliain ó shin cloíodh éirí amach na dTíogar Tamalach i Srí Lanca

BEOCHEIST:NÍOS MÓ ná bliain ó shin cloíodh éirí amach na dTíogar Tamalach i Srí Lanca. Sheas ceannaire na dTíogar, V. Prabhakaran, agus a chuid trodairí deireanacha an fód i gcoinne arm an rialtais. Rinneadh ár orthu sa chath, agus ag an am céanna maraíodh agus gortaíodh na mílte sibhialtach Tamalach a bhí sáinnithe i Vanni, an réimse talún a raibh na fórsaí míleata in aighneas faoi.

Agus an bua sin faighte acu, tá cead a gcinn ag rialtas an uachtaráin Shiolónaigh M. Rajapaksa anois. Tig leo na Tamalaigh a chur faoi chois leis an láimh láidir. Tá siad ag caitheamh go dona leis na daoine atá mar chimí acu sna campaí géibhinn ach go háirithe. Ach ní thuairiscítear an méid seo de ghnáth sna meáin idirnáisiúnta. Measann lucht an Iarthair go bhfuil an fhadhb i Srí Lanca “réitithe” le deireadh an chogaidh chathartha agus go bhfuil “síocháin” ann anois.

Ach cad mar gheall ar na deoraithe Tamalacha atá ina gcónaí thar lear? Conas a fheiceann siad a dtodhchaí féin agus todhchaí Shrí Lanca?

Tá Tamalaigh scaipthe ar fud na cruinne faoi láthair. Tá cuid mhaith acu ar Mhór-Roinn na hEorpa: san Eilvéis; sa Ghearmáin agus san Fhrainc. Sin iad na daoine nach raibh mórán Béarla acu agus iad ag teitheadh as a dtír. An élite a bhfuil Béarla líofa acu, d’imigh siad go Londain agus go Toronto (áit a bhfuil an mhórchuid díobh ina gcónaí faoin láthair). Tá cuid acu in Éirinn, fiú.

READ MORE

Le déanaí bhí vótáil ar siúl i measc na bpobal Tamalach sna tíortha éagsúla do pharlaimint agus rialtas trasnáisiúnta (transnational government) a bheidh lonnaithe sna Stáit Aontaithe. Táthar ag súil leis go nglacfaidh rialtais an Iarthair leis an ghrúpa seo mar ionadaí Thamalaigh Shrí Lanca.

Is amhlaidh go bhfuil dóchas acu go fóill go mbainfidh siad saorstát Tamalach amach luath nó mall. “Teastaíonn uainn go gcuirfeadh na Náisiúin Aontaithe a ladar isteach,” a dúirt Arul, fear meánaosta, liom. “Bhronn siad saoirse ar an Chosaiv agus Tíomór Thoir, cén fáth nach ndéanfaidh siad an rud céanna dúinne?”

Tá daoine eile ann nach bhfuil chomh dóchasach. “An dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí riamh i Srí Lanca?” arsa Naren, fear atá timpeall 40 bliain d’aois, pósta agus clann aige. “Táimse ag feitheamh le 20 bliain chun go n-éireodh an scéal níos fearr. Anois níl dóchas agam a thuilleadh. Tá rudaí níos measa i Srí Lanca ná mar a bhí riamh. Deir mo thuismitheoirí liom gan teacht ar ais!”

Tugann a bhean siúd Nisha, atá thar lear le hocht mbliana anois, dearcadh éigin ar an tslí ina bpléann na mná leis an deoraíocht. Ar sise: “Tá mé sásta anseo anois, ach ar dtús bhí sé deacair go leor dom, mar tháinig mé anseo chun bheith pósta agus ní raibh teagmháil agam a thuilleadh le mo mhuintir mar a bhíodh sa mbaile. Anois tá go leor daoine againn beirt anseo chun bheith ag dul ar cuairt chucu.” Is beag an fonn atá uirthi dul ar ais go dtí a tír dhúchais. “Tá eagla ann i Srí Lanca,” ar sise go gonta.

Deir Sri, comhairleoir inimirceach: “An chuid is mó de na daoine a bhfuil aithne agam orthu, tá sé ar intinn acu fanacht san Eoraip. Go mórmhór an t-aos óg, mar tá siad lonnaithe anseo le fada anois, agus níl an oiread sin ar eolas acu faoi Shrí Lanca.” Leoga, tá an mothú ag a lán Tamalach fásta go bhfuil siad ag cailliúint a bhféiniúlachta agus a gcultúr agus iad thar lear. Arsa Sri: “Má éiríonn leat dul ar ais go Srí Lanca ar saoire, is amhlaidh go mbíonn cuma tíre eachtrannaí ar an áit.”

Insíonn Sunthar, bainisteoir i gcomhlacht teicneolaíochta, dom faoi bhlianta an éirí amach: “Is cinnte go bhfuair na Tíogair tacaíocht ón phobal Tamalach. Sin an fáth gur éirigh leo ar feadh na mblianta. Ní féidir a rá gur sceimhlitheoirí amháin a bhí iontu. Gluaiseacht neamhspleáchais a bhí iontu. D’fhorbair siad na réimsí sa tír a bhí faoi smacht acu le linn an chogaidh. Cé go bhfuil deireadh leis na Tíogair anois, tá gréasán againn atá ag feidhmiú go fóill ar fud an domhain. Táimid ag taispeáint anois gur féidir linn bheith daonlathach, agus an rialtas nua, an rialtas trasnáisiúnta á thoghadh againn. An rud a bhí ag teastáil ón domhan – sinne Tamalaigh ag glacadh leis an daonlathas – sin atá ar siúl againn faoi láthair. Ní fheadar an mbeidh an domhan sásta anois rud éigin a dhéanamh dúinne?”

Tá dearmad déanta ag an domhan ar Shrí Lanca, de réir dealraimh. Ach níl fadhb náisiúnta an oileáin sin réitithe agus ní dócha go mbeidh go dtí go ndéanfar síocháin chothrom idir an dá phobal ann. Ba chóir go gcuirfeadh na Tamalaigh a fheicimid ar shráideanna na hEorpa an méid sin i gcuimhne dúinn.